Top Issue 1-2024

30 September 2012 Edition

Resize: A A A Print

Teitheadh na dTeifeach

Gá le athrú práínneach ar an dlí do lucht thearmainn in Éirinn

Alan Shatter

Tá caint mhór ar an iniúchadh atá HIQA ag déanamh ar thithe altranais, ach, tá na hIonaid Tearmainn seo dhá rith ar nós príosúin oscailte

AN TSEACHTAIN seo caite fuair an dream atá ag fanacht in Ionad Fhoráil Dhíreach i nGaillimh, Lisbrook, faoiseamh shealadach ón mbagairt go mbogfaí fud, fad na tíre iad, mar go bhfuil sé le dúnadh. Teifigh ón Afraic agus an Meán Oirthear is mó atá ag fanacht i Lisbrook, a bhíodh ina óstán IBIS tráth - 273 duine ar fad, idir fhir & mná singil agus clanna. Tá cuid mhaith do na daoine seo ag lorg tearmann in Éireann le hós cionn 7, nó 8, de bhlianta agus gan aon tuairim acu cén uair a dtabharfar breith ar a n-iarratais.

Ní raibh sé ach seachtain go leith roimhe sin, ar an Luan, nuair a chuala siad go neamhoifigiúil go raibh an comhlacht príobháideach a ritheann Lisbrook, tar éis scéala a fháil nach raibh sé i gceist ag an Gníomhaireacht Fáiltithe & Imeasctha (RIA - Reception & Integration Agency) an conradh atá acu a athnuachan. Deir RIA gurb í an chúis atá leis an gcinneadh ná go bhfuil titim mhór ar líon na ndaoine atá ag lorg tearmann in Éirinn agus go bhfuil spás in ionaid eile ar fud na tíre do na Teifigh.

Fuair tionóintí Lisbrook litreacha ar an Déardaoin agus Aoine dár gcionn, go mbéidís le bogadh taobh istigh de laethanta, ach ní raibh fhios acu cén áit a raibh siad le dul. Ar an Luan agus Máirt dár gcionn bhí litreacha ar faics faighte ag suas le 100 duine go raibh siad le n-aistriú ar an Déardaoin dár gcionn.

Tá cuid mhaith de phobal na hÉireann a déarfadh go bhfuil an t-ádh leis an dream seo go bhfuil lóistín in aisce acu ón Stát agus iad ag tarraingt ar thacaíocht sóisialta le éadaí agus ábhar eile a fháil. Ach, tá an fhírinne an-difriúil.

Ar dtús báire, tá príobháidiú an chórais cóiríochta seo scannalach. Tá caint mhór ar an iniúchadh atá HIQA ag déanamh ar thithe altranais, ach, tá na hIonaid Tearmainn seo dhá rith ar nós príosúin oscailte, gan cead isteach ag ionadaithe poiblí, nó ag lucht fiosraithe leis an gcaighdeán atá iontu a mheas.

Tá suas le seisear ag fanacht i seomra amháin i gcuid de na hionaid seo, le blianta fada, gan aon fáíl acu ar chistin, seomra suí, ná spás eile príobháideach. Caithfidh siad ithe nuair a chuirtear béile ar fáil, ní féidir leo cócaireacht dóibh féin agus caithfidh siad cead a fháil más mian leo imeacht ar feadh cúpla lá le cuid den tír a fheiceáil, nó cuairt a thabhairt ar chairde.

Tá cuid mhaith de na teifigh seo ard-oilte. Tá oideachas tríú leibhéal agus iarchéime orthu. Tá fonn oibre orthu agus níl an chead sin acu. Tá taithí acu i mbun gnó, sna healaíona, i gcúrsaí leighis agus go leor eile, a bheadh buntáistiúil don Stát ach cead a fháil na buanna sin a roinnt linn.

An trua is mó atá ann, ná na gasúir atá sna hionaid seo. Agus mé dhá scríobh seo tá scamall ós cionn cloigne na bpáistí seo, go bhfuil siad fós le bogadh, le tógáil amach as na scoileanna ina mbíonn siad, ó na cairde atá acu, na seirbhísí tacaíochta atá ann dóibh agus na pobail ina maireann siad. Níl aon daonnacht, ná taise ag baint le cinneadh den tsórt seo.

Tháinig brú polaitiúil agus pobail le go dtarringeofaí cinneadh RIA siar. Bhí busanna tagtha ar an gCéadaoin, cuid de na tionóntaithe suite iontu, réidh le bogadh agus dhá chriú teilifíse taobh amuigh de Lisbrook, nuair a tháinig an glaoch guthán leis an mbogadh a stopadh, go dtí go ndéanfadh an tAire Shatter athbhreithniú air.

Lom na fírinne faoi seo ná gur chóir don Aire an cinneadh míthrócaireach a tharraingt siar leis an dream seo a fhágáil sa bpobal ina bhfuil siad lonnaithe, gur cheart dó an córas a athrú go hiomlán - mar a gheall sé féin, Fine Gael agus an Lucht Oibre, sular toghadh iad. Agus, gur chóir na h-iarratais tearmainn a phróiseáil chomh sciopaí agus is féidir le gur féidir leis na Teifigh seo dul ar aghaidh lena saol. Idir an dá linn, ba chóir cearta sealadacha a thabhairt dóibh le oideachas a chuir orthu féin, obair a dhéanamh agus cáin a íoc. Sin an rud is lú a bhíonn muidne ag lorg dár saoránaithe féin thar lear agus sin an rud is lú atá dlite ag lucht tearmainn in Éirinn chomh maith.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland