Top Issue 1-2024

15 April 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Cad a dhéanfaimid feasta?

Bualadh bob orm, dhá nó thrí sheachtain ó shin nuair a léigh mé agallamh le Séan Mac Bradaigh ag fógairt an nuacht go bhfuil ré reatha nuachtáin seachtainiúil An Phoblacht ag teacht go deireadh, agus gur iris mhíosúil a bheas ann feasta.
Bhí meascán de mhothúcháin orm (cúis cheiliúrtha ar dtús nach mbeidh orm leathanach bán a líonadh gach oíche Mháirt/maidin Céadaoin leis an rámhaille agus raiméis a thairgim go seachtainiúil mar smaointí ... cá bhfios, polaitiúla?) Ach i ndiaidh an osna beag faoisimh bhuail an smaoineamh mé go bhfuilimid ag teacht go deireadh institiúid atá níos sine ná seasca faoin chéad den tír, agus b’fhéidir leath dá léitheoirí.
Ní maíomh gan chúis é an focal ‘institiúid’ nó cuireadh na céad eagráin den pháipéar i gcló daichead bliain ó shin nuair a tharla an scoilt i 1970 cé go dtéann an t-ainm  An Phoblacht siar go dtí tús an chéid seo chuaigh thart, go tréimhse Bulmer Hobson agus na Cumainn Dhún Geanainn.

Na nuachtáin agus na nuachtlitreacha
Is iomaí poblachtach a thosaigh amach ag díol an pháipéir, nó na bpáipéir fiú - bhí tráth ann nuair a bhí An Phoblacht faoin ascaill oíche amháin agus cnagadh ar na doirse céanna an oíche dar gcionn leis an pháipéar eile, Republican News a dhíol. (Agus ná déan dearmad go raibh na nuachtáin phoblachtacha áitiúla ar fáil go minic chomh maith, The Volunteer i nDoire a thagann chun cuimhne).
Caithfidh go raibh muid in ann níos mó a léamh sna laethanta úd sna seachtóidí nó ag gach agóid agus gach mórshiúil bheadh nuachtáin ó na grúpaí sóisialacha, éite clé, poblachtacha, United Irishman, agus eile ar dhíol. Bheadh nuachtlitreacha a mhairfeadh sé, seacht, nó dosaen eagráin (go minic d’imeodh an t-eagarthóir go sciobtha go dtí príosún éigin) agus bheadh caighdeán na n-irisí féin thar a bheith éagsúil, sna laethanta roimh chlódóirí baile agus inneallacha fótochóipeála.
Is dócha gur scríobh cuid againn, ar a laghad, ár gcéad píosaí bolscaireachta/ailt polaitiúla ar steinsil don Roneo Stencil. Agus bhí difear an domhain idir an Roneo Stencil agus An Phoblacht (a bhí gairmiúil, clóite agus le masthead daite gorm ag rith go bródúil trasna leathanach a haon).

Roneo stencil....
Roneo Stencil? Bhuel ghléas a bhí ann a mbeadh dúch laistigh de dhruma, agus bheadh an leathanach a bhí le cló nó le cóipeáil, réamh clóscríofa, colún leagtha amach ar na cearnóga agus grideanna ar an mhaistir-leathanach, agus fiú an corr léaráid nó cartún má bhí na scileanna sin ag an eagarthóir. Greamaítí an maistir-leathanach ar an druma, agus chuirtí na leathánaigh bhána isteach, ceann ar ceann, agus an druma á rolladh ag an lámh ar an taobh. Bheadh gníomhaithe polaitiúla ag maíomh as cé mhéad leathanach a raibh siad in ann cóipeáil in aghaidh na huaire, sna laethanta sin. Samhlaigh nuachtlitir de 8 leathanach (A4 inghearach) agus cúig chéad cóip de le scaipeadh. D’aithnítí an gníomhaí polaitiúla áitiúil as ucht na matáin mhóra ar a lámh dheis as rolladh an Roneo ar feadh cúpla uair a chloig gach oíche Aoine!
Anois, tá An Phoblacht ag dul go míosúil agus leagan digiteach suas go dáta, nach mór an athrú é. B’fhéidir nach bhfuil ré an nuachtáin chlóite thart ach níl aon amhras go bhfuil stíleanna léitheoireachta athraithe. Le blianta fada, bhí mo chóip d’An Phoblacht ag fanacht go foighneach orm sa nuachtánaí áitiúil agus thiocfainn isteach dó – laethanta i ndiaidh domh an leagan digíteach a léamh. B’fhéidir go mbeidh an leagan digíteach seo romhainn níos fearr, níos úire agus cé fios nach mbainfidh an suíomh tairbhe as an easpa ‘sprioc-ama nó sprioclíne’  agus deis ag daoine a rogha a léamh nuair atá fonn orthu (agus deis ag daoine eile a scríobh nuair atá fonn orthu).

Cronóidh muid é....
Tá breis agus 35 bliain ann ó scríobh mé mo chéad tuairisc do An Phoblacht agus sna blianta ó shin, bhí amanta a scríobh mé go rialta agus amanna eile nach raibh ábhar a scríobh mé de dhíth, agus amanna eile nár scríobh mé ar chor ar bith - i mBéarla nó i nGaeilge. Beidh bród orm i gcónaí gur thug An Phoblacht spás dom mo smaointe a chur ar phar, crónóimid an páipéar, ach le bheith macánta faoi, tá mé ag súil go mór leis an leagan digíteach (agus ag súil le níos lú saothair ar níos mó tionchar). Go maire muid an chéad daichead bliain eile.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland