Top Issue 1-2024

26 June 1997 Edition

Resize: A A A Print

Téann an ghrian faoi ar an impireacht

Is é Hong Cong gona shé mhilliún duine an limistéar is mó daonra atá fágtha san impireacht Shasanach taobh amuigh de Shasana féin. Oíche Dé Luain seo chugainn athaontófar é leis an tSín tar éis dó stádas coilíneachta a fhulaingt ar feadh 156 bliana.

Is féidir an drogall agus an drochfhonn a bhraith ar na himpiriúlaithe. Le cúpla bliain anuas tá an gobharnóir deiridh Chris Patten ar nós maistín atá ag iarraidh gan an liathróid a thabhairt ar ais mar go bhfuil an clucihe á chailliúint aige. Cuireadh miondhris chosáin sa bhealach ar na Sínigh gach orlach den slí. Táthar á lochtú mar nach bhfuil siad sách daonlathach, mura mhiste leat. A leithéid d'éadan ag teacht ó Whitehall! Ní raibh daonlathas ar bith i fadhbanna a chruthú do na Sínigh. In óráid a thug sé dhá bhliain ó shin d'aithin Robin Cook - an Rúnaí Eachtrach i Londain anois - é sin nuair a thug sé faoi rialtas Major as ``discovering democracy'' i Hong Cong agus an choilíneacht ag saothrú a bháis.

Shílfeá ó na meáin Shasanacha go raibh bronntanas á thabhairt do na Sínigh. Tugann sé chun cuimhne mar a deirtear ó tráth go chéile gur ``bronnadh neamhspleáchas'' ar a leithéid seo de thír ina leithéid seo de bhliain. Nár dheas uathu é!

Deng Xiaoping a cheap an fhoirmle a chinntigh fuascailt shíochánta Hong Cong - ``Tír amháin dhá chóras.'' Is ciallmhar an leagan amach é mar níl aon bhealach ann a bhféadfaí Hong Cong a chomhshamhlú isteach i nDaonphoblacht na Síne in aon iarracht amháin nó thar thréimhse ghairid de bhlianta gan fadhbanna móra a chruthú.

Táthar ann fós a chreideann gur misean éigin chun sibhialtachta a bhí mar fheidhm ag an impireacht, más de thaisme féin é. Ná creid focal de. Dúishaothrú agus cinedheighilt na tréithe ba mhó a bhí i saol Hong Cong ar feadh a staire mar choilíneacht.

Gabhadh an t-oileán an chéad lá le linn Chogadh an Chodailín, cogadh a fearadh ar na Sínigh ar mhaithe le trádáil an East India Company sa chodailín/opiam, trádáil a bhí ag déanamh an-dochar sóisialta agus polaitiúil don tSín ag an am. Nuair a chuir na Sínigh cosc le himpórtáil an chodailín rinne fórsaí Bhanríon an Ghorta ionradh orthu ar mhaithe leis an saorthrádáil.

Ar ndóigh, tá tábhacht domhanda le fuascailt Hong Cong. I 1916 ba í impireacht Shasana an impireacht ba mhó a bhí ann riamh. Bhí an ceathrú cuid de dhaonra an domhain ag an am - 400 milliún duine - faoina smacht. I 1945 bhí sé fós fíor nach ndeachaigh an ghriain faoi ar chríocha na Winsorach. Sna 1960í bhí ciorrutihe míleata taobh thoir de Shuais ina chnámh spairne polaitiúil i Londain.

Má fhágtar an Ríocht Aontaithe as an áireamh is é Bermuda a bheas ar an limistéar is líonmhaire daonra san impireacht taobh thuaidh, theas, thair nó thoir de Shuais tar éis an Luain agus níl de dhaonra ag an oileán sin ach 30,000 duine.

Mairimid, faoi rath na seanbheannachta Síní, i ré shuimiúil. Go n-éirí sí níos suimiúla fós!

Le Colm de Faoite


An Pinsin abú!



LE EOGHAN MacCORMAIC

Bhí mé ag léamh scéal sna nuachtáin an tseachtain seo faoi shagart sna Stáit Aontaithe, seansagart, a tharraing síos pinsin a athair a bhí ina bhall den RIC tráth, ar feadh 10 mbliana i ndiaidh don tseanleaid bás a fháil. Bhí greann sa scéal, gan amhras, agus admhaím go bhfuil áit i mo chroí i gcónaí - fiú sna laethanta seo nuair bhfuil ár dTeachta Dála féin againn - go bhfuil áit i mo chroí do dhaoine a n-éiríonn leo dallamullóg a dhéanamh ar an stait.

Is seantraidisiúin atá ann, agus cé go bhfuil a fhios agam nach bhfuil sé dleathach ná dlíthiúil ná cóir, tá mé cinnte gur ag gáire agus nach ag gearán a bhí daoine nuair a chuala siad faoi chleas an tsagairt. Miniú nua ar saol síorraí, gan amhras, agus murach an bhean rialta sin a chuir na seiceanna ar ais sa phost agus a chuir deireadh de bhrí sin le ioncam iontach an tsagairt bheadh an fear naofa ar mhuin na múice fós. Bí ag caint faoi cherchez la femme!!

Ach tá taobh eile don scéal, agus taobh atá i bhfad Éireann níos dáiríre ná píosa grinn a bhaint as gliceas ná cuntasóireacht chruthaíoch an Chabhánaigh chraosaigh. Ní gnáth phinsean stait a bhí i gceist sa chás seo, ach pinsean an RIC. An RIC. Lámha in airde ag cúl an ranga einne a cuimhníonn an RIC. 1922, blianta, blianta, fada ó shin sin nuair a tharraing athair an tsagairt a phá sheachtainiúil deireannach ón RIC. Sin cúig bhliana dhéag agus trí scor ó shin agus caithfidh mé a rá gura fada buan ar fhod Fhodhla einne a tharraingíonn pinsean le haghaidh trí cheathrú chuid den chéad. Agus má's beo einne eile fós a bhí ina bhall den RIC tráth, is dóigh liom go bhfuil pinsean de chineal éigin tuillte acu, nó aithint éigin as fhadbhuaine a saol. Ach ní dóigh liom go bhfuil móran acu beo beatha fós, nó meastar go mbeadh athair an tsagairt sanntaigh níos mó ná 102 bhliana d'aois anois - dá mbeadh sé linne, nó lena mhac mímhacanta, fós. 102 bhliana d'aois... nach gceapfá go gcuirfead duine inteacht ceist, sa roinn, faoi shláinte an tseanleaid ó am go h-am. Nach gcreidfea go mbeidís ag iarraidh cárta breithlá an chéid a chuir chuige ó Mháire Bhean Nic Roving? Cuireann sé an scéal i gcuimhne dómh faoin láithreoir ar Highland Radio a léigh beannachtaí amach lá amháin `For John Doherty, who is 111'. `Agus' ar seisean, `nach iontach an fear é 111 bliain d'aois'. Ach cupla noinéad ina dhiaidh sin d'admhaigh an laithreoir bocht `That John Doherty is ill, and not 111'. Ach tcítear nach raibh einne sa Roinn Airgeadais ag léamh na dátaí breithe ro-chruinn, agus lean siad ar aghaidh ag íocadh pinsean póilín a fuair bás níos mó ná deich mbliana ó shin.

Agus ar ndóigh, tá taobh eile fós den scéal.... pinsean cóilíneach a bhí ann sa phinsean seo, cuid de `dhualgais' an stait íocadh pinsean na ndaoine siúd a rinne slad agus cos ar bholg agus spiaireacht agus diansmacht ar an tír seo le linn laethanta an chóilíneachais. Cé fios cá mhéad airgead a théan amach as an tír seo gach bliain ar thoradh conradh a síníodh, faoi bhagairt, 75 bhliana ó shin? Cé fios cé mhéad airgead a imíonn as an tír mar gheall ar chíos talaimh do thiarna talaimh eachtrannacha gach bliain? Tamall ó shin, scríobh mé sna leathánaigh seo faoi `Cháisleán an Mhéaracáin' nó Thimble Castle agus sreachailt Mhicheál Mullins in aghaidh dúbhchíos ar theach a theaghlaigh i nGaillimh. Tá an tUasal Mullins - a chuirfeadh fáilte i gcónaí roimh litreacha tacaíocta ó leitheoirí APRN - ag seasadh fod in aghaidh iarsma eile den chóilíneachais, cíosanna talaimh.

Tá daoine ann a deirfeadh, go magúil, go raibh an sagairt ag troid a chogadh éacnamaíochta féin in aghaidh an chórais, nó gur ghearr sé idir £30 000 agus £35 000 breis ar phinsean a athair i ndiaidh a bháis. Ach má a rinne, agus níl mé ag gearán faoina cháimiléireacht per se, tharraing sé airgead na hÉireann mar aisíocadh ar obair na Sasana in Éireann. Uaireanta bíonn samplaí mar seo ag teastail le amaideacht an chórais iarchóilínigh a nochtadh. Bímis buíoch don bheanrialta as a haireacht agus togadh an stat a chéacht as... deireadh a chur ler costaisí iarchóilíneach a íocadh láithreacht. Táimid fuilbhanaithe le 75 bhliana... tá sé in am anois don aisíocadh!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland