Top Issue 1-2024

27 August 2010

Resize: A A A Print

Aislingí Lavery agus stair na hÉireann

LE MÍCHEÁL Mac DONNCHA 

MÁ TÁ sibh i lár chathair Bhaile Átha Cliath idir seo agus Deireadh Fómhair 31, ná cailligí an taispeántas ag Gealaraí na Cathrach, an Hugh Lane i gCearnóg Pharnell. Is iomaí mórshiúlta stairiúla a cuireadh tús leo taobh amuigh den Hugh Lane ach cé mhéad poblachtánaigh a théann isteach ann? Tá stair na hÉireann le feiceáil taobh istigh leis an taispeántas seo de phictiúir John Lavery. 

‘Glamour couple’ na 1920í ab ea John Lavery agus a dara bhean Hazel. Ise a bhí ar na sean-nótaí airgid sa Saorstát le blianta fada. Tá sí le feiceáil in an-chuid de phicitiúir Lavery agus tá an-chuid acu sa taispeántas seo. Bean álainn ab ea í agus is léir go raibh Lavery i ngrá léi. Feictear anseo í i dtriptic mór, aisteach, cumhachtach agus í i ról na Maighdine Mhuire in éineacht le Naomh Pádraig agus Naomh Bríd. 

Rinneadh an pictiúr sin i 1917 agus bhí réabhlóid na hÉireann ar siúl nuair a bhí Lavery ar bharr a réime mar phríomh-péintéir ag an uasal-aicme sa Bhreatain agus in Éirinn. B’as Béal Feirste ó dhúchas é Lavery agus bhí suim aige i bpolaitíocht na hÉireann. Feictear sa taispeántas seo portráid Carson, Collins, Craig, Griffith, De Valera, Redmond agus alán eile nach iad. Tá fir an Órd Oráiste ag mairseáil agus oilithrigh ag guí ag Loch Dearg. 

Bhí Lavery i Londain nuair a bhí na cainteanna ar siúl roimh Chonradh tubaisteach mí na Nollag 1921. Rinne sé pictiúir de na fir ar an dá thaobh. Bhí teach John agus Hazel i Londain in ainm is a bheith mar ionad chruinnithe neamh-fhoirmeálta do na hÉireannaigh agus na Sasanaigh; dúirt Moya Llewelyn Davies nach raibh ón mbeirt acu ach cáil agus caidreamh leis an chumhact. Bhí Lavery báiúil do Collins mar is léir ó roinnt phicitiúir, ceann de Collins ina chónra san áireamh. 

I seomra beag amháin den gealaraí tá dhá phictiúr dúisitheacha – Roger Casement ag a thriail i Londain i 1916 agus sochraid Thraolaigh Mhic Suibhne in Ard-Eaglais Southwark i Londain i 1920. Taobh leo tá píosa scannán-nuachta Pathé ar siúl le Traolach MacSuibhne ina oifig i gCorcaigh sular gabhadh é. 

Ní ga aontú le tuairimí coimeádacha Lavery chun taitneamh a bhaint as an obair a rinne sé i ré tragóideach, réabhlóideach i stair na hÉireann agus is mór is fiú an taispeántas seo a fheiceáil. 

• Tá ‘Passion and Politics’ ar siúl i nGealaraí na Cathrach, an Hugh Lane, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath go dtí Deireadh Fómhair 31. Eolas: www.hughlane.ie

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland