Top Issue 1-2024

17 July 1997 Edition

Resize: A A A Print

Taibhse nach ndíothófar go héasca

Níos luaithe i mbliana tháinig dornán sóisialaithe ó bPortaingéil, ón Danmhairg agus ón Isiltír le chéile sa Bhruiséil d'fhonn iris Bhéarla nua a bhunú le teachtaireacht na heite clé a scaipeadh ar scála Eorpach.

Tá an chéad eagrán den iris tagtha ar aon saol anois. Spectre is teideal di. (``Tá an Eoraip á taithiú ag taibhse...'' ``A spectre is hauting Europe...'' Geddit?)

Ar na scríbhneoirí sa chéad eagrán tá an drámadóir Harold Pinter (a ghlac páirt mar aisteoir i séasúr dá chuid drámaí in Amharclann an Gheata, Baile Atha Cliath, le déanaí) agus é ag cur síos ar chumhacht na Stát Aontaithe. Cíorann Ken Livingstone FP polasaí Pháirtí Lucht OIbre na Beataine faoin Aontas Eorpach. Scríobhann iriseoir Eimineach/Yemani, Mohamed Bensaada, faoin Ailgéir (agus faoi mar atá drochtionchar ag polasaithe an AE sa tír sin) agus pléann cherllyn Humphreys forleathnú Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh/NATO in oirthear na hEorpa.

Tá agallamh ann le Jan Marijinissen, feisire parlaiminte sóisialach san Isiltír. Ar na hábhair eile faoi chaibidil in Spectre tá polasaithe impair an AE, tionchar na trádála idirnáisiúnta ar mhná, an t-aireagra nua atá beartaithe (an tEora), an rialtas nua sa Bhreatain agus an staid ph0olaitiúil sa Pholainn.

Cuirtear Spectre i gcló i gclólann Phairtí Sóisialach na hIsiltíre in Rotterdam. Tá inchur ann freisin ó Pháirtí Cumannach na Portaingéile, Comhaontas Dearg-Glas na Danmhairge agus Páirtí Clé Radacach na Polainne chomh maith le heagraíochtaí comhshaoil agus comhdhlúthaíochta.

Tá níos mó ná ardán tuairimíochta i gceist ag Spectre. Glacann sé seasamh an-chinnte faoi chúrsaí an Aontais Eorpaigh. Tá an seasamh sin spéisiúil ó tá lucht eagarthóireachta na hirise ina gcónaí agus ag obair i gcroílár na hollphéiste sa Bhruiséil. Feictear dóibh gur club rachmasóirí é an AE.

Deir Eagarthóir Spectre, Steve Griffin: ``The idea that you could somehow go along with Euro-federalism on the ground that it would lead inexorably to a United Socialist States of Europe is so utterly misguided it's hard to believe that anyone, let alone experienced politicians could ever take it seriously.''

Reachtáltar an AE ar mhaithe le corporáidí ilnáisiúnta agus daoine atá faoina gcumaoin, dar le Spectre. Cuireann an iris in éadan aontas airgeadaíochta mar nach mbeadh de thoradh air sin ach dífhostaíocht ar an mórchóir, lárnú ar mhaoin agus ar chumhacht i limistéir ar leith agus bearna níos mó fós idir saibhir agus daibhir. Scriosfaí córais leasa shóisialaigh agus beadh ciorruithe in earnála mar chórais taistil phoiblí, cúrsaí oideachais agus na healaíona.

Deir Spectre go bhfágfadh aontas airgeadaícohta níos mó cumhachta i lámha gasra neamhthofa de bhaincéirí ná mar a bheadh ag aon chomhlacht tofa.

Iris 32 leathananch í Spectre atá ar fáil ar GB£2 (postas san áireamh) ó Spectre Magazine, PB5, BXL 46, rue Belliard 79-113, 1047 An Bruiséil. Foilseofar é trí huaire sa bhliain. Tá sé lándaithe agus curtha amach go snasta agus - sonas air! - saor ón gnáthbhéarlagair tuirsiúil a bhíonn ina smál ar fhoilseacháin den eite chlé.

Colm de Faoite


Céim ar aghaidh sa tSrath Bháin



LE EOGHAN MacCORMAIC

Don chéad uair riamh beidh focail Ghaeilge le feiceáil amach anseo ar armas Bhaile an tSrath Bhain nó ghlac an comhairle áitiúil le rún an tseachtain seo chuaigh thart ó Chomhairleoir Ivan Barr, Sinn Féin go mbeadh ainm an bhaile ann trí Ghaeilge agus trí Bhéarla feasta.

Ach fiú ar mholadh chomh simplí sin bhí easaontas ó na haontachtóirí, nach féidir glacadh leis na hathraithe móra atá tar éis teacht ar an suíomh sa chomhairle i ndiaidh blianta fada de riail na n-aontachtóirí.

Nuair a mhól Ivan Barr a rún - a ghnothaigh tacaíocht ón SDLP, dhearbhaigh Derek Hussey, UUP, nach dtabharfadh sé tacaíocht don rún toisc gur `teanga mharbh' í an Ghaeilge. Mar chruthunas ar seo chuir sé i gcuimhne don chomhairle go bhfuil fórmhór na gcláracha ar RTÉ i mBéarla. Dearfadh daoine gur dul chun chinn é go bhfuil aontachtóir ag amharc ar RTÉ in aon chor, ach b'fhéidir nach fada uainn an lá go mbeidh an comhairleoir ag amharc ar TnaG, má's é cláracha Gaeilge atá uaidh.

Ní raibh freagra uaidh, áfach, nuair a dúradh leis go raibh mana an chomhairle, `Concordia Crescit' scríofa i Laidin, teanga atá, ar ndóigh, rud beag níos mairbhe ná an Ghaeilge. Ar ndóigh, is fiú cuimhniú go bhfuil mana an UDA scríofa i Laidin chomh maith, b'fhéidir gur siombal de shaghas éigin é sin, mana i dteanga mharbh do pholaitíochtaí nach maireann ró-fhada?

Ach tugadh curadh mir na leithscéalta don oíche don chomhairleoir Emery, UUP, a dúirt nach féidir leis tacaíocht a thabhairt don rún toisc gur baineadh feidhm as an Ghaeilge i ngraffiti sa cheantar. An ndiúltóidh sé ó Béarla a labhairt feasta má fheiceann sé Fuck the Pope scríofa i dteanga na nGall....?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland