Top Issue 1-2024

27 August 2010

Resize: A A A Print

An Streacailt i 1966

 

Leacht Phádraig Uí Ríorbhardáin, Cinn Mhara

 

  LE SEÁN Ó MURCHADHA

TAMAILLÍN ó shin agus mé ar mo bhealach ó Chinn Mhara go Baile Uí Bheacháin thug mé faoi deara leacht thart fá dhá mhíle taobh amuigh de Chinn Mhara. Ní raibh cuma iontach ar an leacht ach bhí an scribhneoireacht soiléair go leor chun léamh. Bhí na focail seo ar an leacht:

Coiste Cuimhneacháin

Phádraig Uí Rioghbhardáin

A thóg an leacht seo mar buan 

cuimhneachain ar Phádraig Ó Rioghbhardáin

(Óglaigh na hÉireann), Ceann Tiurc

A fuair bás anseo Márta 12 1966

Chuir na focail mé ag smaoineamh agus ag iarraidh tuille eolais faoin Phádraig Ó Rioghbhardáin seo. Cén fáth go raibh Óglach ó Chorcaigh lonnaithe i nGaillimh? Céard go díreach a tharla dó, mar ní raibh éinne ar Liosta na Marbh i gCo. na Gaillimhe a fuair bás sa bhliain 1966. 

Tar éis cúpla ceist a chur ar dhaoine i nGaillimh fuair mé amach go bhfuair sé bás i dtimpiste bóthair ag an áit ina bhfuil an leacht anois. Tháinig sé go Gaillimh mar bhí sé ag obair mar iascaire sa cheantair.

Ach bhí sé i bhfad níos mó ná iascaire. Ba Óglach é agus é i gceannas ar na Fianna Éireann i nGaillimh. Bhi se páirteach i gcomharchumann ar Árann agus bhí sé mar runaí ar an National Waters Restoration League, eagraíocht  poblachtach a bhí ann chun cearta abhann na hEireann a bhaint amach do ghnáth mhuintir na tíre.

Seo an tréimhse i ndiaidh deireadh Feachtas na dTeorann  agus nuair a thosaigh an gluaiseacht ag cuir níos mó béime ar an taobh sin den streacailt a bhain le cursaí socheacnamaíocha tríd eagraíochtaí ar nós an Restoration League agus an Dublin Housing Action Committee. 

Bhéinn den tuairim nach bhfuil moran eolais ag daoine(mise san aireamh) faoin tréimhse sin sa streacailt. De ghnáth smaoiníonn daoine ar Feachtas na dTeorann agus ansin díríonn said ar eachtraí 1969 agus céard a tharla i diaidh sin. Ach is léir ón méad bheag atá ar eolas agam faoi shaol Óglach Phádraig Uí Rioghbhardáin gur tréimhse fíor spéisiúil a bhí ann.

Cé nach bhfuil ach tús curtha agama ag fiosrú an tréimhse seo, táim den tuairim go bhfuil neart go féidir linn foghlaim ón am sin. Taispeánann daoine ar nós Phádraig go raibh an streacailt níos mó ná an cogadh amháin agus go chóir duinn an chuid eile seo de streacailt a chur san áireamh chun ár n-aidhmeanna a bhaint amach, rud atá fíor tábhachtach inniu dúinne atá ag feidhmiú i dtréimhse ina bhfuil deireadh leis an streacailt armtha.

Cé gur tháinig críoch tubann ar shaol Phádraig Uí Rioghbhardáin, táim den tuairim go féidir leis agus neart daoine a tháinig i ndiaidh é inspioráid a thabhairt dúinn go fóil.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland