25 February 2010 Edition

Resize: A A A Print

Caithfear deireadh a chuir le hAcht 1737

Dúirt Uachtarán Shinn Féin, Gearóid Mac Ádhaimh ar an Máirt go bhfuil dualgais ar rialtais na Breataine deireadh a chuir le hAcht 1737 a chuireann bac ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.
Dúirt sé;
“Mar atá ráite agam go minic, níl áit ar bith don Acht biogóideach seo i gcóras dlí ar bith.
 Tá mé cinnte, mar aon liom fhéin, go mbeidh Gaeilgeoirí na Sé Chontae sásta cluinstin ón suíomh cúirte is déanaí inniu, go bhfuil seans maith anois ann go mbeidh breithiúnas maidir leis an Acht seo roimh an Cháisc.
Is léir nach bhfuil aon leithscéal ann don Acht as data, frith-Ghaelach seo agus tá mé arís eile ag iarraidh ar rialtais na Breataine é a scrios agus a chuir ó mhaith gan mhoill.”

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland