Top Issue 1-2024

28 April 2013 Edition

Resize: A A A Print

Céard tá taobh thiar den ghéarchéim sa gCoiré?

TÁ SCÉAL baolach ann i gcónaí as leathinis na Coiré, agus rialtas na Coiré Thuaidh (Poblacht Dhaonlathach Phobal na Coiré nó DPRK) ag tabhairt le fios go bhfuil siad réidh le diúracáin núicléacha a chaitheamh le forsaí na Stáit Aontaithe agus fiú le Meiriocá féin.

Tuigeann muid uilig dá dtarlódh a leithéid go mbeifí ina chogadh críche.

Céard tá taobh thiar den bhagairt uafásach seo, nó céard is féidir a dhéanamh le armageddon a sheachaint?

Dar le meáin cumarsáide an Iarthair, tá daoine gealtacha i gceannas ar an gCoiré - agus ní, nach íonadh, ní thugann an míniú sin mórán suaimhnis dúinn.  Dar leis an scéal seo, tá na gealta seo ag bagairt chogaidh ar dtúis mar is gealta iad, agus a dó ar mhaithe le airgead a tharraingt as an Iarthar.

Ar ndóigh, tá an fíor-scéal i bhfad níos casta ná sin.

Tá na Stait Aontaithe ag rá nach gceadóidh siad don Choiré Thuaidh armas núicléach a bheith acu, ach tá na mílte diúracáin núicléacha lonnaithe ag na Stáit Aontaithe céanna sa gCoiré Theas, agus iad dírithe ar an Tuaisceart. Dá mbeadh na Meiriocánaigh dáiríre faoi seo ghlacfaidis le moladh na Síne gur chóir armas núicléach a tharraingt amach ón leathinis ar fad.

Arís, ní thugann na meáin abhus aon aird ar na hinlíochtaí míleata a bhí ar siúl ag na Stáit Aontaithe le mí anuas, inlíochtaí a chuaigh isteach i limistéir an Tuaiscirt is a bhí ina mbriogadh soiléir.  Agus inlíochtaí nach raibh ann mar hiombhagairt ach mar cleachtadh réamhghabhalach, dar leis na Meiriocánaigh féin.

Ná, níl aon trácht sna meáin ar bhun-fhíric an sceil: gur ghabh na Meiriocánaigh seilbh ar an taobh ó dheas den tír i 1945 ag scoilteadh na tíre ina dhá leath nuair a buaileadh ar an tSeapáin, gur chuir na Meiriocánaigh stop le toghcháin a bhí beartaithe don tír ar fad, is gur bhrúigh siad uachtarán ar an gCoiré Theas, Synghman Ree, a bhí de bhunadh Coiréach ach nach raibh in ann teanga na tíre, an Choiréis, a labhairt!

Dar leis an nGinearál Curtis LeMay, fuair 20% de mhuintir na Coiré bás sa gcogadh a d’fhear na Meiriocánaigh ar an tír le iad a choinneáil faoi lámha na bPoncán.

Ní nach íonadh, tá faitíos ar rialtas na Coiré Thuaidh go bhfuil na Meiriocánaigh i gcónaí ag lorg leithscéil chun iad a ionsaí arís - agus seans go bhfuil an ceart acu.

Cuireann sée leis an gcontúirt ámh, agus leis an bhfaitíos, glacadh le bolscaireacht Mheiriocá.  Is cóir seasamh le muintir na Coiré ach a impí orthu freisin gan aon rud a dhéanamh a spreagadh cogadh a d’fhéadfadh an domhan ar fad a scriosadh - mar a d’impigh fidel Castro i gCúba.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland