Top Issue 1-2024

29 July 2012 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Ag gabhail seilbhe ar na meáin nua

Braitheann sé, dar liom, ar an úsáid a bhaineann tú as

TÁ CARA AGAM a bhí an-tugtha do na gréasáin sóisialta le roinnt blianta anuas, ag scríobh dialann a shaoil gach maidin, tráthnóna agus oíche ionas go mbeadh a fhios ag an domhan go raibh sé ann. Nuair a bhí a bhonn rothair pollta bhí a fhios againn faoi, nuair a rinne na páistí dearmad a bhosca lóin a thabhairt ar scoil bhí a fhios againn faoi agus de réir a chéile cuireadh muid (a gcairde, mar dhea) ar an eolas faoi gach thuas seal thíos seal ina scéal.

Rud maith nó droch-rud? Do rogha. Braitheann sé, dar liom, ar an úsáid a bhaineann tú as.

Bíonn dhá bhealach éagsúil le féachaint ar na gréasáin seo. Ar bhealach amháin, is uirlis spraoi atá ann, uirlis a ligean isteach úsáideoirí go foinsí ábhair éadroma, fantasaíocha a thugann deis do dhaoine domhan agus sochaí níos fearr a chruthú. Sochaí lán de thithe agus bailte agus feirmeacha agus talamh a cheannach agus a dhíol . . . NAMA gan na fiacha i ndairíre. Domhan ina mbíonn maoin ag fás gan srian agus nach mbíonn fíor impleachtaí ann má thagann teip ar d’iarrachtaí.

Agus ansin tá úsáid eile de na gréasáin ina mbíonn daoine ag nochtadh mothúcháin agus fealsúnacht agus físeanna dá bhfíor-shaol. Réimse iomlán leathan cumarsáide atá ann, ó fhógraí breithe go fógraí báis; ó féin-mholadh go féin-cháineadh; ó roinnt fadhbanna go réiteach fadhbanna; ó thaighde do chur i láthair cartlanna staire; ó scéalta soineanta go scéalta dorcha bíonn an gamut go léir ann. Agus, ní mór a rá, go mbíonn réimse leathan daoine, ó gach aois-ghrúpa, inscne, cine, aicme páirteach ann.

Agus ar ndóigh bíonn daoine ag úsáid na meáin nua seo le cúiseanna dá gcuid féin a fhorbairt. Tá feachtais de gach cineál le fáil ar Facebook, cuid acu atá leathan-bhunaithe, cuid atá ann le deis a thabhairt ionsaí a dhéanamh ar dhaoine eile, cuid atá gearr- nó fad-téarmach. Bíonn scileanna éagsúla ag comhairleoirí éagsúla i Sinn Féin ar úsáid na meán seo. Nuair a bhí tuillte uisce i gCluain a Choillte nó sa Trá Gearr bhí tuairiscí cothrom le dáta ó ionadaithe Shinn Féin sna ceantair sin ar an damáiste, agus ar an chabhair a bhí agus atá le fáil. Agus in amanna bhí réamhaisnéis aimsire, fiú, curtha suas ag comhairleoirí Shinn Féin nuair a bhí a thuilleadh báistí ag teacht!

Molaim an bealach go mbíonn comhairleoirí againn i gcónaí ag síniú amach i dtreo meáin nua, ardáin nua, páirceanna catha nua, agus sílim gurbh fhiú go bhfuil Aonad Teicneolaíochta na Faisnéise sa pháirtí le traenáil a chur ar fáil do gach ionadaí poiblí (agus ceannairí) sa pháirtí ar an tairbhe is fearr a bhaint as na meáin nua. Leathhaimis obair an Aonaid sin amach agus cinnteoimis go bhfanann poblachtánaigh sa tús cadhnaíochta I gcónaí. Mura dtuigeann daoine an tábhacht - nó an chumhacht - a bhaineann leis seo, cuimhnigh ar an Tweet cáiliúil sin anúraidh agus an tionchar a bhain leis!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland