Top Issue 1-2024

5 August 2013 Edition

Resize: A A A Print

Laethanta Deiridh an tSeanaid?

An mbeidh deireadh leis an Teach Uachtarach faoi cheann cúpla mí?

Is uirlís í an tSeanaid lenar bpolaitíocht a fhorbairt agus muna mbíonn sí ann, caithfidh muid sin a dhéanamh ar bhealach ar bith eile gur féidir linn

BHÍ rud éigin ósréalaíoch ag baint leis an choicíos deireadh sa tSeanad roimh sos an tSamhraidh. ‘Stoirm Fhoirfe’ a bhí ann ar bhealach, agus muid ar bord an Titanic b’fhéidir!

Bhí clampar ann de bharr go raibh muid ag plé dhá bhille a bhí an-chonspoideach ina mbealai féin. Bhí an Bille um Cosaint na Beatha le Linn Toircheas i mbéal an phobail le scaitheamh roimhe sin sa Dáil agus bhí an bille eile maidir le reifreann a ghairm faoi thodhchaí an tSeanaid ag cur Seanadóirí go leor le báiní ag an am chéanna.

Ba truamhéileach an rud é gurb é geaitsaíocht agus galamasaíocht roinnt Seanadóirí glóracha a bhain na cinnlínte amach san meáin. Tuigeann muid ar fad gur beag suim atá ag an gnáth dhuine in imeachtaí an tSeanaid, ach is mor an trua gurb é an príomh léargas a bheidh acu ar an obair a dhéantar ann ná iompar mire David Norris agus caint náireach leithéidí Jim Walsh agus Brian Ó Domhnaill maidir le cúrsaí ginmhillte.

Chuir Sinn Féin cás láidir chun cinn le linn na díospóireachta maidir le leasú an tSeanaid, le go mbeadh sé ionadaíoch ar phobal uile na hÉíreann, seachas a bheith comhdhéanta d’aicmí áirithe den sochaí agus ciorcail órga agus polaitiochta na tíre. Ach, ní raibh an Rialtas ag éisteacht.

Ceist amháin a bheidh le cur ar an bpobal anois ag tús mí Dheireadh Fómhair, sin ar chóir an Seanad a choinneáil díreach mar atá, nó fáil réidh leis? Tá Ard Chomhairle Sinn Féin tar éis machnamh a dhéanamh ar an gceist agus nochtófar seasamh an pháirti go luath - ach is deacair dúinn troid ar son teach atá chomh éagcothrom ó thaobh ionadaíochta de agus nach bhfuil ról sonrach aige maidir le scrúdú reachtaíochta.

Is beag suim a bheidh sa bhfeachtas measaim. Sílim go mbeidh líon na vótóirí an-íseal. Beidh reifreann eile ar an lá ceanna is cósúil chomh maith, nach bhfuil aird ar bith tugtha fós air, sin le Cúirt Nua Achomharc a bhunú chun cuid den bhrú a bhaint de chóras na gcúirteanna agus tacú le brostú ar achomharc ar chásanna ó na cúirteanna cuarda agus ón ardchúirt agus gan an chúirt uachtarach amháin a bheith freagrach as seo.

Rinne an díospóireacht faoin mBille um Cosaint na Beatha dochar d’Fhianna Fáil, sa Seanad ach go háirithe. Bhí binibeacht le brath i gcuid mhaith den chaint ó na Seanadóirí is coimeadaí acu. Ní raibh ach triúr acu a bhí ar son na reachtaíochta – Ned O’Sullivan, Mary White agus Averil Power. Cé gur chuir a gceannaire sa Seanad Dara O’Brien uisce slán idir é féin agus ráitis ó Walsh ach go h-áirithe, vótáil seisean i gcoinne na reachtaíochta chomh maith. Léiriú eile ar chomh scaipthe is a bhíodar ar an gceist seo agus a laghad measa a bhí ann do sheasamh Mícheál Martin.

Ach, tá siad aontaithe maidir leis an Seanad. Tá siad i gcoinne fáil réidh leis. Gan dabht tá, nach é Dev a leag amach é mar atá sé. Sin é an fáth a bhfuil sé chomh neamhionadaíoch is atá. Agus in ainneoin  aon tuarascáil déag éagsúil a rinne moltaí chun athchóiriú a dhéanamh ar an Teach Uachtarach, ní dhearna Fianna Fáil, ná Fine Gael agus an Lucht Oibre nuair a bhíodar i Rialtas tada chun an leasú a theastaigh a chuir i bhfeidhm.

D’oir sé dóibh an status quo a choinneáil – ‘jabanna do na cáirde’ a roinnt amach. Níor theastaigh uathu go mbeadh aon ról dáiríre ag Seanad Éireann a thabharfadh dúshlán an ‘Establishment’ ná aon Rialtas a bhí i mbun cumhachta. Bhí neart caint acu, ach is beag gníomh a bhí mar thoradh air.

Cé gur vótáil an Lucht Oibre ar son an reifrinn ‘chun deis a thabhairt don phobal a dtuairim a nochtadh’, deir a gceannaire sa tSeanad, Ivana Bacik, go mbeidh siadsan ag stocaireacht chun é a choinneáil. Scoilt mar sin idir pháirtithe an Rialtais ar an gceist is cosúil.

Beidh maithe agus móruaisle ag labhairt ar son an tSeanad a choinneáil chomh maith. Ach, don gnath dhuine atá ag dul i ngleic le deacrachtaí dífhostaíochta, imirce, sláinte is araile, is beag suim a chuirfidh siad sa gceist.

Ó mo thaobh féin di, fad is atá sé ann, úsaidfidh mé mo ról sa Seanad le h-áird a tharraingt ar cheisteanna cothromaíochta, tuaithe, teanga agus pobail – agus chun  polasaithe Sinn Féin a chur chun cinn. Seasfaidh mé ar son muintir na Gaillimhe agus an Iarthar chomh maith agus atá mé in ann. Sin an dúshlán atá againn mar ionadaithe poiblí. Is uirlís í an tSeanaid lenar bpolaitíocht a fhorbairt agus muna mbíonn sí ann, caithfidh muid sin a dhéanamh ar bhealach ar bith eile gur féidir linn.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland