Top Issue 1-2024

6 June 1997 Edition

Resize: A A A Print

Bíodh ``puinn foighde'' ann le bochtaineacht!

Thagair Mark Twain do ``lies, damn lies and statistics.'' Chum Winston Chruchill an nath ``terminological inexactitude'' agus chaith Anne Widdecombe ``unsustainabilities'' lena comhghleacaí Michael Howard. Is iomaí cur síos atá ar an mbréag.

Cineál ar leith bréaga iad geallúintí toghcháin. Creideann polaiteoirí go bhfuil sé míchothrom go mbeidís ceangailte le geallúintí a thugann siad faoi bhrothall na toghchánaícohta. Is minc agus an toghchán thart go mbíonn ar bhaill rialtais a mhíniú go bhfuil na ``tosca'' athraithe.

Cuirtear rialacha na loighice bun os cionn scaití. D'inis John Bruton scéal amháin don Bhinse Mairteola. D'inis sé scéal eile ar fad do Bhinse Dunne. Bhí sé in ann a mhíniú go raibh an dá ráiteas ag teacht le chéile - nó go raibh scéal amháin aige fíor agus é faoi bhráid binse amháin agus go raibh scéal eile dá chuid ceart ag éisteacht eile. Chuirfidis Einstein féin trína chéie uaireanta.

Agus é ag cur a ladar isteach san olltohghcán ó thuaidh dúirt Bruton gur vóta ar son an fhoirnirt a bheadh i vóta do Shinn Féin. Ní raibh an dara léamh air, dar leis. Anois deir a leathbhádóir, Dick Spring, gur vóta ar son na síochána a bhí san ollvóta a fuair Sinn Féin ó thuaidh. Míníonn Bruton agus Spring araon gurbh é an rud céanna a bhí i gceist acu beirt.

Is í an bhréag is mó ar fad bréag an chiúnais, an comhthuiscint idir páirithte na bunaíochta ceisteanna bunúsacha a sheachaint. Sampla de sin is ea próisias na síochána. Sampla eile fós is ea ceist na neodrachta.

Cothaíonn an scáthgiomrascáil faoi rátaí agus bandaí cánach an meon gur ceist imeallach í ceist na bochtaineachta. An tseachtain seo caite d'fhoilsigh CORI (Conference of Religious of Irelnad) cáipéis an-fhuaimintiúil A Future with a Place for All. Léiríonn na húdair nach bhfuiltear ag tabhairt faoi bhochtaineacht, dífhostaíocht fhadtéarmach, eisiatacht, meath na tuaithe agus dearóile uirbeach in ainneoin an bhorrtha sa gheilleagar. Deir siad gur dhaingnigh polasaithe rialtais le 20 bliain anuas an tsochaí dhéshraitheach agus gur in olcas atá an scéal ag dul. Tá 34% den phobal faoi bhun theorainn na bochtaineachta le hais 30% deich mbliain ó shin.

Tá an céadatán de chaiteachas stáit atá á chaitheamh ar liúntais leasa shóisialaigh níos ísle ná mar a bhí i 1986. Caitheann na 26 Chontae níos lú ar a leithéid ná aon bhallstát eile den Aontas Eorpach seachas an Phortaingéil.

Is é an bunéileamh ag CORI go mbeadh sé ina chuspóir bunúsach ag an rialtas nua go dnéanfaí an bhochtaineacht a dhíothú taobh istigh de chúig bliana. Den chéad uair riamh tá an cuspóir sin insroiste in Eirinn. Níl sa bhealach air ach tosaíochtaí rialtais.

Táimid bodhraithe ag páirithe ag bagairt ``puinn foighde'' nó zero tolerence maidir leis an gcoiriúlacht. Tá sé thar am ``puinn foighde'' a fhógairt ar an dífhotaíocht agus ar an mbochtaineacht. Faoi láthair tá breis agus 250,000 duine sna 26 Chontae as obair. De bhreis orthusan níl ach post páirtaimseartha ag 151,000 duine eile. Tá 30,000 teaghlach ar na liostaí feithimh tithíochta, méadú mór ó 1992. Fágann 3,000 - 4,000 de dhaoine óga an scoil gach bliain gan cáilíocht de chineál ar bith a bhaint amach. Córas déshraitheach atá in uachtar i gcúrsaí leighis agus i gcúrsaí ceartais.

Bheadh sé sin ar fad ina ábhar náire tráth ar bith ach is coir dhomhaite í nuair atá Ruairí Quinn in ann a mhaíomh go bhfuil an tír ag cur thar maoil le maoin.

Tá sé thar am ag an Tíogar Ceilteach a chuid coileán uile a bheathú.

Le Colm de Faoite


Mar a scriosadh an Phoblacht



Léirmheas leabhar


On Drochead go dtí an Duibheagán
le Pádraig O Snodaigh
Coiscéim 1997
104 lgh.; clúdach bog
Dúirt Engels tráth go n-imíonn na blianta fada thar bráid gan mórán d'athrú suntasach agus go dtagann tréimhse ghairid ansin ina mbíonn athrutihe a glacfadh na blianta nó fiú na cianta i ré eile. B'amhlaidh don tréimhse in Eirinn idir 6 Nollaig 1921 agus 28 Meitheamh 1922.

Ar an chéad dáta úd síníodh Airteagail Chomhaontaithe idir toscaireacht ó rialtas Shasana augs ionadaithe rialtas Poblacht na hEireann. Art O Gríofa an t-aon duine ar thaobh na hEireann a shínigh le díograis agus go lántoilteanach. ``I have signed a Treaty of Peace between Great Britian and Ireland,'' a dúirt sé. Uaidh sin amach thagair na nuachtáin in Eirinn don chomhaontú mar ``Treaty'' agus ón tús b'in an téarma a bhí i mbéarlagair an phobail. Bhí baint nach beag idir an chaoi inar tugadh tacaíocht fhorleathan don socrú nua agus an tuiscint choitianta gur conradh idirnáisiúnta lánstádais a bhí sa cháipéis, tuiscint a cothaíodh le teacht i dtír ar mhórtas náisiúnaíoch na ndaoine.

Is léir ón staidéar atá déanta ag Pádraig O Snodaigh ar an scéal nárbh amhlaidh a bhí - go háirithe i súile na Sasanach. Chaith an Príomh-Aire Lloyd George an píosa páipéir lena rúnaí agus ní raibh aon cheist faoin é a chur i gcartlann stáit mar a dhéanfaí le fíorchonradh. Ní raibh sé sínithe go fisiciúil ag gach duine den chúigear toscaire Eireannach fiú. Threoraigh an dlí-eolaí céimiúil agus trodaire saoirse Kadar Asmal an Snodach go dtí an t-údarás sna cúrsaí sin, L. Oppenheimer International Law, A Treatise, mar a deirtear gurb éard atá i ``The so-called right of making treaties'' ``a mere competence attaching to sovereignty.'' Níor ghéill na Sasanaigh riamh go raibh an inniúlacht sin ag Dáil Eireann ná sa rialtas a thogh sí.

Má bhí doiléireacht ann faoi ``Chonradh'' 1921 bhí níos mó doiléireachta fós ann faoi bhunús dlíthiúil Rialtas Sealadach 1922, ``establsihed in obsucre constitutional and administrative circumstances,'' mar a deir an tOllamh Joe Lee.

Ainmníodh an Rialtas Sealadach ag cruinniú a ghairm Art O Gríofa (mar ``Chairman of the Irish Delegation of Plenipotentaries'') ar 14 Eanáir i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Atha Cliath. Níor luadh an focal ``parlaimint'' san fhógra cruinnithe: ``a meeting for the formal approval of the instrument in question [an ``Conradh''], and for the constituting of a Provisional Government.'' Faoi mar a dúrit Desmond Greaves ``Even a Philadelphia lawyer could scarcely contrive a legal basis for this intitiaive.''

Tugadh le fios gurbh ionann tionól seo Uí Ghríofa agus an House of Commons of Southern Ireland a bhí le bunú faoin Better Government of Ireland Act 1920 ach ní léir go bhfuil ceartbhunús leis sin fiú.

Go deimhin, go lár Feabhra 1922 ní raibh sa Rialtas Sealadach de réir dhlí Shasana féin ach, mar a d'amhaigh an Tiarna Robert Cecil ``a series of private individuals who are carrying out perfectly unsanctioned Acts.'' Mar sin féin níor stop sé sin rialtas Shasana ó ghunnaí a chur ar fáil don arm nua a bhí á bhunú ag na ``private individuals'' seo. ``A small force attached entirely to the Provisional Government for the enforcement of the Treaty,'' an cur síos a bhí ag an Tiarna Birkenhead ar an arm sin. Dúirt Winston Chruchill go raibh sé riachtanach go mbeadh ag an Rialtas Sealadach ``some uniformed disciplined force capable of giving sanction to their authroity.''

Faoin am a thosaigh an cogadh cathartha bhí an t-arm nua sin gléasta go maith le gunnaí, airtiléire agus impróirí armúrtha ó rialtas Shasana agus bhí sé ina fhórsa tréan a bhuíochas don líon mór oifigeach agus saighdiúirí a d'aistrigh chuige ó arm an namhad.

Fiú sular cuireadh tús leis an gcogadh tubaisteach sin bhí taobh na Poblachta buailte go polaitiúil ag na haicmí is frithbheartaí in Eirinn: ``The Establishment, the Church, the vested interest of trade, commerce and conservative society generally, but above all, by the great and revived machinery of the Irish Parliamentary Party'' (i bhfocail Eoin Neeson).

Bhí an lá leis an Impireacht agus tharla sé sin ar chúis shimplí amháin - gur éirigh leo gluasieacht na Poblachta a scoilt. Ní hamháin go raibh an mhórscoilt thubaisteach ann i Nollaig 1921-Eanáir 1922 ach lean easaontas agus claonadh chun scoilte sa champa Poblachtach sa sé mhí dar gcionn. Is é an ceacht is mó atá le foghlaim ón tréimhse sin ceacht an aontais. Foghlaimítear é.

Le Colm de Faoite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland