Top Issue 1-2024

6 May 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Colcheathair Cheilteacha

THÁINIG an imirce ón tír suas i gcomhrá againn anseo an tseachtain seo nó tá buíon daltaí scoile ar chuairt sa cheantar ón Bhriotáin ar thóir ‘cultúr’ na hÉireann. “Tá leabhar agam duit ón Bhriotáin” arsa duine de na múinteoirí, ‘bronntanas a chuirfidh tú spéis ann, is dócha”. Bhí leabhar aige a d’fhoilsigh Briotánach agus Éireannach, Alain le Noac’h agus Éamon Ó Ciosáin, dar theideal Immigrés Irlandais au XVIIe Siècle en Bretagne (Iwerzhoniz o tivroañ e Breizh (XVII vet kantved).
Ag breathnú tríd an leabhar tháinig mé ar fó-chaibidil ar ‘Chronologie et causes de la migration’ nó an t-amchlár agus cúiseanna gur imigh a mhéid sin daoine ón tír seo go dtí an Bhriotáin.  Coilíneachas Sasana agus tionchar an choilíneachais sin a bhí ina chéad chúis agus taobh leis sin bhí brú ar an chreideamh chaitliceach, cogadh agus teifigh, earcaíocht in arm na Fraince agus eachtraí eile, gorta ina measc.
Dhúisigh an leabhar spéis ionam sa ghaol stairiúil idir an tír seo agus an Bhriotáin, agus an Fhrainc le cianta, agus spéisiúil go leor go bhfuil daoine fós ag imeacht ar imirce ó Éirinn go dtí an Fhrainc. Na laethanta seo, ar ndóigh, coinníonn daoine a sloinnte féin nuair a imíonn siad thar lear, nó bíonn lorg páipéir, idir pásanna, agus uimhreacha pps, srl linn ó thús go deireadh an tsaoil san aois seo ina bhfuil muid, rud nach raibh fíor 350-400 bliain ó shin.
Sa leabhar tá liostaí d’ainmneacha ar aimsigh na húdair sna taiféid bhaistigh , phósta agus bhás agus mar sin de agus ar thuig siad tríd an taighde a bheith Éireannach agus ní nach ionadh. Amhail is ar tharla ar Oileán Eilís i Meiriceá athraíodh litriú ainmneacha: ag léiriú, sa chás seo, foghraíocht na hÉireann mar a bheadh sé litrithe san Fhraincis. Ina measc na liostaí léigh mé faoi Cahan (Ó Cathain gan amhras) agus Quenedy (duine de lucht Uí Chinnéide is cinnte).
An-seans go raibh cuid de na teifigh seo ag pilleadh (i ndiaidh na céadta bliana) ar a áiteanna dúchais nó i measc na n-ainmneacha tá sloinntí Normannacha mar Boork agus Du Bourg, agus Fisgarret ach is seans scéal é gur éirigh na Normannaigh níos Éireannaí ná na hÉireannaigh féin agus is dócha gur beag baint a bhí acu leis an Fhrainc sular bhain siad an tír amach in athuair, gaelaithe.
Chomh maith leis sin tá tagairtí do Cardi (Mac Cárthaigh) Morfi (Ó Murchú) Mahan (Mac Mathúna) Rirdan, Rellay, Souillevan, Spellan, Foelan, Fahé, agus Braide (Uí Bhrádaigh, is dócha). Ón taighde atá déanta ag an bheirt seo, duine acu ina staraí agus an duine eile a bhfuil cáil aige cheana as ucht an foclóir Gaeilge Breizh a d’fhoilsigh sé, tá liosta thar a bheith spéisiúil a léiríonn nasc eile, seachas an teanga, idir an dhá thír. Tá imleabhar eile críochnaithe acu a chlúdaíonn cúige de Morbihan agus cruthúnas suntasach ann faoin imirce díreach idir a dhá thír. Bíonn daoine ag caint faoinár colcheathair Chéilteacha ach tá an nasc atá a léiriú sa leabhar seo níos deimhní ná meafar.
Immigrés Irlandais au XXIIe Siècle en Breatagne. Le Noac’h agus Ó Ciosáin, Institut Culturel de Bretagne ISBN 978-2-86822-110-0


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland