Top Issue 1-2024

30 June 2013 Edition

Resize: A A A Print

Ní Cómhionannas go Cómhionannas Ghaeilge

SÉ CÓMHIONANNAS bunchloch Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Cómhaontú Chill Ríminn araon, agus tá an Ghaeilge in áit tosaigh ó thaobh an chomhionannais dhe.

Ach mar a léiríonn tuarascáil ón CAJ ó thuaidh tá rialú i ndiaidh rialú ag tíocht amach ón gCoimisiun Comhionannais in aghaidh na Gaeilge. Tá le tuiscint uatha go mbíonn tionchar diúltach ann d’Aontachtóirí nó do Phrotastúnaigh má bhaintear úsáid as an nGaeilge in aon áit phoiblí.

Agus sampla suarach de seo na inneadh an Bhord Turasóireachta go mbeadh deóntas ar fail do chomhairle dúiche ar an gcoinníoll go mbeadh na comharthai i mBéarla amháin.

Ar ndóigh ní bhaineann an Ghaeilge le Caitlicigh nó le náisiúntoirí amháin, is níor bhain riamh.

Ní hamháin a go bhfuil spéis ag a lán daoine sa bpobal Protastúnach - agus dílseóirí cuid mhaith acu siúd - sa nGaeilge ach ba de bhunadh Gaeilge cuid mhaith a thainig isteach ó Albain san Séú is Seachtú Céad Déag.

Ach sin é an stair.

Tá cearta ag Gaeilgeóirí ó thuaidh inniu toisc gur chuid den phobal iad, agus níl aon chohionannas ann mura n-aithnítear cearta na ndaoine seo a dteanga a úsáid go hoifigiuil is go poiblí.

Mar ag deire thiar níl aon bhrú ar éinne Gaeilge a labhairt mura miste leis nó léí é. Cén fath mar sin go mbeadh sé ceart brú a chur ar dhaoine Béarla a labhairt?

Nuair a rinneadh socrú i gCill Ríminn na hAlban is gur athbhunaíodh na hinstitiúidí ó thuaidh  ba chuid den socrú é go mbeadh Acht Teangnan ann don tuaisceart.

Ach tá na pairtithe Aontachtóirí ag diultú glacadh leis an Acht sin.

Ní shin deire an scéil ámh, mar mura bhfuil na hAontachtóirí sásta Acht den chineál sin a chur tríd an Tionól ó thuaidh tá dualgas ar rialtas na Breataine an reachtaíocht a thabhairt tríd íad féin.

Is cosúil ámh nach bhfuil aon fhonn ar rialtas na Breataine a gcuid dualgaisí faoi chomhaontú Chill Riminn a chur i gcrích, is níl rialtas Bhaile Átha Cliath ag cur aon bhrú orthu an jab a dhéanamh.

Tá sé in am an brú sin a chur ar an rialtas ó dheas agus ar rialtas Londain araon.

Agus ní ghnó do Shinn Féin amháin é sin, ach gnó do ghluaiseacht na Gaeilge fré chéile é.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland