Top Issue 1-2024

30 April 2012 Edition

Resize: A A A Print

Oifigeach Náisiúnta Gaeilge ceapaithe

TÁ LIADH NÍ RIADA ceapaithe mar Oifigeach Náisiúnta Gaeilge. Is as Gaeltacht Mhúscraí  atá in  Iarthar Chorcaí gurb as Liadh. Is í an té is óige do chlann Sheáin Uí Riada agus tá sé nádúrtha go mbeadh ceangail láidir aici lenar gcultúr agus ár dteanga.

Tá cúlra aici sna mean cumarsáide le mór chuid claracha teilifíse déanta aici do RTÉ agus TG4, scannán drámatuil ina measc. Le blianta beaga anuas, bhí sí I bhfeighil an traidisiún béil do amhránaíocht ar an sean nós a fhorbairt agus a chaomhnú I pobal na Gaeltachta.

Tá Diplóma Eorpach á chríochnú aici faoi láthair a bhíonn ag plé le bainistiú ar thograí cultúrtha Eorpach.

“Tá go leor smaointe agam I dtaobh cleachtadh agus labhairt na Gaeilge a chuir chun cinn sa Pháirtí, ina measc beidh suíomh idirlín nua mar nasc go dtí an príomh suíomh. Beidh an suíomh seo ag díriú isteach ar acmhainní atá ann chun Gaeilge a fhoghlaim chomh maith le eolas agus foinsí  ar imeachtaí éagsúil,” arsa Liadh.

Tá cónaí uirthi I nGaeltacht Mhúscraí lena fear céile agus triúr inion óg.

Irish Language Development Officer appointed

SINN FÉÍN is the only political party on this island to employ someone specifically to increase the use of Irish within its membership with the appointment of Liadh Ní Riada, daughter of famous composer Seán Ó Riada.

Taking up the new position of Irish Language Development Officer in the last couple of weeks, Liadh has produced and directed a number of documentaries for RTÉ and TG4.

From Cúil-aodha, she lives in the Gaeltacht of Múscraí in County Cork with her husband and their three young daughters.

Liadh said:

“It is my ambition for Sinn Féin to strengthen our native language and culture and to ensure that it is a living and vibrant part of the daily lives of party members.”

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland