Top Issue 1-2024

2 June 2013 Edition

Resize: A A A Print

Leas na mBanc taobh thiar den Ghéarchéim Tithiochta

Go bunúsach tá an coras mífhéidhmiúil mar tá muid gafa i gciorcal oilc: fadb amháin ag cur le fadb eile, agus an fhadb eile ag cur leis an gcéad fhadb

LUAITEAR deacrachtaí sa margadh tithíochta go minic mar shampla den chaoi a bhfuil an ghéarcheim eacnamaíochta ag cur rudaí as a riocht.

Tá luach tithe titithe go mór ó uasphointe an mhargaidh i 2007 (os cionn 60% in áiteachaí) , is toisc an oiread sin daoine ann a chaill a gcuid jobannaí ní féidir leó na morgáistí móra a bhaineann le tithe is árasáin a ceannaíodh sa tréimhse sin a aisíoc anois; agus dá gcuirfi iachall orthu an teach a dhíol tá cothromas diúltach ann a chiallaíonn go mbeadh fiacha móra fós ann fiú dá gcaillfí an teach.

Se sin, leanann na fiacha fiú má chailltear an teach.

Ní mar sin ámh atá cúrsaí sna Stáit Aontaithe, príomh-thír an rachmais. Ansin má thugann an banc morgáiste dhuit ar theach is mura bhfuil tú in ann an morgaiste a aisíoc is féidir leis an mbanc seilbh a ghabháil ar an teach ach tá deire ansin leis na fiacha – fiú mura bhfaigheann siad iomlán na hiasachta ar ais.

Céim thábhachtach dúinne in Éirinn dlí den tsort sin a thabhairt isteach. Bheadh an priacal – agus an ghuais – dhá roinnt idir an mbanc agus an duine, is bheadh cúis mhór ag na bainc a bheith níos cúramaí faoina gcuid iasachtaí.

Ní athróidh an t-athrú dli seo an scéal i dtaobh na morgaistí atá ann cheana féin, ach tabharfaidh se cosaint sa todhchaí don ghnáth-dhuine.

Ach níl aon chaint ag an rialtas faoina leithéid de athru a dhéanamh.

Ni hamhain sin, ach níl na bainc féin ag feidhmiú mar is ceart don eacnamaíocht fiu faoina dlithe mar atá. Tá siad ag iarraidh a gcuid fiacha a laghdú, is níl airgead ar fáil uatha mar chreidmheas le haghaidh gnólachtaí nó le haghaidh tithe a cheannach – rud a chuireann le titim luach tithe.

Go bunúsach tá an coras mífhéidhmiúil mar tá muid gafa i gciorcal oilc: fadb amháin ag cur le fadb eile, agus an fhadb eile ag cur leis an gcéad fhadb.

Mar shampla, tá eastáit tithíochta ann ar fud na tíre nach féidir na tithe ann a dhíol nó a dtóigeáil a chur i gcrích. Is tá sé beartaithe ag an rialtas – agus aire stáit de chuid Pháirtí an Lucht Oibre á fhógairt – na mílte tithe a leagan.

Ag an am céanna tá na mílte as cuimse – níos mó ná riamh – ar liostaí feithimh le haghaidh tithíocht shóisialta óna húdaráis áitiúla. Seo muid: ar thaobh amháin tá soláthar tithe ann, agus ar thaobh eile tá éileamh ar tithe; ach ní féidir leis an gcoras rachmasach an dá thaobh a chur le chéile. Sin is brí le coras mífhéidhmiúil.

Agus mar a léirigh fógairt an rialtais maidir le tithe is eastáit a leagan, níl aon leigheas ag an rialtas dó seo ach na mílte a fhágáil gan tithe, gan dochas, gan cearta.

Mar is ceart don uile dhuine áit oiriunach a bheith aige nó aici le maireachtáil ann.

Ach tá olc eile sa scéal seo.

Cuid lárnach den ghéarchéim eacnamaíochta é an cothromas diúltach sa rannóg tithíochta.

Cheannaigh an t-uafás daoine tithe nuair a bhí an margadh faoi lan-tseól, is anois níl an luach ag na tithe sin go bhfeadfaí na fiacha a ghlanadh dá ndíolfaí iad. Mar adúirt me thuas ar a laghad i Meiriocá fágtar na fiacha toabh thiar dhíot.

Cuid mhaith daoine, go deimhin, chaill siad a gcuid jobannaí nó scaradh an caidreamh pearsanta a bhíodh acu nuair a ceannaíodh an teach, agus anois níl na hacmhainní acu na morgáistí a íoc; ach dá ndíolfaí an teach, nó dá gcuirfí iachall orthu é a dhíol, bheadh fiacha móra fós ann.

Faoi dheire thiar d’fhoilsigh an rialtas scéim dócmhainneachta. Tá an scéim seo in ainm’s seans a thabhairt do dhaoine faoi dheacrachtaí mhorgáiste éaló as na fiacha agus i gcásanna a gcuid tithe a choinneáil ar téarmaí níos so-aisíoctha.

Tá sé léirithe ag Piaras Ó Dochartaigh, urlabhrai airgeadais Shinn Féin, go bhfágann scéim seo an rialtais an focal deiridh ag na bainc, is go bhfágann is go bhfágfaidh sé na mílte so-mhillte agus i mbaol.

Cén fáth go bhfuil an sceim chómh teoranta is chómh lag sin?

Níl aon fhreagra ach go bhfuil an rialtas ag cur leas na mbainc chun tosaigh – arís mar atá déanta acu go minic cheana – roimh leas an ghnathdhuine. Agus cosnaítear an easpa daonnachta seo ar ar argóint faoi guais mhóralta: sé sin go gcaithfidh daoine cailliúntaí a shéasamh faoi a a ghlacfaidis le buntáistí as aon infheistíochta a dhéanann siad.

Agus mura féidir leis an gcoras rachmasach freastal ar fhíor-riachtanais an ghnáth-dhuine, nach bhfuil sé in am coras sóisialach a chur i bhféidhm mar ata á mholadh ag Sinn Féin is eile?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland