Top Issue 1-2024

4 March 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Scam na Gaeilge in am do Sheachtain na Gaeilge

Níl a fhios agam an raibh mórán léitheoirí An Phoblacht i measc na ndaoine a fuair spam le cúpla seachtain anuas ón Uasal Mr Patrick K. W. Chan Aire i Hong Cong ag tairiscint gnó leat ach do mhaoin a aistriú chuige. Tá litreacha spam mar seo beo le blianta – tagann litir nach raibh tú ag súil leis ag lorg airgead nach bhfuil agat a chur i scéim ghnó nach bhfuil ann. De réir tuairiscí bíonn na mílte duine slógtha isteach sna scéimeanna, agus cuireann siad airgead isteach i ‘scéim do chreidte’ chun brabús a dhéanamh cé nach bhfuil aon seans go ndéanfaí airgead agus gach seans go gcaillfí an t-airgead.
Roimh an Nollaig bhí cara liom ag iarraidh gluaisteán a dhíol agus nuair a fógraíodh é ar cheann de na suímh ar líne tháinig r-phost ar ais ó dhuine (san Afraic) a bhí ar tí bogadh teach (go dtí Meiriceá Theas) agus mar a tharla a bhí ag lorg 1991 Opel Kadett, mar a bheifeá is dócha agus tú ar do bhealach go Meiriceá Theas. Ní raibh aon fhadhb aige (an ceannaitheoir) le costas iompar ná a dhath, ní raibh ach fadhb bheag amháin aige, go raibh sé i ndiaidh an dréacht banc dhéanamh amach ar shuim ró ard... Bhí an gluaisteán ar dhíol ar €300, bhí dréacht banc aige do €3,000: an mbeadh mo chara sásta an dréacht a lóisteáil ina chuntas féin agus €2,000 a chur ar ais agus thiocfadh leis an €700 den difir a choinneáil dá thrioblóid.
Scam a bhí ann, ar ndóigh, bheadh an t-airgead imithe óna chuntas banc sula mbeadh an bhréagdhréacht aimsithe (gan trácht ar a bheith fágtha fós leis an ‘91 Kadett!)
Le blianta anuas tá gach saghas ealaíontóir scama ag fanacht le deis duine santach, soineanta a mhealladh agus a roinnt óna chuid airgid agus de réir mar atá cúrsaí eacnamaíochta (nach bhfuil sé spéisiúil go bhfuil nama i lár eacnamaíocht?), de réir mar atá siad ag dul in olcas, is éascaí, is léir, go mbíonn jab an scamadóra. Tá daoine imníoch agus ag greimeadh ar aon chomhartha dóchais.

Prionsa sa Nigéir,cumadóir sa Rúis
Go dtí seo is i mBéarla is mó a bhí na scamanna seo ag teacht, ón phrionsa sa Nigéir a chaill a thuismitheoirí agus a bhí a maoin a roinnt go carthanach (cuir €100, 000 chugam agus seolfaidh mé milliún ar ais) agus an cumadóir sa Rúis nach raibh ach €5,000 d’infheistíocht uaidh leis an domhan a shábháil) agus an duine truamhéalach eile a raibh duine tinn sa bhaile agus a bhí ag iarraidh íocadh as an obráid... anois, áfach, is i nGaeilge atá a spam ag teacht nó teanga atá cosúil le Gaeilge ach é scríofa ag clár  bóg-earraí aistriúcháin.
Ón scoil Ghaeilge ‘tá mé fear, tá tú bean’ a thagann a leagan seo atá lán de bhotúin ghramadaí (ach ar ndóigh ní bhíonn saoi gan a locht)

Subject: GNÓ TOGRA  Date: Sun, 21 Feb 2010 04:32:59 +0100  From: Mr Patrick K. W. Chan

Aire: Tá mé an tUasal Patrick KW Chan an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Príomh-Oifigeach airgeadais Hang Seng Bank Ltd, Hong Cong.
Tá mé togra gnó brabúsaí leasa choitinn a roinnt le leat; Baineann sé leis an aistriú suim mhór airgid. Fuair mé do tagairt i mo cuardach a dhéanamh ar dhuine a oireann mo chaidreamh gnó molta. Má tá suim agat i obair liom teagmháil a dhéanamh liom mo trí r-phost príobháideach le haghaidh tuilleadh sonraí. Dearbhófar do fhreagra túisce chun an litir seo a mhór.

An tUasal Patrick Chan
Ardaíonn litir mar seo éifeacht an chórais aistriúcháin ar ríomhaire chomh maith. Tá moladh tuillte ag comhlachtaí mar Google, Meteor, Samsung srl as a n-iarrachtaí leaganacha Gaeilge a chruthú dá suímh, ach tá píosa fós le foghlam nuair atá aistriúchán chomhuaineach á sholáthar ar shuíomh cosúil le Google Translate.
Best green hamhras
Focal ar fhocal níl mórán fadhb leis na suímh seo ach nuair a chruthaítear comhthéacs, nó sraith focal i bhfoirm abairte is féidir le rudaí aisteacha a tharlú. Tóg mar shampla an seanfhocal ‘is fearr glas na hamhras’ a thagann amach i mBéarla mar : best green hamhras. Nó cad faoi “is giorra cúnamh Dé ná an doras” a chiallann níos mó, is cinnte ná: God willing shorter than the door.
Tá riail neamhscríofa idir múinteoirí Gaeilge nach mbíonn siad ag gaire, riamh, ar iarrachtaí an fhoghlaimeora, (le linn an ranga, an dtuigeann tú) cé go mbíonn go leor leor scéalta faoi aistriúcháin agus abairtí caillte san aistriúcháin ag foghlaimeoirí. Deirtear scéal faoi fhear amháin a d’fhoghlaim óna mhúinteoir sna Blocanna H gur chiall ‘aon rud’ anything agus a chaith an chéad chúpla lá i ndiaidh sin ag rá ‘aon rud, aon rud’ dá chairde (ar an mhíthuiscint gur chiall na focail ‘anything’ gur mhaith leis iad a chiall....) Nó bhí scéal eile faoi fhear a d’iarr an Ghaeilge dá shloinne óna mhúinteoir agus a dúradh gur Ó hArrachtach a bhí ann. Níor thuig sé go raibh aon rud as ord go dtí gur chuir sé féin in aithne ag scrúdú Fáinne leis an abairt ‘Tony Ó hArrachtach an t-ainm atá orm’ agus gur phléasc an scrúdaitheoir sna trithí gaire.
Inniu, ar an lámh eile, thig linn a ghaire nó is inneall, gan phearsantacht, gan mhothúcháin atá ag insint dúinn ‘Tá mé an tUasal Patrick KW Chan’. Ach má tá muid in ann gaire faoin Ghaeilge ná ceapadh gur grinn atá sa chleas atá ar siúl aige agus Seachtain na Gaeilge ag tarraingt orainn. Sa chás seo is fiú a rá nárbh fhearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste – is ionann an dhá rud agus is olc iad araon.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland