Top Issue 1-2024

30 April 2012 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Cath na bPóstaer?

TÁ TOGHCHÁIN Uachtaránachta na Fraince faoi lán seol i láthair na huaire thall agus bhí deis agam mar chuairteoir sa Bhriotáin le déanaí féachaint ar an gcóras toghchánaíochta thall.

Tá mé i mo chónaí gar do bhaile de dhaonra 4,000  agus sa Bhriotáin stop mé I mbaile de dhaonra 4,000 freisin. Bhí sé úsáideach, agus spéisiúil dom na cosúlachtaí agus difríochtaí a fheiceáil idir dhá áit.

Dúirt cairde liom go raibh an feachtas Uachtaránachta ar siúl sna meáin ó Deireadh Fómhair seo caite agus go bhfuil daoine bréan agus tuirseach den rud ar fad le sé mhí anuas. D’fhéadfadh an rud céanna a rá faoi pholaitíocht in aon tír, ar ndóigh, go mbíonn an pobal ag iarraidh freagraí agus eolais ach gur minic nár mhaith leo an t-eolas agus na freagraí a chuirtear ar fáil.

Ach go deimhin, is beag leid atá ann ar bhallaí ná cuaillí sráide go bhfuil toghchán ann. I ngach baile, sna seachtainí roimh toghchán, tógtar seastáin eolais oifigiúil. Is ar na seastáin seo amháin a bhíonn cead ag iarrthóirí póstaeir a chrochadh. Ní bhíonn an áit clúdaithe le póstaeir — agus laghdaítear caiteachas na bpáirtithe agus iarrthóirí ar phóstaeir.

Tríd chrannchur a roghnaítear ord na bpóstaer ar na seastáin ach toisc go mbíonn an méad spáis céanna ag gach iarrthóir, agus go mbíonn siad go léir san áit chéanna sa bhaile ní aithnítear buntáiste ag iarrthóir amháin thar iarrthóir eile.

Ar ndóigh ní hé go raibh mé i mo ‘bhreathnóir idirnáisiúnta neamhspleách’ ar chothromaíochta thoghcháin na Fraince. Níl ann ach gur chaith mé cúpla lae ann agus go dtug mé fa’ dheara go raibh córas níos cothroime i bhfeidhm, agus córas a choinnigh an timpeallacht níos glaine leis agus smaoinigh mé arbh fhéidir córas cosúil leis sin a chur i bhfeidhm in Éirinn?

Ag scríobh mar iarr-iarrthóir toghcháin, agus mar dhuine a shiúil sráideanna cathracha agus bóithríní faoin tuath araon ag lorg vótaí do Shinn Féin bím idir dhá chomhairle uaireanta nuair a fheicim líon na bpóstaer a chuirtear i gcló ar an diabhal corriboard sin.

Chrochfá luach níos mó póstaeir ar chuaille sráide amháin in Éirinn ná mar a chrochfá ar sheastán eolais baile beag iomlán sa Fhrainc/sa Bhriotáin: ar chóir dó a bheith mar sin? Ag am nuair atá daoine gann ar airgead, nuair atá daoine ag ceistiú caiteachas agus cur amú airgid, agus nuair ba chóir do pháirtithe polaitiúla a bheith ag tabhairt dea-shampla nár chóir dúinn a bheith sa tús chadhnaíochta agus ag léiriú nach gá na mílte mílte a chaitheadh le linn toghchán?

Tuigim, ar ndóigh, nach féidir céim chomh radacach seo a ghlacadh go haontaobhach agus dá dtréigfeadh Sinn Féin páirc chath na bpóstaer go leanfadh an páirtithe eile ar aghaidh mar atá agus go mbeimis thíos leis dá bharr. Ach an féidir socraithe a aontú leis na páirtithe eile? Beag seans de agus ní bheidh aon ghrúpa ag iarraidh an chéad chéim a thógáil agus ní fios an féidir ‘léim le chéile’.

Dá bhrí sin, b’fhéidir gurbh fhearr teorann a leagadh síos do gach páirtí sa reachtaíocht toghcháin. B’fhéidir go bhfuil sé in am dúinn, mar pháirtí, polasaí a aontú ag teorannú líon na bpóstaer a chuirtear thuas le linn toghchán, agus sin a aontú ag leibhéal na gcomhairlí áitiúla ar dtús, agus i ndiaidh sin an reachtaíocht chuí a leasú ag leibhéal tionóil agus dála.

Ba chóir an ‘comhrá’ a thosú ar seo anois, I bhfad roimh na céad toghcháin eile. Bhí SALT ann trath idir an tIarthar: anois tá sé in am don Strategic Poster Limitiation Talks, an SPLIT, mar a dúirt Brendan Behan tráth, an chéad rud ar chóir a bheith ar Chlár na heagraíochta!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland