Top Issue 1-2024

4 November 2012 Edition

Resize: A A A Print

Athchóiriú gan cumhachtaí, athchóiriú gan mhaith

Phil Hogan

FUAIR PLEAN Phil Hogan i dtaobh athchóiriú an rialtais áitiúil an-chuid poiblíochta nuair a foilsíodh é, agus an rialtas ag maíomh gan séanadh gurb é an t-athchóiriú ba dhoimhne in Éirinn é le céad bliain.

Bhí idir polaiteóirí is tráchtairí ar meisce leis an athchoiriú ‘substaintiúil’ seo, ach ag breathnú go stuama ar an bplean is léir gur mórán cainte ar bheagán cúise atá ann, mar fágann sé na hionadaithe tofa gan cúmhacht - agus mar sin gan údarás nó freagarthacht.

Siar insna ficheadaí baineadh cumhachtaí le cinní a dhéanamh ó chomhairleóirí ar fud an stáit.  Ag an am bhí cuid mhaith comhairlí condae ag diúltú aitheantas a thabhairt don Saorstát nó géilleadh d’ ordaithe uaidhn stát úd.  Tugadh an tAcht um Rúnaithe is Bainisteóirí i bhféidhm - Acht a thugann an focal scoir don bhainisteóir thar na cómhairleóirí.

Níl Phil Hogan ag déanamh aon athrú air sin, is go deimhin tá sé ag treisiú cumhacht na mbainisteóirí tré an ceart a bhaint ó comhairleóirí cinní pleanála a dhéanamh.

Sí fírinne an scéil í cinnte gur bhain caimiléireacht go forleathan le cúrsaí pleanála ar fud na tíre, ach is féidir le vótóirí comhairleóir ar bith a chur as oifig mura dtaitníonn a gcinní leo; ní féidir fáil réidh le bainisteoir.

Agus léiríonn scannal an tsuímh Charlton, mar ar ‘speáineadh ar TG4 i gcaitheamh na míosa é, gur féidir le oifigigh an bhainisteóra a bheith níos measa fiú ná na comhairleóirí.

Tá moladh amháin dearfach ag Hogan, ach tá sé sin curtha ar an méar fhada (an-fhada go deimhin) aige, agus sé sin an moladh gur chóir maor Bhaile Átha Cliath agus bhainte eile a thoghadh go díreach.  Níl aon am-scála leagtha síos dó seo, is níl a fhios againn cén cumhachtaí a bhéas ag maoir tofa, ach is cuma le Hogan é.

Níl faic fhiúntach déanta aige maidir le athchóiriú an rialtais áitiúil, ach tá an focal amuigh go ndearna.  Agus sa bpolaitíocht reatha in Éirinn, sin bun is barr an scéil!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland