Top Issue 1-2024

5 August 2013 Edition

Resize: A A A Print

Scéal TG4 leiriú eile de neamhshuim an rialtais

NÍL aon argóint faoi ach sé TG4 an bealach telefíse is fearr in Éirinn. Cé go bhfuil buiséad an stáisiún srianta go mor, tá saibhreas cláchacha dhá gcur amach aige a chuireann náire ar RTÉ, UTV, TV3 is ar oile.

Ach ní hamháin go bhfuil éacht déanta cheana féin ag an stáisiún ach tá pleananna fiúntacha aige le cur leis sin agus tuilleadh cláracha den scoth a dhéanamh.

Le deireannas tá plean straitéise don chúig bhliain seo chugainn curtha faoi bhráid údarás Craolacháin na hÉireann ina lorg an stáisiún maoiniú breise.

Tá sé cruthaithe acu go mbainfear leas fiúntach as aon mhaoiniú breise, ach tá an rialtas ag diúltú glan aon airgead breise a chur ar fail.

Dúirt an tAire Pat Rabbitte go bhfuil sé den tuairim go ndéanann an stáisiún jab maith agus nach bhfuil sé i gceist aige an t-airgead a fhaigheann siad a laghdú, ach go gcaithfidh said pleanail don todhchaí ag an leibhéal maoinithe atá ann faoi láthair.

Tá an t-aire ag brath ar thuairisc de chuid na gcuntasóirí Crowe Horwarth a deir go mbeadh an €11.5m a d’iarr an stáisiún ró-chostasach.

Ag an am céanna tá Crowe Horwarth den tuairim go bhfuil cás maith ann sciar den airgead poiblí a chaitheamh le stáisiúin tráchtála.

Agus molann Crowe Horwarth gur chóir go rachadh TG4 níos gaire do RTÉ, le costaisí a laghdú.

Thar aon rud eile léiríonn an moladh seo nach bhfuil tuiscint dá laghad ag Crowe Horwarth ar shaol na Gaeilge, mar níl spéis dá laghad ag RTÉ sa teanga nó iontú siúd a labhraíonn í. A chruthúnas sin ná go bhfuil cláracha Gaeilge nach mór díbrithe amach ó sceidil RTÉ, and na cláracha sin le fáil ar Raidió na Gaeltachta is TG4 amháin.

Ní hé Pat Rabbitte is measa (i gcomparaid mar shampla le Ruairí Quinn), ach leiríonn an scéal seo nach bhfuil aon spéis ag an rialtas nó ag an Labour Party sa nGaeilge.

Ach sí an cheist mhor í ná céard a dhéanfaidh lucht labhartha na Gaeilge faoi?  Fanacht ciúin is umhal ag lorg deirce go foighdeach?  Nó an mbainfidh muid bhótaí óna páirtithe sin nach mbacann linn?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland