Top Issue 1-2024

30 September 2012 Edition

Resize: A A A Print

Caint gan stad – Caint gan toradh

Michael Noonan

Sé sin tá an misneach ag Gilmore is a cháirde ualach na géarchéime a chur ar na daoine is boichte sa sochai seo is faoiseamh is cabhair a thabhairt don dream is saibhre

IS DÓCHA go bhfuil chuile dhuine tinn tuirseach faoin tráth seo faoin tsíor-chaint ó pholaiteóirí is iriseóirí neamhaitheasacha go bhfuil margadh nach mor déanta a thabharfadh faoiseamh don tír seo óna haisíocaíochta troma atá le déanamh againn le cinntiú nach gcaillfeadh bainc Ghearmáineacha aon airgead.

Th’éis an chruinniú is deireannaí i Nicosia sa gCipir, dúirt an tAire Airgeadais Michael Noonan go bhfuil margadh fiúntach dhá oibriú amach ag airí airgeadais is ag Banc Cheannais na hEorpa a chabhróidh go mor leis an tír seo.

Bhí speculaeracht ann go mbeadh socrú ‘fiúntach’ ann roimh deire na míosa seo, ansin roimh na bliana, agus anois am éigin san aithbhliain. Ach ná bí buartha, mar tá Michael Noonan ag rá go bhfeileann sé dúinn gan socrú a dhéanamh ró-luath ar fhaitíos go mbeadh socrú níos fearr ag an Spáinn mar shampla má thagann siadsan inár ndiaidh.

“Creidim,” dúirt an tAire, “go mbeidh margadh againn ag deire an lae. Fiúntas an mhargaidh, sin í an cheist, ach leanfaimid ag obair faoi.”

Céard is brí leis an gcaint seo uilig?  I ndáiríre níl aon mhargadh ann, agus tá mé féin aimhreasach go mbeadh margadh fiúntach ar bith ar fáil dúinn ar aon chuma, mar tuigeann na daoine atá i gceannas ar an Aontas Eorpach nach bhfuil le déanamh linn ach cúpla focal molta a thabhairt duinn mar níl aon fhonn troda nó aon chumas troda ar ár gcuid polaiteóirí.

Mar sin tá na cainteanna ag dul ar aghaidh i gcónaí gan stad - is gan toradh.

Tá na polaiteóirí se’aghainne sásta a bheith ina mbuachaillí béasacha ag súil go bhfaighidh muid aithris éigin ar bhuntáistí a bhainfidh tíortha eile - níos mó is níos bródúla na muid - rud éigin amach nach bhféadfaí a dhiúltú dúinn ag an am céanna.

Tá dhá chluiche ar siúl i ndáiríre. Cé go bhfuil an ghéarchéim ann toisc gur ghlacamar páirt san Euró, deir na polaiteóirí gurb é leigheas an scéil é ná an taobh polaitiúil den Euró a threisiú: sé sin, céim níos láidre a thóigeáil i dtaobh stát feidearálach a dhéanamh den Aontas Eorpach.

Seo díreach an chontúirt ar thug páirtithe ar nós Shinn Féin, agus eagraíochtaí eile nach raibh faoi draíocht ag an bhFiontar Eorpach, foláireamh faoi nuair a chuamar isteach sa gCómhargadh an chéad uair chómh fada siar is 1972.

Is maith an rud é comhoibriú, eacnamúil is sóisialta, ach gan neamhspleáchas polaitiúil agus féinfhlaitheas ag stát na hÉireann níl aon ghuth againn faoina cinní móra atá le tóigeáil sa todhchaí.

GilmoreEamon Gilmore

Agus má léiríonn cúrsa na géirchéime reatha aon rud duinn, leiríonn sé gur chuma le lucht cheannas na hEorpa muide, ár leas is ár mianta. Is beag is fiú dóibh eacnamaíocht na tíre seo a scrios, ár bpobal a chur faoi bhochtaineas is eisimirce más féidir leó an coras rachmasach a chosaint is féachaint chuige go bhfanfadh bainc na Gearmáine láidir is tréan.

Agus sé an dara chluiche, idir an da linn, ná muid a cheangal le déine go dtí go mb’fhearr le daoine aon rogha ar bith ar an scrios atá le fulaing is a bheidh le fulaingt.

Agus ag tús na scuaine ag cur polasaí déine i bhféidhm?  Cé eile ach Páirtí an Lucht Oibre!  “Ní sheachnóidh muid ár ndualgas,” deir Éamon Gilmore, ceannaire an Lucht Oibre, “nuair a bheidh na cinní deacra le tóigeáil,”

Is cén cinní deacra iad?  Ní cinní le iachall a chur ar na bancaeraí íoc as a gcuid faillí féin. Ní cinní le briseadh le déine. Níó cinní le stop a chur leis an amaideas ag tabhair na billiún Euró dona bainc. Ach cinní le cearta seandaoine is daoine a bhíonn ag brath ar leas sóisialta a laghdú.

Sé sin tá an misneach ag Gilmore is a cháirde ualach na géarchéime a chur ar na daoine is boichte sa sochai seo is faoiseamh is cabhair a thabhairt don dream is saibhre.

Tá Labour ina n-ainm, ach tá leas lucht airgeadais inár gcroithe!

Ar ndóigh, tá Fine Gael sásta leis seo (tuige nach mbéadh?) agus ní feidir le Fianna Fáil é a chaineadh mar sé an polasaí céanna é a thug siadsan isteach.

Agus mura bhfuil tusa sásta leis an bpolasaí ní foláir athrú a dhéanamh, is ní foláir breathnú taobh amuigh dena páirtithe sin chun an t-athrú a aimsiú.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland