Top Issue 1-2024

27 May 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Clocha agus Ceant

Bhí go leor caint sna meáin an tseachtain seo caite faoi chomóradh Éirí Amach na Cásca i 2016, agus comóradh an chéid d’imeachtaí tábhachtacha eile i stair na tíre seo sna blianta romhainn, síniú an Covenant, an Somme agus araile ina measc. Bhí Brian Cowen ag maíomh go mbeidh siadsan (an rialtas, Fianna Fáil?) ag cosaint cuimhne an Éirí Amach agus Nelson McCausland ag maíomh as na céiliúrtha a bheas acu sa traidisiún aontachta.
A Dhia, tá sé dochreidte go bhfuil an Chéad beagnach orainn, agus is cuimhin liom go soiléir na comórtha i 1966 agus mé imo ghasúr ar mo chéad chuairt ar Bhaile Átha Cliath. M’aintíní a thóg leo mé. Bhí mé ag súil leis an turas ar feadh bliana, i ndiaidh don deartháir a dhul ann an bhliain roimhe sin. Tháinig seisean ar ais le scéalta faoina radhairc iontacha a chonaic sé sa phríomhchathair, siopaí móra mar Clerys, an Zú agus ar ndóigh Colún Nelson. Bhí mise ag iarraidh na turais céanna a dhéanamh i 1966 ach ag tús mí Mhárta roinnt seachtainí roimh mo chuairt, pléascadh agus leagadh Colún Nelson. Faoin am a bhain muid an chathair amach ní raibh fágtha ach stumpa beag.

Cloch ó Cholún Nelson
Is cuimhin liom ag an am go raibh daoine ag iarraidh ar na haintíní ‘píosa cloiche ón cholún’ a thabhairt ar ais mar chuimhneacháin agus thug bean an tí san B&B inár stop muid, píosa breá cloiche domh féin. Ar bhaint Doire amach, faraor, ní raibh a dhóthain píosaí cloiche againn leis an éileamh a shásamh agus bhí ar m’aintíní balla sa chlós ar chúl an tí a leagadh agus clocha ‘Colún Nelson’ a thabhairt ar a gcairde ar fad. ‘Sé an riachtanas máthair na cumadóireachta, mar a thuigeann tú féin. Sé bliana nó mar sin i ndiaidh sin nuair a phléasc na hÓglaigh Piolar an Ghobharnóra Walker ar bhallaí Dhoire bhí píosaí den chloch sin ag dul timpeall mar chuimhneacháin chomh maith. D’iarr daoine thar lear ar na haintíní an dtiocfadh leo píosa Walker a fháil dóibh agus leagadh cuid eile den bhalla i gclós chúl an tí. Is iontach na smidiríní cloiche (idir Nelson agus Walker!) a shuigh ar sheilf i ndiaidh sin, luachmhar ar leibhéal amháin, ach gan aon ‘luach’ iontu ag leibhéal eile.
De réir mar atá an cúlú eacnamaíochta ag dul in olcas tá fás ag teacht ar líon na gceantanna atá ar siúl sa tír agus daoine ag iarraidh airgead a aimsiú i bhfolach i sean-earraí leath-dhearmadta san áiléar, a bhí cosúil leis na clocha, gan luach ann féin tráth den saol. Uaireanta, áfach, bíonn ceisteanna morálta ag baint le cearta an díoltóra ar an ábhar, nó ceisteanna morálta ar chóir an taisce a bheith ar dhíol ar chóir ar bith.
Tá go leor samplaí den chineál ceant seo ann, go háirithe na cinn ó Adams ina mbíonn rudaí a bhaineann le stair na streachailte um shaoirse idir 1916 go 1923 ag dul ‘faoin chasúr’, mar shampla seancháipéisíocht, seanlitreacha, nó nithe pearsanta ó dhaoine a throid agus a thug a saolta ar son saoirse na hÉireann. Níl aon cheist ann, dar liom, go bhfuil an rialtas féin ciontach as faillí ar scála filistíneach gach uair go ligeann siad d’ábhar mar seo a imeacht ó radharc an phobail go bailiúcháin phríobháideacha, agus bailiúcháin atá lasmuigh den tír ach go háirithe.

Litreacha ón Ghorta Mhór
Bhí ceant mar seo luaite an tseachtain seo caite nuair a bhí litreacha ó thréimhse an Ghorta Mhóir á dhíol, litreacha a d’inis scéal faoi thús an ghorta agus teip na bprátaí, faoin ocras, an bhochtanas, agus idir an bás agus an eisimirce a lean sin. Comhfhreagras a bhí sna litreacha idir thiarnaí talún agus comhlacht dlíodóirí agus mar bhunfhoinsí stairiúla níor chóir go mbeadh a leithéid caillte don tír. Mar a tharla sa chás sin aistarraingíodh na litreacha roimh an cheant ar fháthanna a bhain le húinéireacht na páipéir ach díoladh ábhar eile ar an lá a bhain le hÉirí Amach 1916 agus déanaim buille faoi thuairim nach díograiseoir poblachtach a cheannaigh na hearraí stairiúla seo ach infheistitheoir príobháideach a bhfuil dóchas aige brabús a dhéanamh as amach anseo.
Chuir mé spéis, chomh maith, i dtuairisc san Irish Times (ar leathanach ar leith atá ach do thuairiscí ó thithe ceant) faoi dhíolachán nithe ó na Blocanna H. Díoladh beart d’eochracha ó na blocanna, dosaen eochracha san iomlán, ar £2900. Ceannaíodh bothán gutháin an lá céanna ó H4 (dúradh) a bhí in úsáid ag na príosúnaigh sa bhloc sin lena nglaonna abhaile a dhéanamh. Tuairiscíodh i nuachtán amháin go raibh an bothán in úsáid ‘le linn na hagóide pluide’, nuacht a chuir iontas, is cinnte, ar na hiar-fhir phluide. Ah, nárbh sinne na hamadáin agus na hoícheanta a chaith muid ag scairteadh trasna scéal agus ‘ordaithe nua’ ó Bhloc go Bloc agus gan a fhios againn go dtiocfadh linn an guthán a úsáid an t-am ar fad!
Dúradh faoin cheant áirithe sin go raibh an stuif á chur ar dhíol ag duine a bhfuil baint aige le leagadh na mblocanna agus más fíor é sin bímis ag súil le níos mó den rud céanna. Tá an comhlacht leagtha ina suí ar fhortún le hidir 800 doras cillín, na céadta geataí, na mílte míle de shreang dheilgneach agus na milliún tonna de choincréad agus clocha. Clocha Luachmhara. Aha. Tá sé in am domh chuairt a thabhairt ar chúlchlós m’aintíní: caithfidh go bhfuil cuid den seanbhalla sin fós ina sheasamh.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland