Top Issue 1-2024

2 June 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Croíthe cráite agus pointí airde

An-seans ann go bhfuil cóisir ar nós ‘deireadh téarma’ ar siúl i gCearnóg Parnell an tseachtain seo agus an fhoireann dílis ag cur críche leis an eagrán seachtainiúil deireanach den pháipéar. D’iarr an t-eagarthóir reatha, sealadach, eatramhach orm alt a scríobh faoi mo thréimhse leis An Phoblacht, rud a cheap mé a rinne mé mí ó shin, ach is léir nach léann aon duine an colún seo (an t-eagarthóir san áireamh!).
Scríobh rud éigin faoi ‘cuimhní cinn’ nó ‘phointí arda’ arsa sí.
Cibé scéal: cuimhní cinn. Is dócha gurbh é spreagadh ó Mícheál Mac Donncha a chuir tús le píosaí rialta uaim sa pháipéar, nuair a bhí mé i mo mhac léinn (aibí) san ollscoil i nGaillimh. Sna laethanta sin ní raibh an córas chomh nua-aoiseach agus éasca a’s atá inniu. Caithfidh go raibh croí Mhícheál cráite agam (mar a bhí mo chroí chráite ag an dúshlán!) ach bhíodh orm alt a chur le chéile ionas go dtiocfadh le Mícheál é a tharraing as a chéile agus a chuir ar ais le chéile don cholún Ghaeilge seachtainiúil thiar ag tús na nóchaidí.
Ar ndóigh bhí daoine eile ag scríobh go rialta don cholún Ghaeilge sna laethanta sin, Mícheál Mac Donncha féin, Colm de Faoite, Seán Mag Uidhir, creidim, agus eile, ach diaidh ar dhiaidh d’éirigh liom píosaí rialta a chur le chéile, ag scríobh faoi rudaí a bhí mórtimpeall orm ag an am. Bhí beirt nó triúr ar an leathanach Gaeilge sna laethanta sin.

Aoibhinn beatha an scoláire
Bhí mé i nGaillimh, agus cé gur san ollscoil a bhí mé is beag deis a bhí ann le ríomhairí a úsáid ag an tús. Bhí giota beag eolais agam ar Apple Macs, a bhuíochas de thréimhse trí mhí a chaitheamh le Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Neill agus Colm Mac Aindreasa in oifigí Lá i mBéal Feirste agus bhrúigh mé mo shrón isteach cúrsaí Chomhaltas an Mac Léinn san ollscoil (áit a raibh trí Mac Classics agus LE amháin ar fáil) agus mar mhalartú ar phíosaí a scríobh do nuachtán an Chomhaltais (Coolchaint), ligeadh domh úsáid a bhaint as ríomhaire chun m’alt a scríobh do APRN. Scríobhfainn an t-alt, agus ansin bhíodh orm oifig a fháil ina mbeadh seirbhís facs, san ollscoil nó lasmuigh den ollscoil agus an píosa a chur chuig an oifig i mBaile Átha Cliath. Bhí mé i gcónaí mall, creidim, bhíodh ar Mhícheál nó duine san oifig é a athchlóscríobh agus thosaigh mé ag cur aithne ar an ghuthán ar Mark agus daoine eile a choinnigh an páipéar ag dul ó sheachtain go seachtain. Más buan mo chuimhne fuair mé cuireadh bliain amháin do chóisir na Nollag agus stop mé i dteach Mark, ach ba chuma cé chomh buan a’s atá mo chuimhne níl aon chuimhne agam ar an chóisir féin.
Tá sé deacair a shamhlú anois, le r-phostanna, téacsanna, agus gach cineál córas le daoine a chur i dteagmháil lena chéile ach sna laethanta sin mura raibh facs ar fáil ní bheadh m’alt curtha ar aghaidh. Is cuimhin liom ag dul ar shaoire, camchuairt i dtír na mBascach agus an chéad rud a bhí orm a fháil i Donostia ná oifig ina mbeadh seirbhís facs ar fáil!
Agus ansin tháinig r-phostanna. Bhuel, nuair a chuimhním é, tháinig modem ar dtús, le fuaim ag scréachaíl mar a bheadh cearc á tachtadh, agus é ag iarraidh ceangail leis an rud rúndiamhrach, mistéireach a thug siad an idirlíne air. Thiocfadh facs a chur ón ríomhaire, díreach, ó áit ar bith a raibh líne guthán, rud a rinne mo jab níos simplí. Ach nuair a tháinig r-phostanna d’athraigh an domhan.

Ar aghaidh go Baile Átha Cliath
I ndiaidh ceithre bhliana i nGaillimh bhog mé go Baile Átha Cliath, ag obair san Ard oifig, agus bhí Mícheál i ndiaidh imeacht go ról le Caoimhghín i dTeach Laighean agus bhí Brian Campbell, nach maireann, i gceannas ar An Phoblacht. D’iarr sé orm an scríobhfainn alt aorúil i mBéarla. Bhí traidisiúin de shraitheanna aoir ann a shínigh siar ó thréimhse Burke at the Back, the Brigadier, srl agus atá ann i gcónaí). Rinne mé iarracht píosa Gaeilge agus píosa Béarla a scríobh go seachtainiúil le linn 1998 agus ar aghaidh ach stop mé ag scríobh sa bhliain 2000 agus ní raibh mórán fonn orm scríobh go rialta ar feadh na mblianta i ndiaidh sin. Bhí mo thobar tirim.
Sna blianta i ndiaidh sin bhí colúnaithe rialta, an Draoi Rua, Marcas Mac Ruairí, Seán Ó Donnghaile, gach duine acu lena stíl féin. Is dócha gur mhothaigh siad ar fad mar an duine leis an drochchártaí i gcluiche Old Maid, An Colún bronnta orthu agus gan aon bhealach éalaithe uaidh go dtí go dtiocfadh duine éigin eile chun cinn leis an dualgas a bhaint díobh... mar a tharla domhsa trí bhliain ó shin nuair a chuir Seán Mac Bradaigh lámh ar mo ghualainn ag Ard Fheis agus d’iarr orm an bhearna a líonadh arís. Agus anois tá an Ridire Bán ag tarraing orainn, i bhfoirm cuíchóirithe, i bhfoirm eagráin míosúil, i bhfoirm leagain leictreonaigh. Beidh mo smaointe agam go fóill ach ní chloisfidh sibh iad, a léitheoirí, mura dtosaím blog (agus is beag seans go ndéanfaidh..).
Ach mar a dúirt mé ag an tús, is dócha go bhfuil cóisir Deireadh Téarma ann i láthair na huaire, rud a thógann mé ar ais go dtí an t-iarratas sin ón eagarthóir. ‘Scríobh rud, arsa sí, faoi na high-points a thagann chun cuimhne ó do laethanta leis An Phoblacht. ‘Sin ceann éasca: Cóisir na Nollag 1998. Ní raibh mé i bhfad imithe ó Bhaile Átha Cliath ar ais go Gaillimh agus tháinig glaoch ag rá go mbeadh Cóisir na Nollag na bliana sin sa Red Cow. ‘Bhuel’ arsa mé liom féin, ‘caithfidh go bhfuil méadú mór ar líon na foirne má tá muid in ann an Bhó Rua a líonadh, nó an bhliain roimhe sin d’ordaigh Joe Cahill ceapairí na Nollag dúinn i gConways...

Heineken Reps agus Shirleys Hen Re-union
Ar an oíche thiomáin mé ó Ghaillimh agus nuair a bhain mé an Red Cow amach bhí na sluaite ann - ach do chóisirí ó ghnónna, comhlachtaí, oifigí, srl. Sílim go raibh muid ag tábla suite idir grúpa Heineken Reps agus Shirleys Hen Reunion, thiar ag cúl an halla móir agus ba léir go raibh buiséad (nó tab) níos mó acu ná mar a bhí againn nó bhí siad meidhreach ó thús na hoíche. Díreach i ndiaidh an dinnéir, thosaigh an seó stáitse. Bhuel, i ndáiríre, níor thosaigh sé ar an stáitse féin ach i seomra beag a bhí taobh thiar dínn agus an chéad rud a bhí ar eolas againn faoi ná go raibh grúpa fir agus mná, leath-nocht, ag damhsa timpeall orainn ar a mbealach chuig an stáitse. Chuir muid á n-aghaidheanna poblachtacha orainn, ní raibh aon duine sásta gaire... Bhí pus oifigiúil mór orainn nuair a thosaigh an seó. Bhí ‘grinn’ fríth mná, fríth-inimirce, fríth-gach rud. Reáchtáladh mini-Ardfheis ag an tábla le rún os comhair an tslua go siúlfaimis amach láithreach. Glacadh le leasú beag go bhfanfaimis go dtí an milseán agus mura mbeadh aon athrú go n-imeoimis.
Ceithre phionta i ndiaidh sin bhí muid fós ann, gach duine den fhoireann agus foireann 44 ag caint agus ag comhrá eadrainn féin, dearmad déanta ar a raibh ar siúl ar an ardán. Nuair a scread MC na hoíche ainm ár dtábla amach, ag fáiltiú foireann An Phoblacht bhí muid ar bís agus nuair a bhí an seó oifigiúil thart chan muid cúpla amhrán dár gcuid féin (in ainneoin rialacha tí na Bó Rua agus míshuaimhneas na bouncers.
Comhluadar breá poblachtach, Shinners agus sinners, cairde agus comradaithe, daoine nár iarr mórán ach a leag ardchaighdeán síos dóibh féin, daoine a d’éirigh leo an páipéar a chur le chéile in ainneoin easpa acmhainní, agus an iomarca brú. Tá mé thar a bheith bródúil gur tugadh deis domh, cúpla uaire, a bheith páirteach leis an fhís. 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland