Top Issue 1-2024

31 March 2013 Edition

Resize: A A A Print

An Roinn Easláinte

Níl rannóga san HSE ag labhairt le chéile agus tá sin ag cosaint na milliúin ar an gcáiníocóir

Is teip Rialtais atá anseo i ndairíre, mar go bhfuiltear ag ligean don cineál seo méiseáil leanúint ar aghaidh

MÁS LÉARGAS ar chomh folláin is atá Rialtas ar bith an slí atá an Roinn Sláinte atá faoina gcúram ag feidhmiú, tá an Rialtas seo thar a bheith tinn.

Tá rannóga taobh istigh d’Fheidhmeannas na Seirbhísí Sláinte nach bhfuil ag labhairt le rannóga eile agus tá sé sin ag cothú contúirt d’othair, mí-éifeacht sna seirbhísí agus ag cosaint na milliúin don gcáiníocóir - ach ní mise atá dhá rá sin, ach saineolaithe taobh istigh den chóras féin.

Is beart cróga go maith atá ann ag aon duine atá ag obair san HSE labhairt amach, mar tá croimeasc cainte curtha ar a bhformhór agus treoir daingean faighte acu gan labhairt leis na meáin gan réamhchead a fháil ón rannóg cumarsáide. Ní nach íonadh, ní minic a thugtar saor chead cainte do na daoine céanna atá ag fulaingt le frustrachas i seirbhísí amscaoi nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart agus nach bhfuil aon duine ag glacadh freagracht astu.

Tugadh le fios le déanaí go meastar gur chosain cóir leighis d’othair a bhí faoi thionchar alcóil amháin, i seirbhísí ospidéil i nGaillimh suas le €22m le sé bliana anuas. Dar le figiúirí a scaoileadh mar chuid den seoladh ar Straitéis Nua Le Laghdú a Dhéanamh ar Dhochar de Bharr Alcóil i nGaillimh meastar gur chaith 3.472 othair 35,149 oíche i leapacha osipidéil i nGaillimh le se bliana. I 2011, chaith 528 othar 6,287 oíche sna leapacha céanna ar chostas measta de €4,699,698. Ag an am céanna tá ciorrú dhá dhéanamh ar na seirbhísí pobail le cabhrú le daoine le fadhbanna alcóil. Tá méadú as cuímse tagtha ar líon na ndaoine atá ag lorg cabhrach ó sheirbhísí comhairleacha pobail agus tá baol ann go ndúnfar foirgíntí agus go laghdófar líon na bhfóirne atá ag freastal orthu.  Sa chás seo tá réiteach na faidhbe sna hospidéil bainteach le seirbhísí níos fearr sna pobail, le dul i ngleic le fadhb an alcólachais, ach níl an dá dhream ag labhairt le chéile beag ná mór. Níl ciall na réasún leis seo.

Is máinlia soithíoch i nGaillimh é an tUasal Sharif Sultan a bhfuil feachtas ar siúl aige le fada chun go gcuirfí fearas darb ainm ‘ArtAssist’ ar fáil arís d’othair a bhfuil fadhb acu leis an sruth fola sna géaga. Úsáidtear seo chun an sruth fola chuig na cosa a fheabhsú agus mar thoradh ar sin ní bhíonn gá an géag a bhaint. Is fearas áisiúil é gur féidir le duine a úsáid sa bhaile ar bheagán costais, ach nuair nach bhfuil sé ar fáil is minic gur gá don Uasal Sultan cosa othair a bhaint ar chostas ollmhór don Stát ó thaobh cóir leighis di, cóiriú tí agus tacaíocht sláinte tar eis na hobráide - gan trácht ar chos a bhaint de dhuine nuair nach gá sin. Tá deireadh curtha ag FSS an Iarthar le ‘ArtAssist’ ar chúinsí costais, in ainneoin go bhfuil ceantair eile de chuid an FSS fós dhá chuir ar fáil. Cá bhfuil an loighic ansin?

Ar chuireadh uaim féin rinne an tUasal Sultan cur i láthair i dtithe an Oireachtais do theachtaí Dála agus Seanadóirí ar thábhacht na seirbhíse ‘ArtAssist’ agus na cúiseanna nach ndéanann sé ciall eacnamíoch, sláintiúil ná mórálta a leithead de sheirbhís a cheilt ar an bpobal. Léiriú eile ar mhí-éifeacht Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

Ach, is teip Rialtais atá anseo i ndairíre, mar go bhfuiltear ag ligean don cineál seo méiseáil leanúint ar aghaidh mar nach bhfuil na córais bainistíocht cuí in áit, mar nach bhfuil cumarsáid mar is ceart idir rannóga agus mar nach bhfuiltear ag tabhairt tús áite don othar ach go bhfuiltear ag cothú réimeas oibre atá as dáta, a bhfuil spriocanna go leor acu ó thaobh ‘táirgíochta’ de, ach atá thar a bheith lag ó thaobh díriú ar an seirbhís sláinte is  éifeachtaí a chuir ar fáil don othar.

Fainic amháin eile a thabharfainn ná go bhfuiltear ag díriú ar Iontaobhais Ospidéil anois. Tá Ospidéil na Gaillimhe agus Ros Comáin mar shampla. Ach, tá amhras ormsa go mbeidh siad seo ag feidhmiú mar eagrais neamhspleácha ó thaobh coinníollacha oibre de, in ainneoin go mbeidh siad maoinithe go príomha ag an Stát. Lastigh den chóras agus lasmuigh de ag an am céanna. Bí ar d’aire!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland