Top Issue 1-2024

6 January 2013 Edition

Resize: A A A Print

Fás leanúnach le mothú don Ghaeilge i nDaonáireamh 2011

An Pholainnis sa dara teanga is mó luaite mar phríomhtheanga tar éis don Bhéarla le 17,731 cainteoirí

LÉIRÍONN DAONÁIREAMH 2011 sna Sé Chontae go bhfuil fás leanúnach ann i líon na ndaoine a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu ó bhí 2001 ann.

Foilsíodh toradh an daonáirimh an tseachtain seo caite agus tugadh le fios gur mhéadaigh líon na ndaoine le cumas sa Ghaeilge ó 167,487 sa bhliain 2001 go 184,898 anuraidh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil cumas 10.65% den phobal sa teanga anois.

Is tuar dóchais é nuair a bhristear na figiúir seo síos nó go bhfuil eolas ar an Ghaeilge níos coitianta i measc daoine d’aois idir 16 agus 44 ná i measc dóibh siúd 45 nó níos sine. Is toradh é dul chun cinn seo ar an obair mhaith atá siúl leis an Ghaeilge a chur chun cinn ag grúpaí pobail agus i scoileanna.

Níl torthaí iomlán an daonáirimh scaoilte saor go foil agus beidh orainn fanacht go ceann roinnt míonna eile sula mbeidh an mion eolas ar fad again.

Is féidir an t-eolas seo a chur leis an Suirbhé leanúnach Teaghlach a rinneadh le linn 2012 a thugann roinnt eolas dúinn faoi nósanna teanga an phobail a dhéantar go neamhspleách ón daonáireamh.

Tugann sin le fios go mbíonn duine as gach céad duine ag labhairt na Gaeilge sa bhaile ar bhonn laethúil agus go bhfuil triúr sa bhreis air sin a labhraíonn í sa bhaile ó am go céile.

Is athrú suntasach eile é ó thaobh teanga de an tionchar a d’imir an inimirce a tharla roimh an ghéarchéim eacnamaíochta ná gurb í an Pholainnis sa dara teanga is mó luaite mar phríomhtheanga tar éis don Bhéarla le 17,731 cainteoirí. Is í an Liotuáinis an tríú teanga is mó luaite le 6,250 cainteoirí. Is sa cheathrú áit atá an Ghaeilge luaite le 4,164 duine a deir gurb í a bpríomhtheanga. Tá an sciar is suntasaí den fhigiúr seo,1,650 duine, lonnaithe i mBéal Feirste.

Taobh amuigh de chúrsaí teanga, chíoraigh an daonáireamh ceist na féiniúlachta agus don chéad uair bhí ‘Northern Irish’ luaite mar náisiúntacht do na rannpháirtithe.

Ní dúirt ach 40% go bhfuil siad ‘British Only.’ Seo an chéad uair ó phlandáil Uladh go bhfuil siad sa mhionlach. Athrú mór is ea é ón am a dúirt Craigavon gur ‘Protestant State for a Protestant people’ a bhí uaidh.

Thug 25.3 le fios gur ‘Irish only’ iad agus mhaígh 20.9% eile gur ‘Northern Irish only’ atá iontu. Beidh an fhigiúr dheireanach ina ábhar díospóireachta go ceann i bhfad. Ó dhearcadh poblachtach is féidir gur daoine iad nach bhféachann orthu féin mar Bhriotanaigh. Ach ní chóir iontas a bheidh ann nár roghnaigh siad ‘Irish only.’

Bíonn na meáin ó thuaidh de shíor ag cur coincheap an náisiúin bheag chun cinn, ag maíomh gur áit ar leith é ‘norn iron.’ Déantar iarracht dílseacht don stáitín a spreagadh mar is nach mbaineann daoine sna sé chontae leis an chuid eile d’Éirinn.

census-BBC-UTV

Bíonn an BBC agus UTV ag dul do seo gan staonadh. Is eol dom cuid mhór daoine óga ach go háirithe atá bródúil as a nÉireannachas ach nach bhféachfadh trasnáil ar bith idir sin agus a rá gur tuaisceartaigh iad. Mholfainn nach ndéanfadh éinne atá ag iarraidh nach Éireannaigh na ndaoine seo a rá athmhachnamh a dhéanamh ar an cheist.

Fós féin bíonn na staitisticí seo balbh agus bíonn a scéal féin ag gach duine a líonann an foirm an daonáirimh isteach. Is fiú gan dearmad a dhéanamh ar sin.

Bíonn tábhacht nach beag le torthaí an daonáirimh le cuidiú le rialtais seirbhísí a phleanáil. Beidh ar an rialtas ó thuaidh na figiúir seo a staidéar agus polasaithe is seirbhísí á bhforbairt amach anseo.

Tá na ceisteanna sa daonáireamh ó thuaidh faoi chúrsaí teanga teoranta go leor ó thaobh an t-eolas a thugann sé dúinn, dírithe mar atá siad ar eolas ar an teanga agus gan aon cheist curtha faoi mhinicíocht úsáide. Ba mhór an cuidiú é dá mbeadh na ceisteanna ag teacht leo siúd a chuirtear sa Phoblacht.

Má tá dul chun cinn le ceiliúradh i dtorthaí an daonáirimh ná bí dul amú orainn ach tá neart obair le déanamh go fóill leis an Ghaeilge a chosaint agus a chaomhnú agus le cearta do phobal na Gaeilge a chinntiú.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland