Top Issue 1-2024

18 February 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Buachaillí Naomh Coilm

Chuir mé suim ar leith i gclár Tommie Collins ar RTÉ an tseachtain seo caite, The Boys from St Columbs, nó chaith mé féin ceithre bhliana, a bheag nó a mhór, san institiúid sin ag deireadh na seascaidí. Ag amharc ar liosta na n-iardhaltaí a bhí ar an chlár teilifíse, mhothaigh mé go mbeadh na cuimhní cinn uathu ag titim sa réimse idir dath róis go dearg  agus nach mbeadh mórán clamhsain, i ndáiríre, le cluinsint. Ní mar a shíltear a bhítear, agus bhí idir ionadh agus sásamh orm nuair a thuig mé, luath sa chlár, gur ‘cuir i leith’ seachas ‘cuir i gceilt’ a bheadh ann ó na ‘buachaillí’.
Thosaigh mé féin ar choláiste Naomh Colm sa bhliain 1967. Bhí mé 11 ag an am, agus bronnadh scolaireacht orm rud a shábháil mo thuismitheoirí £5 in aghaidh na bliana – na táillí bliantúla a bhí ann ag an am. Is ionann táillí na laethanta sin agus airgead póca mo mhic na laethanta seo. Is dócha go raibh mé buíoch as an scolaireacht ag an am, agus déarfainn go raibh mé sásta cur suas leis an scoil féin don chéad chúpla bhliana go raibh mé ann. Faoin am gur thosaigh na seachtóidí is suimiúla a bhí rudaí ar siúl ar na sráideanna timpeall na háite ná aon rud a bhí ar siúl laistigh de bhallaí an Choláiste áfach agus nuair a thosaigh airde liom ag fáil postanna agus printisigh, d’fhág mé an áit.

Bruidiúlacht
Áit bhruidiúlach a bhí ann go minic: bhí cuid de sin le cluinsint ó na scéalta sa chlár. Bhí idir sagairt agus tuataigh ar fhoireann muinteoireacht na scoile agus imo chuimhne bhí na sagairt níos tugtha don fhoréigin ná na tuataigh. Mar a bheadh póca fáda tanaí ar thaobh bhristí saor adhmaid dá slat tomhais bhíodh póca amhail ‘holster’ ag sagairt Naomh Coilm dá n-uirlisí ceirde - an strap leathar. Ar fháth ar bith, ag am ar bith, ó shagart nó múinteoir ar bith thiocfadh leo an strap a úsáid nó ní raibh an bhruidiúlacht laethúil teoranta don seomra ranga. Bhí na strapanna seo déanta as leathar, is fíor, ach ní iarsma de sean-chrios a bhí iontu. Bhí na strapanna seo déanta go gairmiúil - bhí monarcha nó tionscadal bothóige áit éigin sa tír ag déanamh na gléasanna céasta seo, cuid acu crua, cuid a bhí solúbtha agus a chasfadh timpeall lámh nó caol-lámh an dalta bocht nuair a bheadh an sagart dá bhualadh leis, agus cuid a raibh luaidhe taobh istigh, len iad a dhéanamh níos troime agus níos measa fós. Bualadh le strapa, bualadh le dorn dúnta, nó le bos oscailte, pionós corpartha, bhí sé ar fad ann. Nuair a léigh Seamas Heaney a dhán faoi John Logue ag scuabadh gruaige ón urlár ní bearbóir a smaoinigh mé faoi, ach gruaig scoite ó mo cheann féin ag sagart amháin a raibh party piece aige ná buachaillí 11 bhliain d’aois nach raibh na réamhfhocail Ghaeilge de ghlanmheabhar acu, a phiocadh suas ón urlár le gruaig a chuid sidelocks agus a luascadh ó thaobh go taobh.
Rud amháin a bhí soiléir ón chlár ná an t-aicmeachas agus an t-ardnósachas a bhain leis an áit. Bhí údarás an choláiste i sáinn: bhí orthu na doirse agus na geataí a oscailt do pháistí an lucht oibre mar gheall ar an 11+ (córas atá siad fós ag cosaint!) ach b’fhuath leo na páistí seo a tháinig ó Shráid Rossville, Creagán agus Gob na Scáile. Níor bhain muid lena n-aicme. Bhí sé suimiúil go raibh Easpag Ó Dálaigh ag labhairt ar an chlár, duine a chuaigh tríd an chóras féin, duine a raibh a fhios aige faoin bhruidiúlachas laethúil, foirleathan ó shagairt dá chuid níos déanaí ina shaol. Ar ardaigh sé an cheist leo riamh faoin dóigh ar imir siad díchlaonadh in aghaidh páistí 11 bhliain d’aois ón chéad lá riamh dóibh sa scoil? Faoin fhonóid, faoin bhulaíocht, faoin chlaonadh aicmeach a roinn saibhir ó dhaibhir, mac an doctor ó mhac an docker? Ar ndóigh bhí a fhios ag Easpaig roimhe faoi iompar na sagart san institiúid nó le linn mo laethanta ansin bhí nia easpaig eile ina Uachtarán ar an choláiste (The Man from Uncle an leasainm a bhí air ag an am...)

Duaiseanna Nobel...
Bhain an clár seo úsáid as seanfootage agus grianghraif de scoláirí a bhí ag insint a scéalta, grianghraf ranga agus araile. Tá dhá ghrianghraf agam ó mo thréimhse sa choláiste agus má a amharcann tú orthu tabharfaidh tú faoi deara ar líne cúil ansin ceithre nach bhfuil éidí scoile orthu. Lean triúr as na ceithre sin a gcuid oideachas in Ollscoil na Ceise Fada sna blianta beaga i ndiaidh dóibh an scoil a chríochnú ach faoin am sin bhí cogadh ar siúl sna sráideanna timpeall an choláiste féin. Chaill daoine eile sa ghrianghraf deartháracha agus gaolta leo le linn na tdrioblóidí agus ba léir nach raibh sé i ndán dár nglúin (chas mé ar roinnt mhaith buachaillí Naomh Coilm sna Blocanna H) a bheith san iomaíocht do Dhuaiseanna Nobel. Go deimhin, nuair a ghabh John Hume a bhuíochas as an oideachas a fuair sé ann, agus é ag cur le tuiscint gurbh é Coláiste Naomh Coilm a chur ar bhóthar na polaitíochta domhanda é, chuimhnigh mé ar mo dhearthár agus cairde dá chuid a dhíbirt ón choláiste toisc gur iarr siad Comhairle Ionadaíocht na Mac Léinn a chur ar bun. Nuair a d’eagraigh siad agóid ag am lóin, cuireadh den scoil iad ar feadh seachtaine agus tháinig litreacha ar ais chuig an teach ag insint orainn go raibh muid páirteach ‘in organising an illegal protest’ ag geataí na scoile.
Agus tá grianghraf eile agam anseo – trófaí ó na laethanta frith-údarásacha sin, nuair a d’éirigh liom caimeara a thabhairt isteach sa seomra ranga, agus grianghraf a ghlacadh de shagart a ba ghnáth leis nuachtán laethúil a léamh le linn ranga. Féachaim le mionghaire anois ar an lámhscríbhinn a chur mé ar chúl an ghrianghraif nuair a sheol muid é isteach chuig an Derry Journal (ach ar ndóigh níor fhoilsigh siad é!).
Deir Hume, Heaney agus eile gur de thoradh a gcuid oideachais i Naomh Colm a chuaigh siad ar aghaidh le heachtraí móra a dhéanamh lena saol agus níl aon amhras ná go raibh múinteoirí díograsacha, maithe ann ach bhí múinteoirí eile nár chóir a bheith i seomra le gasúir óga ar chor ar bith. D’inis Phil Coulter agus  Paul Brady, scéal faoi iarrachtaí a gcuid ceoil agus scileanna cumadóireachta a chleachtadh faoi rún in áit nár chothaigh, dar liom, cumadóireacht ná neamhspleáchas. Tá meas don Ghaeilge agam inniu in ainneoin bulaíocht, foréigin agus bruidiúlachas an mhúinteora Gaeilge a bhí agam le linn mo chéad trí bhliana san áit agus is dócha gurb amhlaidh é do dhaoine eile a tháinig slán ón chóras sin ó thaobh ábhair staidéir eile de.
Ach tá ceist eile a ardaítear tríd an chlár, ceist an 11+ féin. Rinneadh mórán den chéad ghlúin a chuaigh tríd an 11+, a chuaigh go dtí coláistí agus ar aghaidh chuig ollscoil agus a d’fhág a rian ar shochaí an Sé Chontae ó shin.  B’fhiú breathnú, chomh maith, ar na daoine nach bhfuair an clúdach stairiúil tríd an doras, na daoine cumasach, cliste, nár tugadh na deiseanna oideachais céanna dóibh. An fearrda ár sochaí dá bharr an díchlaonta sin? Nó an dtuigeann na scoileanna atá ag iarraidh go mbeadh scrúdaithe roghnaithe dá gcuid féin ann an damáiste agus an deighilt a chothaíonn a leithéíd de scrúdú? B’fhéidir go dtuigeann, b’fhéidir gurb í an aidhm: aicmeachas mar a bhí ann in áiteanna mar Naomh Colm agus iarsma de chumhacht eaglaise atá ag trá


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland