Top Issue 1-2024

2 July 2012 Edition

Resize: A A A Print

An Ciste Infheistíochta Gaeilge – Ag treisiú le tógáil na Gaeilge

Ag an lainseáil i gCultúrlann Uí Chanáin, i nDoire, Nollaig 2010; Caoimhín Mac Giolla Mhín, Máirtín Ó Muilleoir, Gearóid Mac Adhaimh, Dolores Ó Reilly, (Cathaoirleach), Mark H Durkin, Niall Ó Cathain, Gearóid Ó hÉara agus Laraí Mac Curraidh

Is léir le fada an lá go bhfuil bac ar chuid de na heagrais mhaoinithe cuidiú a sholáthar do thionscadail chaipitil fhorbartha Gaeilge de réir na gcritéir lena n-oibríonn siad.

Le dul i ngleic leis an fhadhb seo, oibreoidh An Ciste Infheistíochta Gaeilge, (CIG) a buneoidh i mí Aibreán 2010 í, ar mhodhanna praiticiúla le heagrais le bealaí straitéiseacha cruthaitheacha a aimsiú le cuidiú le tionscadail chaipitil fhorbartha Gaeilge a chur chun cinn ar fud na Sé Chontae.

Cuirfidh an ciste nuálaíoch seo maoiniú ar fáil le tacú le tionscadail chaipitil a bhfuil géarghá leo agus cuideoidh Ciste le heagrais le bealaí thógála maoinithe as foinsí eile a uasmhéadú. Mar sin de, beidh tábhacht nach beag leis an fhorbairt leanúnach atá le cinntiú don Ghaeilge ar fud an Tuaiscirt.

Chinntigh Gearóid Mac Ádhaimh an Ciste seo, £8m ar fad, ar chaibidlí Chromghlinne i mí Feabhra 2010 (le £12m fosta don earnáil teilifíse agus craoltóireachta), agus díreoidh sé ar nuálaíochtaí caipitil a:

CISTE-LOGO

  • Chuirfidh le hinbhuanaitheacht na mianta sóisialacha, eacnamaíocha agus cultúrtha atá ag pobal na Gaeilge sna Sé Chontae agus lasmuigh dóibh.
  • Cuirfidh cuidiú airgeadais ar fáil i gcur chun cinn straitéiseach agus i bhforbairt Phobal na Gaeilge.
  • Éascóidh spreagadh forbairtí eacnamaíocha agus cruthú fostaíochta atá ina bhunchloch i bhforbairt Phobal Gaeilge inbhuanaithe.

I mí Dheireadh Fómhair, 2010, ceapadh Caoimhín Mac Giolla Mhín, a bhfuil a shaol caite aige le forbairt an phobail agus le hathghinneadh eacnamaíoch.

“Agus sinn ag meas na moltaí uilig, beidh aird mhór ar an inbhuanaitheacht fhadtéarmach,” arsa Caoimhín Mac Giolla Mhín.

“Beidh aird ar leith ar bhunú straitéiseach tíreolaíoctúil “croícheantar cultúrtha” sna Sé Chontae.

“Beidh muid ag tacú le tionscadail chaipitil a thacóidh leis an bhorramh leanúnach atá faoin Ghaeilge agus faoin chultúr a bhaineann léi sna croícheantair chultúrtha fhadbhunaithe agus chomh maith le pobail Ghaeilge eile atá ag teacht chun cinn ach a bhfuil infreastruchtúr de dhíth orthu,” dúirt Caoimhín Mac Giolla Mhín.

Spreagadh agus cuireadh comhairle ar gach grúpa ar thug Ciste cuairt orthu go dtí seo breathnú ar a n-áit féin i saol na Gaeilge mar thionscadail Ghaeilge agus tosú ar phleanáil don todhchaí.

“D’iarr muid orthu pleananna forbartha réadúla a ullmhú agus aird a dhíriú ar thionscadal caipitil ina mbeidh lonnaithe seirbhísí inbhuanaithe lán-Ghaeilge sna blianta romhainn.”

“Tá sé tábhachtach go leagann daoine amach fís dóibh féin ainneoin go bhfuil cúrsaí trom san earnáil phoiblí agus ganntanas an-mhór maoinithe ann,” arsa Caoimhín Mac Giolla Mhín.

Ní raibh de dhíth ar chuid de na grúpaí seo ach Ciste Infheistíochta Gaeilge teacht ar an saol.

Go dtí seo, mheall maoiniú £1.5m de chuid CIG £2.5m as foinsí eile le cuidiú le tionscadail i nDoire Theas, i nDún Theas, in Aontroim Theas, ar an Iúr agus i gCeathrú  Ghaeltachta Bhéal Feirste. Tá tionscadail ar an Iúr agus in Áth na Long faoi lán seoil mar is iad a chinntigh comh-mhaoiniú cheanna féin.

Cultural Centres

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland