Top Issue 1-2024

3 March 2013 Edition

Resize: A A A Print

I dtreo na hArd Fheise

Ulmmhuchán don teacht le chéile i Muigh Eo faoi lán tseoil

• Caitríona Ruane agus Mary Robinson

Tá cuid mhaith d’ionsparáid Davitt ag teastáil in Éirinn na fichiú haonú aoise

NÍ AIREOIDH muid an t-am ag sleamhnú isteach go mbeidh Ard Fheis Shinn Féin ar siúl i gCaisleán a’Bharraigh. Beidh an ócáid mhór ar siúl ar an 12 agus 13 Aibreán agus tá na hullmhúcháin ag dul ar aghaidh go maith.

Gan dabht, mar gurb í seo an chéad uair don Ard Fheis i gConnacht, tá muid ag iarraidh blas an Iarthar a bheith ar an ócáid. Beidh muid ag súil go mbeidh aird faoi leith ann ar chúrsaí a bhaineann le forbairt tuaithe, ár n-acmhainní nadúrtha, an imirce agus cúrsaí fostaíochta ar fud an oileán.

Beidh an Ghaeilge lárnach san ócáid chomh maith agus muid ag súil le h-iarracht faoi leith ó gach duine chun ár dteanga náisiúnta a bheith i lár an aonaigh ann.

Is ráiteas láidir ann fein é go bhfuil an Ard Fheis dhá eagrú i gContae Mhuigh Eo. Tá an pháirtí ag neartú san Iarthar agus tá muid ag súil go dtiocfaidh borradh faoin mballraíocht agus dlús faoi na cumainn sna contaetha sin san Iarthar a bhfuil muid ag teacht aniar iontu – Gaillimh, an Chlár, Ros Comáin, Liatroim, Sligeach agus gan dabht Muigh Eo féin.

Chomh maith leis sin tá muid ag teacht le chéile i gcúlgháirdín an Taoisigh féin, toghcheantar a thug isteach ceathrar Teachta Dála as Fine Gael san olltoghchán deireanach. Ach, is toghcheantar í chomh maith a bhfuil baint ag leithéidí Pádraig & Beverley Flynn, Charlie Haughey, Lucinda Creighton, Dara Calleary, Emmet Stagg agus Pat Rabbitte léi – rud a thabharfaidh neart ábhar díospóireachta d’fheisirí na hArd Fheise chomh maith!

Gan dabht, tháinig polaiteoirí agus pearsain chumasacha as Muigh Eo chomh maith gur féidir a bheith iontach bródúil astu. Áirím anseo Caitríona Ruane s’againn féin a dhéanann obair den scoth mar fheisire comthionóil agus a bhí cumasach mar Aire Oideachais sna sé chontae. Bean chumasach eile as Muigh Eo ná an tIar Uachtarán, Mary Robinson, atá fós ag déanamh obair na gcapall ar son cearta daonna ar fud na cruinne.

p5-Davitt

Ach, b’fhéidir gurb é an pholaiteoir is mó a d’fhéadfadh muid ionsparáid a fháil uaidh le linn na hArd Fheise seo ná Michael Davitt. Rugadh Mícheál Mac Dáibhéid ar an 25ú Márta 1846. Ba poblachtánach é, a díbríodh ón mbaile ar an tSráid é agus a tógadh i Sasana. Chuaigh sé ag obair sna muilte cadáis agus d’fhág timpiste ansin ar leathlámh é. Mar thoradh ar seo, cuireadh ar scoil é agus fuair sé oideachas mhaith agus d’oibrigh ina dhiaidh sin in oifig an phoist agus tionscal na clódóireachta.

Chuir sé suim i stair na hÉireann agus bhí sé lárnach in eagraíocht an IRB. Chaith se tréimhsí sa phríosún de bharr seo, áit ar fhorbair sé a chuid tuairimí maidir le saoirse na hÉireann agus úinéireacht talún. Mar fhreagra ar an nGorta mór d’eagraigh sé feachtais in éadan cíosanna a íoc leis na Tiarnaí Talúna agus ba i gCo Mhuigh Eo a bhunaigh sé Conradh na Talún le cuideachta ó Charles Stewart Parnell. Bhí ‘Cogadh na Talún’ a raibh sé lárnach ann, mar bhunús do sheilbh tailte na hÉireann a fháil ar ais do chosmhuintir na hÉireann sna blianta beaga ina dhiadh sin.

Toghadh mar Fheisire Parlaiminte é, scríobh sé cuid mhór agus thaisteal an domhan ag tabhairt léachtaí faoi sóisialachas agus eirí amach síochánta an phobail agus bhí sé mar ionsparáid ag gluaiseachtaí cearta saoránaigh agus daonna ar fud na cruinne, Mahatma Gandhi ina measc.

Tá cuid mhaith d’ionsparáid Davitt ag teastáil in Éirinn na fichiú haonú aoise. De bharr an chaoi a bhfuil ár bhflaitheas eacnamaíoch tugtha uainn de bharr mí fhreagracht Fhianna Fáil, na PD’s agus na Glasaigh agus na polasaithe céanna leannta ag an Rialtais reatha, caithfidh muid féachaint ar na hacmhainní nádúrtha atá againn, ról na gcomhlachtaí stáit agus mar sin de agus cén chaoi si féidir linn seilbh a choinneáil orthu seo ar mhaithe le saoránaigh uile na tíre. Freisin, beidh leathshúil againn ar an dream óg, cumasach atá tar éis an oileán seo a fhágáil de bharr na gearchéime. Caithfidh muid pleanáil i dtreo fostaíocht a chuir ar fáil, chun deis a thabhairt do na daoine seo filleadh ar Éireann lena gclann a thógáil agus saoil a chaitheamh anseo.

Bí linn i gCaislean a’Bharraigh mar sin. Ócáid stairiúil. Ard Fheis cinniúnach agus ról an-tábhachtach le n-imirt ag baill Shinn Féin agus ár lucht tacaíochta ar fad ann.

p5-ap2.jpg

• Enda Kenny, Pádraig & Beverley Flynn, Charlie Haughey, Lucinda Creighton, Dara Calleary, Emmet Stagg agus Pat Rabbitte

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland