Top Issue 1-2024

3 February 2013 Edition

Resize: A A A Print

Céad sé mhí san Tionól mar MLA

• Rosie ag síniú isteach mar MLA agus ag faire uirthi tá lucht Shinn Féin MLAs Raymond McCartney agus Caitríona Ruane MLA mar aon le Cainteoir na Tionól Willie Hay (lár)

Is obair ilghnéitheach í atá ar siúl againn i Sinn Féin agus déanann seo cinnte go bhfuil obair suimiúil agus luachmhar idir lámh againn i gcónaí

NUAIR a iarradh orm áit Paul Maskey a ghlacadh mar Ball Tionóil Bhéal Feirste Thiar baineadh stad asam ar dtús nó ní raibh cliú dá laghad agam go mbeadh an athrú seo ag tarlú agus déanta na fírinne níor smaoinigh mé riamh go mbeinn féin i ról mar seo. Ar ndóigh, thuig mé go soiléir gur onóir mór é gur tugadh an deis seo dom agus chuir sé gliondar ar mo chroí go raibh muinín ag daoine s’againne asam.

Ach caithfidh mé a admháil gur mhothaigh mé neirbhíseach faoi seo. Is duine príobháideach mé agus tá sé nádúrtha dom poiblíocht a sheachaint ach, ag an am céanna glacaim go bhfuil baint tábhachtach le ‘PR’ agus obair an ionadaí polaitíochta, níl an dara rogha ann!  Mar sin de, chaith mé cúpla lá ag smaoineamh ar agus ag plé na ceiste le cúpla cara de mo chuid, cad is cóir dom a dhéanamh?

Ag deireadh an lae shocraigh mé glacadh leis an dúshlán seo; is dócha nach raibh aon rogha eile ar fáil dom. Mar gníomhaí poblachtacha, tá sé deacair dúinn an focal ‘níl’ a rá, mothóidh muid ciontach!

Bhí ceathrar againn a tháinig chun bheith mar Baill Tionóil nua sa pháirtí ar an lá sin, 2ú Iúil 2012, rud éigin a thug sólás dom. Sílim go raibh muid uilligh (Bronwyn, Declan, Megan agus mé fhéin) ag mothú an rud céanna, rud beag neamh chompordach agus neamhchinnte; mar sin de, thug sé suaimhneas dom nach raibh mé liom féin.

 Tá 6 mhí thart anois sa téarma MLA agus, cé go gcuireann an ról an-bhrú orm, tá sé taitneamhach chomh maith agus tá mé ag foghlaim i gcónaí. Is é an rud is fearr ná go bhfuil mé páirteach i bhfoireann mór Shinn Féin a thugann comhairle, cuideamh agus tacaíochta dúinn, go speisialta daoine nua cosúil liom féin.

I ndiaidh sos an Tionóil samhraidh, dúradh liom go mbeinn ar dhá choiste, Cóir agus Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. Le linn obair an choiste, bíonn seans agat bheith eolasach ar go leor ceisteanna agus ansin, tá dualgas ann iad a chur chun cinn. Ó dearcadh an pháirtí, déanann muid plé mar ghrúpa ar an dóigh is fear na ceisteanna faoi bhráid an choiste a chur i gcrích agus fócas áirithe ar siúd a chuireann aidhmeanna an pháirtí chun tosaigh.

Bíonn brú ama dian ann agus bíonn sé de riachtanas dúinn bheith sa Tionól 3 nó 4 lá sa tseachtain, idir seisiúin iomlánacha agus coistí. Mar Baill Tionóil, caithfidh muid bheith sa ‘seomra mór’ de réir róta an pháirtí, agus chomh maith leis sin bíonn orainn bheith ann le haghaidh ceisteanna, díospóireachta, vótaí agus ráitis aire.

Mar gheall air sin ní bhíonn mórán ama fágtha le obair an dáilcheantair a dhéanamh. Sílim go bhfuil an obair seo an-tábhachtach agus tá mé ag déanamh mo sheacht ndícheall leis an tseirbhís is fearr a chur ar fáil don phobal áitiúil. Bíonn ár oifig oscailte gach lá agus déanann an fhoireann anseo obair den scoth do mhuintir na háite ar son na hionadaithe tofa.

RMcC-picket

• Rosie mar pháirt do Phicéad bán-líne I mBéal Feirste mar chomóradh ar bhás Óglach an IRA Kieran Doherty a básadh agus é ar Stailc Ocrais I 1981

Leanaim ar aghaidh ag obair ar chúrsaí Gaeilge sa pháirtí agus is fócas láidir é sin dom go pearsanta. Tá mé i mo bhall den Ghrúpa Comhordaithe Gaeilge, an Ghrúpa Líofa agus an fhó-ghrúpa CEF. Is ball mé fosta ar Bhord an Chiste Infheistíochta Gaeilge. Chinntigh Gearóid Mac Ádhaimh an ciste seo, £8m ar fad, ar chaibidlí Chromghlinne i Mí Feabhra 2010 agus díreoidh sé ar nuálaíochtaí caipitil.

Is rud iontach anois go bhfuil Aire Chultúir Shinn Féin againn nó rinne sí cinnte go bhfuil próiseas ann le Straitéis Gaeilge a thabhairt chun cinn. Bhí comhairliúchán ann anuraidh agus beidh na torthaí  seo ar fáil i ndiaidh cúpla mí. Is cuspóir tábhachtach againn é Acht na Gaeilge ach tá na hAontachtaí dubh ina éadan go fóill. Mar sin de, tá obair ar siúl againn ar sin.

Beidh an Ciste Infheistíochta Sóisialta ar fáil go luath agus tá mise i measc ghrúpa Shinn Féin ar an Ghrúpa Stiúrtha Bhéal Feirste Thiar atá ag iarraidh na milliún punt ón Chiste sin. Ba mhaith linn an t-airgead seo a bheith dírithe ar na fadhbanna a bhaineann le díothacht agus dearóiliú sa Dáilcheantar. Tá muid ag súil le toradh iontach ón chiste seo.

Mar fhocal scoir, is obair ilghnéitheach í atá ar siúl againn i Sinn Féin agus déanann seo cinnte go bhfuil obair suimiúil agus luachmhar idir lámh againn i gcónaí. Mar a fuair mé amach sa 6 mhí seo chaite, is ról dúshlánach é seo ach tá sé de rún agam mo seacht dhícheall an jab seo a dhéanamh sna míosa agus sna blianta atá romhainn.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland