Top Issue 1-2024

3 February 2013 Edition

Resize: A A A Print

Má tá Gaeilge agat labhair í

2013 Bliain na Gaeilge

Is plean deafach atá anseo ag pobal na Gaeilge chun tacaíocht dár dteanga náisiúnta a threisiú, a neartú agus a leathnú

NÍ LEOR CAINT, ach gníomh a deirtear. Is amhlaidh atá ó thaobh na Gaeilge di. D’fhéadfadh na mílte straitéis, scéim agus polasaí a bheith ann ó thaobh na Gaeilge di, ach muna bhfuil daoine toilteanach ár dteanga dhúchais a úsáid, ní fiú tráithnín iad.

Sin an cuspóir atá taobh thiar d’fheachtas nua, samhlaioch atá ar bun - ‘2013 - Bliain na Gaeilge’. Is iad Conradh na Gaeilge atá ag comhordnú an fheachtais i gcomhair le hiliomad eagras atá ag plé le cúrsaí Gaeilge & Gaeltachta ar fud an oileáin agus go deimhin - ar fud an domhain

Tá os cionn 100 eagraíocht teanga agus cultúir ag tacú le ‘Bliain na Gaeilge’ agus is iad Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta na príomh urraithe.

Is plean dearfach atá anseo ag pobal na Gaeilge chun tacaíocht dár dteanga náisiúnta a threisiú, a neartú agus a leathnú agus tá siad ag iarraidh go mbeadh tusa páirteach ann!

Tá 2013 roghnaithe don ócáid mar go bhfuil sé 120 bliain ó chuir Conradh na Gaeilge tús le hathbheochan na Gaeilge in 1893. Is iomaí casadh a tháinig ar an réabhlóid sin san idirlinn - fás agus meath. Ach, tá cuid mhaith le ceiliúradh agus cuid mhaith fós le déanamh chun an Ghaeilge a choinneáil mar theanga bheo, pobail. Beidh aitheantas dhá thabhairt le linn ‘Bliain na Gaeilge’ don dul chun cinn ar fad atá déanta ó shoin agus clár dúshlánach imeachtaí leagtha amach le cur le lion agus líofacht na gcainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne.

Bliain-na-gaeilge

De réir daonáireamh 2011 tháinig méadú 7.1% ar lucht labhartha na Gaeilge sna 26 chontae le cúig bliana. Is ionann sin agus 1.7 milliúin duine a mhaíonn go labhrann siad Gaeilge. Sna sé chontae deir 11% den phobal, nó beagnach 185,000, go bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu. Méadú 1% atá anseo ar dhaonáireamh 2001. Tá an treocht dearfach dá bhrí sin. Léirigh 29% de Chaitlicigh ó thuaidh agus 8% de Phrotastúnaigh suim i bhfoghlaim na Gaeilge chomh maith. Seans gurb  shin ceann de na cúiseanna a bhfuil ag eirí chomh maith sin le ‘Líofa’, an scéim spreagtha atá bunaithe ag an Aire Cultúr, Ealaíon & Fóillíochta sa Chomhthionóil, Cáral Ní Chuilinn. An sprioc atá leis ná cúig mhíle duine ó chuile aicme den phobal a chuir ag foghlaim na Gaeilge idir seo agus 2015. Tá siad go maith ar an mbóthar chun an sprioc sin a bhaint amach.

Tá cuid mhaith rudaí eile ar bun le linn na bliana chun daoine a spreagadh i dtreo na Gaeilge. Tá feachtais leanúnacha atá ar bun le tamall ar nós ‘Is leor beirt’ a thugann daoine le chéile go neamhfhoirmeálta le Gaeilge a labhairt, tá cursaí agus ranganna ar fud na tíre chomh maith, Sa bhreis ar sin tá imeachtaí eile dhá eagrú freisin. Táthar ag moladh do ghrúpaí, eagrais agus daoine aonair smaoineamh ar imeachtaí a chur ar bun mar chuid den ‘Tóstal’ le Gaeilgeoirí a mhealladh chun na tíre. Tá féilte ar siúl ar fud an oileán, tá ‘Seachtain na Gaeilge’ i mí an Mhárta, tá picnicí, imeachtaí clainne, ceoil agus go leor, leor eile ar bun chomh maith. Is féidir eolas futhú seo a fháil ar an suíomh sonrach atá deartha don fheachtas, www.gaeilge2013.ie.

Ach, tá cuireadh dhá thabhairt duitse a bheith páirteach chomh maith. Tá daoine go leor nach bhfuil muiníneach as a gcumas labhartha Gaeilge, ach séard atá lucht an fheachtais seo ag rá ná muna bhfuil agat ach pocán gabhar - bí i lár an aonaigh!

Céard a dhéanfaidh tú mar sin? D’fhéadfá páirt a ghlacadh i gcomórtas, déan rún do Ghaeilge a úsáid agus a fheabhsú agus tabhair tacaíocht agus ugach do dhaoine i do thimpeall chun an rud céanna a dhéanamh. D’fhéadfá imeacht a eagrú i do phobal, i do scoil, imeasc do chomhoibrithe agus mar sin de.  Cláraigh leis an bhfeachtas é agus tabharfaidh sin misneach do dhaoine eile sin a dhéanamh chomh maith.

Is le chuile dhuine an teanga. Is linne an dúshlán agus is fúinne atá sé!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland