Top Issue 1-2024

2 September 2012 Edition

Resize: A A A Print

Fear an Mhisnigh

Oidhreacht John Joe McGirl agus gluaiseacht na Poblachta

Is fúinne atá sé anois an fhís a bhí ag John Joe do Phoblacht Uile-Éireann, le cothrom na féinne do chách, a fhíorú

NÍOR CHAS mise ariamh le John Joe McGirl, ach bhí tionchar aige ar mo shaol agus mó ról mar ionadaí poiblí. Sna 1980 aí chuidigh sé leis an rún a thug cead d’ionadaithe tofa Shinn Féin glacadh lena gcuid suíocháin Dála agus Seanaid. Murach é, is dócha nach mbéinn i mo Sheanadóir inniu. Is maith a thuig mé sin nuair a fuair mé cuireadh aitheasc a thabhairt ina onóir ag an gcomóradh ar a shon ina bhaile dúchais, Béal an Átha Móir, le déanaí.

Ba ócáid shuntasach é an vóta sin i stair fhada, eachtrúil John Joe McGirl i ngluaiseacht na Poblachta. Rugadh é i mí an Mhárta 1921, nuair a bhí cogadh na nDúchrónach faoi lán tseoil. Ba cheantar bocht, buailte a bhí i gcontae Liatroma an tráth úd agus an éagóir agus an cos ar bholg go laidir le brath, go háiritheagus iad chomh gar sin don dteorann nua-tharraingthe. Bhí John Joe McGirle rannpháirteach sa ghluaiseacht ó luath sna tríochaidí agus ba nasc é ar feadh tamall fhada idir an sean-choimhlint sin agus an choimhlint armtha is déanaí a bhí ann.

Bhí sé deacair leitheide John Joe a bheith gníomhach sa ghluaiseacht sna tríochaidi agus ceathrachaidí, mar bhí Fianna Fáil ag iompú naimhdeach dóibh siúd  a throid lena dtaobh i gCogadh na Saoirse agus thug siad reachtaíocht isteach chun gluaiseach na Poblachta a chuir faoi chois. Mar thoradh ar seo cuireadh John Joe i ngéibhinn i 1939 i bpríosún Mhuinseó agus níos déanaí ar an gCurrach. Bhí na coinníollacha brúidiúil agus barbartha ann.

Nuair a scoaileadh saor é, thug John Joe aghaidh ar an ngnó clainne ina bhaile dúchais, ach d’fhan sé gníomhach mar Phoblachtánach, go háirithe i bhfeachtas an teorann agus fuair sé príosún arís dá bharr seo. Sheas sé mar iarrthóir in olltoghchán 1957, i ndiaidh bás Seán Sabhat agus Feargal Ó hAnluain agus toghadh mar Theachta Dala é. Ach, de réir polasaí neamhfhreastail an pháírtí ag an am, níor ghlac sé a shuíochán agus chaill sé arís é i 1961.

Sheas sé sa bhearna baol arís sna seascaidí agus sna seachtóidí nuair a bhí ionsaithe fíochmhara dhá dhéanamh ar gnáth shaoránaithe sna sé chontae agus chuir sé i gcoinne réimeas na Breataine ann. Cuireadh i bpríosun arís é dá bharr seo, an t-am seo sa Cheis Fhada, i 1974 - agus arís bhí na coinníollacha barbartha agus míthrócaireach.

Tháínig sé chun cinn sa tréimhse sin mar dhuine de cheannairí ghluaiseacht na Poblachta agus bhí ardmheas ar an léamh a bhí aige ar chúrsaí polaitíochta agus an taithí fhairsing a bhí aige. Ba é an taithí seo is dóigh, a chuidigh leis a bheith mar Chomhairleoir Chontae den chéad scoth do mhuintir Liatroma ar feadh tríocha bliain - in ainneoin é a bheith i ngéibheann ar feadh tréimhsí fada dó sin.

An íomhá is suntasaí atá ann de John Joe McGirl ná grianghraf a tógadh dó lasmuigh de Theach Laighean, nuair a diúltaíodh cead isteach dó mar chuid de thoscaireacht ó Chomhairle Chontae Liatroma. Ní raibh sé éasca ná faiseanta a bheith i d’ionadaí poiblí do Shinn Féin an uair sin - ach ní raibh faisean ná éascaíocht tábhachtach do John Joe. Tráthúil go leor, ta cóip den phictiúr sin ar chrochadh inniu in oifig an Teachta Dála, Micheál Colreavy, lastigh den Teach céanna.

Toghadh John Joe mar leas Uachtarán ar Shinn Féin sna hochtóidí agus thuig sé nuair a chonaic sé an bá a bhí ag na mílte do lucht na stailceanna ocrais, go raibh seans ann an Poblachtánachas a chuir chun cinn tríd módhanna polaitiúla agus sin an chúis gur thacaigh sé le glacadh le suiocháin Dála agus Seanaid.

Bhásaigh John Joe i 1988, ach bhí oidhreacht luachmhar fágtha ina dhiaidh aige.

Is fúinne atá sé anois an fhís a bhí ag John Joe do Phoblacht Uile-Éireann, le cothrom na féinne do chách, a fhíorú. Ní bheadh na deiseanna polaitiúla atá againn anois ar fáil dúinn murach laochra ar nós John Joe. Is dual dúinn gach ar féidir linn a dhéanamh le cinntiú nach obair in aisce a bhí ar bun aige, ná na céadta eile cosúil leis, a rinne a gcion féin le go mbeadh an deis seo againne. Níor chaill fear an mhisnigh ariamh é, a deirtear agus is cinnte gur fear misniúil ab ea John Joe McGirl. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland