Top Issue 1-2024

25 February 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Eagarthóir Nua Ceaptha

Tá sé fógartha ag Torann na dTonn Teoranta, comhfhiontar idir The Connacht Tribune Ltd agus Eo Teilifís, gurb é  Ciarán Dunbar atá ceaptha mar eagarthóir ar an nuachtán úr seachtainiúil Gaeilge, Gaelscéal.
Is as Contae an Dúin ó dhúchas é agus taithí de bhlianta aige a bheith ag plé leis na meáin Gaeilge. Roimhe seo bhí ailt dá chuid foilsithe aige ar Lá Nua, An tUltach, Comhar, Nuacht 24, The Irish News agus ar The Scotsman i nGaeilge na hAlbain. Tá tuairisceoireacht raidió déanta aige ar Raidió Fáilte agus ar BBC Raidió Uladh.

Fís don nuachtán
Ag labhairt dó faoina cheapachán agus faoin bhfís atá ag an nuachtán dúirt sé: “Tá mé ag súil go mór leis an dúshlán seo agus is cinnte liom gur féidir leis an fhoireann atá curtha le chéile againn páipéar den chéad scoth a chur ar fáil”.
“Tá sé ar intinn againn páipéar úr nua a chruthú,  páipéar a bheas ag cothú le pobal na Gaeilge ar fud an domhain”.
Tá Treasa Bhreathnach as na Forbacha, Gráinne McElwain as Contae Mhuineacháin agus Méadhbh Ní Eadhra as an Spidéal fostaithe mar sholáthróirí ábhair don nuachtán agus beidh saoririseoirí agus colúnaithe á gceapadh go luath.
Is é Trevor Ó Clochartaigh an Bainisteoir Tionscadail ar Ghaelscéal agus is í Patricia Ní Chonghaile a bhéas ag plé le cúrsaí fógraíochta, margaíochta, dáileacháin agus ciorclaíochta.
Bhronn Foras na Gaeilge conradh cheithre bliana ar luach €1.6 milliún ar Thorann na dTonn Teo. anuraidh chun nuachtán seachtainiúil uile-oileánda a fhoilsiú i bhfoirm clóite agus go leictreonach.

Páipéar anailíse de dhíth
Foilseofar an chéad eagrán de Ghaelscéal roimh dheireadh na míosa seo chugainn agus beidh sé suimiúil cén dearcadh, agus cén déantús a bhéas ann. Tá ráite ag an Eagarthóir nua in alt eile a scríobh sé go bhfuil ‘páipéar seachtainiúil cúrsaí reatha anailíse de dhíth’  agus ‘ba chóir go mbeadh an Nuacht ar líne, rud ar bith eile agus bheadh sé as dáta’. Beidh deis an teoiric seo a thástáil amach anseo nó tá eagrán ‘ar líne’ den nuachtán luaite mar chuid den chonradh le Foras na Gaeilge.
Táthar á rá gurb é deireadh Mí an Mhárta sula mbeidh an chéad eagrán ar fáil, rud a chuireann breith an nuachtáin thar an tréimhse den bhliain is mó baint le cúrsaí Gaeilge (Rith 2010, Seachtain na Gaeilge, Bronnadh Duaiseanna Glór na nGael, gach rud ag titim idir an 3 agus an 20 Márta) agus b’fhéidir gur comhartha maith é seo nach mbeidh an páipéar ag bráth ar nuacht Gaeilge lena Ghaelscéal a díol linn agus go mbeidh níos mó den anailís sin a luaigh an tEagarthóir nua-cheaptha mar ábhar macnaimh na seachtaine dúinn.

 

500 Síntiúsóir á lorg

Tá an chéad eagrán d’iris úr Phoblachtach, An Glór Poblachtach le seoladh go luath  – agus beidh deis ag daoine i ngach cearn den tír a bheith ag an seoladh nó de réir le Séanna Breathnach tá sé i gceist go seolfar an iris ó thuaidh, ó dheas, thiar agus thoir ag imeachtaí do lucht na Gaeilge.
Tá réimse altanna san iris ó údair a aithneoidh an pobal poblachtach, ina measc siúd Bairbre de Brún, Labhrás Ó Donnghaile, Marcas Mac Ruairí agus eile agus iad ag scríobh faoi ábhair éagsúla ó na meáin, an aeráid, tumoideachas, teicneolaíocht agus léirmheas leabhair.
Tá sé mar sprioc ag Roinn Chultúr Sinn Féin 500 síntiúsóir a earcú don iris a bheidh ag teacht amach ceithre uaire in aghaidh na bliana. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó [email protected]
[email protected] 
Tá an iris ar dhíol sna siopaí seo leanas SF Gaoth Dobhair, SF Bóthar na bhFál, SF Doire, SF BÁC, agus Cultúrlann MacAdam/Ó Fiaich is Cultúrlann Uí Chanáin. Fón Niall Ó Donnghaile 90521473, nó Séanna Breathnach 90808404.

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland