Top Issue 1-2024

25 May 2012 Edition

Resize: A A A Print

Tromluí Uí Chuív?

Céard atá ar siúl ag Iar-Leascheannaire Fhianna Fáil?

Éamon Ó Cuív

Débhríochas ceann de na cleasanna is coitianta a úsáideann Éamon Ó Cuív. Déarfadh daoine áirithe go gciallaíonn sin go bhfuil scil faoi leith aige labhairt amach as an dá thaobh dá bhéal!

CÉARD a bhí ar siúl ag Éamon Ó Cuív leis an bhfógra go raibh sé chun rud éigin ‘suntasach’ a fhógairt sular thug sé le fios go mbeadh sé ag géilleadh do cheannaireacht Mícheál Martin agus ag coinneáil a chlab dúnta maidir leis an Reifreann? Braitheann freagra na ceiste sin ar an té a bheidh tú ag labhairt leo.

Níl aon dabht faoi ná gurb é ‘Dev Óg’ duine de na polaiteoirí is glice atá le fáil sa tír, cá bhfágfadh sé é. In ainneoin a chosa a bheith faoi bhord Rialtais le Fianna Fáil ar feadh cheithre bliana déag, is beag de smál an pháirtí sin a tharraing sé ar féin, in ainneoin coincheap na comhchinnteoireachta ag bord an Rialtais. Ba mhinic é ag tagairt do na cinntí a ‘thógtar i mBaile Átha Cliath’ agus é ina Aire, amhail is nach raibh neart ar bith aige féin orthu. In ainneoin a chúlra i mBaile Átha Cliath 4, tá samhail cruthaithe aige dó féin mar ‘fhear tuaithe’ a bhfuil cúrsaí réigiúnacha mar chloch mhór ar a pháidrín aige.

Bhí polaiteoirí áirithe ag maíomh gurb é an chaoi gur ‘chaill sé an ‘plot’’ le déanaí. Cuid mhaith díbh sin mar bhaill Oireachtais ina pháirtí féin. Bhí daoine eile ag rá gur imní atá air go bhfuil mise agus Sinn Féin ag déanamh an iomarca dul chun cinn i nGaillimh Thiar. Ní bheadh ansin ach beagán den fhírinne, measaim. Daoine eile fós ag maíomh gur dúshlán do cheannaireacht Mícheál Ó Máirtín atá ann, a chuaigh in aimhréidh air – nó a ndeachaigh?

Níl aon amhras ach go bhfuil scoilt i bhFianna Fáil i nGaillimh Thiar de bharr na geáitsí seo ar fad. Tháinig triúr comhairleoir chontae amach go poiblí ag tacú le seasamh Uí Chuív - Seán Ó Tuairisg, Séamus Breathnach & Tomás Mannion, ach tháinig an iar Theachta Dála, Frank Fahey ar ais ó na mairbh lena mhalairt de thuairim, maraon leis an Iar-Sheanadóir as Conamara Nioclás Ó Conchubhar agus an Comhairleoir Cathrach, Peter Keane.

Ón aithne atá agam ar fhear Chorr na Móna, is deacair dom a shamhlú nach bhfuil straitéis faoi leith ina intinn. Agus is minic leis a bheith roinnt coiscéimeanna chun cinn ar lucht a fhreasúra. Níl aon dabht ach gur contúirtí i bhfad é mar chúlbhinseoir ag Mícheál Martin ná a mhalairt. Is léir chomh maith, gur beag gean atá ag an mbeirt ar a chéile. Ach, scéal eile ar fad é imeasc cuid mhaith de baill tuaithe Fhianna Fáil, a bhfuil an-bhá acu le garmhac De Valera agus an oidhreacht ar fad a ghabhann leis.

Débhríochas ceann de na cleasanna is coitianta a úsáideann Éamon Ó Cuív. Déarfadh daoine áirithe go gciallaíonn sin go bhfuil scil faoi leith aige labhairt amach as an dá thaobh dá bhéal! Tá sé tugtha le tuiscint aige nach bhfuil sé ar shon an Chonradh Fioscach, mar shampla, ach gur ceist dó féin é cén chaoi a chaithfidh sé a vóta féin. An t-iománaí ar an gclaí! Má bhuailtear an Reifreann, beidh sé le rá aige go raibh an ceart ar fad aige féin. D’fhágfadh seo Mícheál Martin I ndroch chaoi. Níl aon amhras go láidríonn an seasamh a thóg sé na seansanna go dtarlóidh sin, mar go mbeidh daoine as Fianna Fáil anois ag mothú go bhfuil sé de ‘cheart’ acu vótáil ‘Níl’, mar gur chuir Éamon an comhairle sin orthu. Má bhuailtear an Reifreann an bhfágann sin Martin oscailte do dhúshlán ceannaireachta Uí Chuív?

Nil aon dabht ach go raibh ‘trua’ le sonrú do Theachta Dála Gaillimh Thiar imeasc an chosmhuintir mar gheall ar an chaoi ar chaith an pháírtí leis. An cleas is sine polaitíochta dhá úsáid arís ag FF le suíochán a chosaint – vóta trua. Is beag trua atá ag éinne d’Fhianna Fáil ar aon leibhéal eile. Nó an é go raibh sé ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus Fine Gael i súile an phobal? B’fhéidir é?

Nó, an bhfuil cluiche níos fadradharcaí fós ar siul aige? Súil ar an Áras nuair a bheidh seal Mícheál D tugtha? Muna bhfuil sé le bheith ina Thaoiseach, nárbh bhreá leis cosán Daideo a leanúint go Páirc an Fhionnuisce? Tá sé óg go leor agus is cinnte go bhfuil sé uaillmhianach. Cén praghas a gheobhfá ó Paddy Power ar an ngeall sin meas tú?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland