Top Issue 1-2024

28 April 2013 Edition

Resize: A A A Print

Am na cinniúna don Lucht Oibre

An bhfuil deireadh ré i ndán don Chomhrialtas?

Is fada an t-achar seachtain sa pholaitíocht agus idir ceist an ghinmhillte, pósadh aerach, Páirc an Chrócaigh a 2 agus eile, cá bhfios cé chomh fada is a mhairfidh an Rialtas reatha

SÍLIM GO BHFUIL am na cinniúna tagtha don Lucht Oibre. Ní dócha go raibh súil acu go dtréigfeadh na ceardchumainn iad ar an gcaoi a tharla le cúpla seachtain, ach thréig. Go traidisiúnta, bhíodar fréamhaithe go smior sna ceardchumainn agus cuid do na h-oifigigh ar feidhmeannas an pháirtí fiú. Ach, tá géarchéim anois acu agus éirí amach na gnáth bhaill ag féachaint sa straois orthu.

Is léir gur mheas ceannairí an pháirtí gurb é an straitéis ab fhearr ná rith le polasaí déine Fhianna Fáil, dhá chuir i bhfeidhm arís ag Fine Gael agus iad ag súil go gcasfadh an taoide eacnamaíoch a dothain len iad a thabhairt slán tar éis cuig bliana i Rialtas. Ag an bpointe sin, seans go mbeadh seanfhondóirí an pháirtí ag fágáil slán le Teach Laighean agus a gcuid pinsin Aireachta ina bpocaí tónach. B’shin an plean is cosúil, ach an bhfuil sé sin ar na carraigeacha?

Shíl siad go slogfadh a lucht leannta an phiolla gránna mar ‘nach raibh aon rogha eile ann’. Ach, is léir anois agus 75% den toghlach míshásta leis an Rialtas – agus de bharr na roghanna eile atá curtha chun cinn ag Sinn Féin agus trachtairí eile, go bhfuil foighid an gnáth oibrí briste. Tá teachtaireacht an-láidir tugtha tríd an vóta ar chomhaontú Pháirc an Crócaigh 2 go gcaithfidh an Rialtas machnamh domhan a dhéanamh ar a gcuid polasaithe eacnamaíocha agus an socrú leis an troika.

Ar bhealach amháin, tá lámh Brendan Howlin láidrithe agus é ag dul ar ais chuig Fine Gael le teacht ar bhealach eile chun na ciorruithe a theastaíonn uaidh a chuir i bhfeidhm. An ngéillfidh sé do bhulaíocht óna gcuid comhleacaithe sinsearacha Rialtais agus an bhagairt de chiorruithe pá 7% do gach oibrí a chuir i gcrích, nó an gcuirfidh sé ina luí orthu gur fadhb í seo don Rialtas ina iomláine agus gur gá dóibh féachaint ar bhealaí eile leis an mbearna sa mbuiséad a dhúnadh.

pg5-2

B’fhéidir anois go mbreathnóidh siad athuair ar an gcáin rachmais atá molta ag Piaras Ó Dochartaigh, nó ar ghearradh siar ar na tuarastail ollmhóra ag barr na státseirbhíse, nó ar shábháiltí eile ar nós conraí na gcomhairleoirí agus eile.

Má fhaigheann Fine Gael an lámh in uachtar agus má chuirtear ciorruithe tuarastail i bhfeidhm in aghaidh toil na n-oibrithe, d’fhéadfadh aimsir chorrach a bheith romhainn. Beidh sé an-deacair ag na cúlbhinseoirí sa Lucht Oibre siúl tríd an halla chun vóta a chaitheamh leis an Rialtas ar an mbonn sin. Beidh sé an-deacair freisin ar na ceannairí ceardchumainn a bhfuil dlúthcheangal acu le páirtí an Lucht Oibre, mar má tá siad chun seasamh lena gcuid baill beidh orthu gníomhaíocht thionsclaíoch a chur chun cinn, rud a mhéadóidh an teannas eatarthu ar fad.

Níl aon dabht go bhféadfadh seo páirtí an Lucht Oibre a scoilteadh agus muid ag rith isteach chuig na toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn. Cheana féin i nGaillimh vótáil ceathrar comhairleoir cathrach ar son dhá rún ag cáineadh ciorruithe Rialtais don údarás áitiúil anseo. Is deacair iad a fheiceáil ag taobhú leis an gceannaireacht ar cheist níos conspóidí arís. Agus, is cinnte go mbeidh an bhrú ó na baill ceardchumainn ag méadú go h-áitiúil ar na h-ionadaithe tofa seo. Cuirfidh seo brú ar cheannaireacht Eamon Gilmore agus ar cheannairí eile an pháirtí.

Fad is atá seo ar fad ar bun an bhfuil Fine Gael ag gáire leo féin? Níl aon cheo le cailleadh acu is cosúil. Le teip ar an gcomhaontú is mó dochar a dhéanfar don Lucht Oibre ná iad féin. Tá na ceardchumainn scoiltithe go maith ag na heachtraí seo ar fad, rud a shásóidh na ‘léinte gorma’. Má tharraingíonn an Lucht Oibre amach as an Rialtas níl siad gan roghanna eile le gréim a choinneáil ar an gcumhacht. D’fhéadfadh siad féachaint i dtreo na neamhspleáigh, nó Dia dár sábháil Fianna Fáil le comhrialtas a bhunú. Seans gur beag suíochán Dála a chaillfidís mar thoradh ar seo ar fad, dar leo.

Is fada an t-achar seachtain sa pholaitíocht agus idir ceist an ghinmhillte, pósadh aerach, Páirc an Chrócaigh a 2 agus eile, cá bhfios cé chomh fada is a mhairfidh an Rialtas reatha. An t-aon rud gur féidir a bheith cinnte faoi sa saol seo, ná nach bhfuil aon rud cinnte, fiú Rialtas leis an móramh is mó i stair an stát.

pg5-3

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland