Top Issue 1-2024

2 June 2013 Edition

Resize: A A A Print

Gaeilge láidir agus beo i Maigh Eo

Sinn Féin Ard Fheis 2013

ARD FHEIS den chéad scoth a bhí ag Sinn Féin i gCaisleán an Bharraigh i mbliana - an ceann is mó agus is fearr riamh i dtuairim go leor, leor daoine. Bhí neart polaitíochta, díospóireachta, stair, polásaíthe dhá phlé (gan trácht ar an gcraic) ann agus is iomaí cúis agus saincheist tráthúil a bhí faoi chaibidil le linn an dá lá.

Chuir sé ionadh ar a lán daoine an méid daoine óga, idir mhná agus fir a ghlac páirt ann, a d’ardaigh a nguth go muiníneach i mBéarla agus i nGaeilge, ar ardán na hArd Fheise agus a gcuid tuairimí agus a gcuid réitigh polaitiúla agus fadhbanna na linne seo dhá chur in iúl go soiléir, bríomhar ós comhair an lucht éisteachta agus baill Shinn Féin.

Rinne muid ár seacht ndicheall go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil agus le feiceáil le linn an dá lá agus go mbeadh áit lárnach aici ag an Ard Fheis. D’éirigh linn, i mo

Is Contae Gaeltachta é Maigh Eo le pobal bríomhar labhartha Gaeilge. Is ceantair labhartha Gaeilge iad Gaeltachta Iorrais, Acla agus Thuar Mhic Éadaigh agus tugadh le fios ins an daonáireamh is deireanaí (2011) gurb í Caisleán an Bharraigh an 4ú baile is mó, taobh amuigh den Ghaeltacht, ina n-úsáidtear Gaeilge go rialta. Gan dabht, tá Gaeilge láidir agus beo i Maigh Eo agus bhí sí láidir agus beo ag Ard Fheis Shinn Féin 2013 i Maigh Eo!

Don chéad uair riamh, reachtáladh Comórtas Diospóireachta do Mhic Léinn mar chuid den Ard Fheis. Ócáid Ghaeilge den scoth a bhí ann agus an-rath go deo air. Gan dabht ócáid bhliantúil a bheidh ann as seo amach!

Comhgháirdeachas do gach duine a ghlac páirt ann. B’as gach cúinne den oileáin iad: Thír Chonaill, Corcaigh, Béal Feirste, Ciarraí, Gaillimh, an Lú ... agus bhí sé iontach na canúintí, blas na nGaeltachtaí éagsúla agus saibhreas na teanga a chloisteáil le linn na díospóireachta. Comórtas Uile-Eireann i gceart a bhí ann!

Bhí an díospóireacht dúshlánach, fadréimseach, bríomhar, le cúiseanna agus ceisteanna ábhartha a bhaineann le polaitíocht agus saol an aosa óig ar fud an oileáin á phlé. Bhí caighdeán ard leagtha amach ón tús agus léirigh na cainteoirí an-tuiscint agus eolas ar na hábhair; d’éirigh leo an dubh a chur ina gheal orainn lena n-argóintí. Chuir sé ionadh ar na moltóirí agus an lucht éisteachta, (an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus Caitríona Ruane, MLA ina measc), na cúiseanna, na téamaí leathan, saincheisteanna na linne seo a cuireadh faoinár bhráid, téamai cosúil le fadhb na dí-fhostaíochta, féiniúlacht, an teanga, siombalachas na nGael, athchóiriú ar an gCórás polaitíochta, an t-Aontas Eorpach, an imirce, féinmharú, meabhair shláinte na nÓg, ár nOidhreacht, ár gcultúr, bás Maggie Thatcher.

Bhí an láithreoir agus iriseoir aitheanta, Paidí Ó Lionáird mar fhear an tí agus rinne sé sár-jab. Bhí an díospóireacht stiúrtha go healaíonta agus go slachtmhar aige agus táimid fíor bhuíoch dó.

Míle buíochas don beirt mholtóir: Eoghan Mac Cormaic ó Ghlór na nGael agus Foras na Gaeilge; agus Piaras Ó Raghallaigh, iriseoir agus craoltóir a bhunaigh Mayo TV, an chéad stáisiún teilifise ar-line. Bhí jab iontach deacair acu. Bhí caighdeán an-ard ann agus é an deacair dóibh duine a phiocadh thar an duien eile. Is mór an trua é ach caithfidh go bhfuil caillteoirí agus buaiteoirí i comórtas i gconaí. Faoi dheireadh, fógraíodh na buaiteoirí agus bhronn Eoghan Mac Cormaic, mar Leas-Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, na duaiseanna orthu. Sa chéad áit, bhí Christina Nic Dhonnacha ón gCeathrú Rua, a fuair €500 (urraithe ag Foras na Gaeilge) agus dearbhán de luach €200 (urraithe ag Gael Linn). Sa dara áit, ba í an t-iomaitheoir ba ghaire di ná, Aoife Ní Shúilleabháin as Corca Dhuibhne a fuair dearbhán de luach €200 ó Ghael Linn. Sa triú áit, bhí Eimear Nic an tSaoir ó Chontae Lú a bhuaigh hoodie agus ‘goodies’ eile ó Ghael Linn. Gan dabht bhí na duaiseanna ar fheabhas ar fad agus míle buíochas do na h-urraithóirí flaithiúla, Foras Na Gaeilge, Gael Linn agus Conradh na Gaeilge as ucht an tacaíocht. 

Gan dabht, is féidir le Liadh Ní Riada (Oifigeach Gaeilge Shinn Féín) a bheith an sásta leis an gcéad chomórtas díospóireachta ag an Ard Fheis agus a bheith dearfa go rachfaidh sé ó neart go neart san blianta beaga amach romhainn.

Mar fhocal scoir, bhí áit lárnach ag an nGaeilge ag an Ard Fheis i mbliana; bhí an teanga beo i Maigh Eo agus í le cloisteáil agus níos feiceálaí ná mar a bhí sí riamh roimhe, go mór, mór i measc na ndaoine óga.

Is tuar dóchais do thodhchaí na Gaeilge i Sinn Féin é. Beatha teanga í a labhairt!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland