Top Issue 1-2024

6 January 2013 Edition

Resize: A A A Print

Oideachas Ghaeilge le fágáil ar an ngannchuid?

• Ruairí Quinn

MÁS MAITH is mithid gan dabht go bhfuil an tAire Oideachais, Ruairí Quinn, ag iarraidh go gcuirfeadh an Eaglais Chaitliceach roinnt mhaith dena scoileanna atá faoina gcúram ar fáil le haghaidh oideachas gan creideamh i bhfianaise an líon tuismitheóirí a bhíonn ag iarraidh a leithéid.

Ach nach ait nach ndéanann an tAire aon tagairt don ghaelscolaíocht. Ó thuaidh agus ó dheas tá éileamh ar ghaelscolaíocht nach féidir a shásamh cheal spásanna sna scoileanna.

Bíonn daoine, mar sin, ag iarraidh ainmneacha a gcuid páistí a chur síos dona gaelscoileanna fiú sula mbeirtear iad, agus bíonn na mílte ann nach féidir fáil isteach i ngaelscoil gach bliain.

Mar bharr ar an ndonas,  nuair a fhágann daltai na gaelscoileann is ar éigean go bhfuil áiteachaí i meánscoileanna Ghaeilge dóibh.

Agus taobh thiar dena deacrachtai seo tá faillí is naimhdeas go deimh an Ropinn Oideachais féin. Ar dtúis, cuireann an Roinn gach bac is féidir in aghaidh gaelscoil a bhunú agus bacanna breise in aghaidh mheánscoil. Fágtar gaelscoileanna ansin ag deire na scuaine nuair a ta foirgneamh le tógáil. Tá gaelscoil Barra i gCabrach ag iarraidh foirgnimh ó 1996 agus cé go bhfuil ceann ceadaithe anois ní bheidh sé ar fáil go dtí 2015.

Ní de thimpiste a tharlaíonn a leithéid, ach cuireann an Roinn go láidir in aghaidh ghaelscoileanna.

Agus mar chuid den fheachtas ina gcoinne bíonn tuairimíocht go coiteann sna meáin ag rá gur daoine meánaicmeacha atá taobh thiar den ghaelscolaíocht ag iarraidh a gcuid páistí a choinneail amach ó mionlaigh nua sa stát.

Bréag lom maslach ata sa gcaint seo. Ní hé nach bhfuil an mheanaicme i dteideal gaelscolaíocht a fháil dá cguid páistí ach sí fírinne an scéil é ná gur insna ceantracha lucht oibre a bhíonn an t-éileamh is mó, agus bíonn gaelscoileanna oscailte do mhionlaigh chómh maith is abhíonn scoil ar bith eile.

Ar ndóigh, ní hamháin nach bhfuil aon bhádh ag Ruairí Quinn don ghaelscolaíocht, ach tá sé ag iarraidh gearradh siar an an méad ama a chaitear le teagasc na Gaeilge. Ba chóir dó b’fhéidir iaracht a dhéanamh an teagasc sin a fheabhsú, go háirithe sna scoileanna Bhéarla mar is ar éigean go dtagann páiste ar bith as na scoileanna le Gaeilge labhartha ar bith.

Ní rogha é idir a gcearta a thabhairt dóibh siúd a dteastaíonn uatha oideachas gan creideamh a bheith ar fail da gcuid páistí agus tuismitheóirí ata ag iarraidh oideachas Gaeilge, ach is scannal an Ghaeilge a chur taobh thiar - agus i bhfad taobh thiar - dena héilithe eile.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland