4 February 2010 Edition

Resize: A A A Print

Rith 2010

llie Cahill (Shamrock Rovers), Anthony Moyles (An Mhí), agus Luke Fitzgerald ó fhoireann Rugbaí na hÉireann, le Bláthnaid Ní Chofaigh ag seoladh Rith 2010

llie Cahill (Shamrock Rovers), Anthony Moyles (An Mhí), agus Luke Fitzgerald ó fhoireann Rugbaí na hÉireann, le Bláthnaid Ní Chofaigh ag seoladh Rith 2010

Deir Siobhán Seoighe, Bainsiteoir Imeachta Rith 2010 go bhfuil ‘momentum iontach le scéal Rith 2010 agus is léir go bhfuil an spéis ag daoine ann’. Bhí sí ag caint ag cruinniú i nGaillimh leis an choiste atá ag eagrú na himeachta i gCathair na dTreabh, an áit a mbeidh an rith ag críochnú i ndiaidh ocht lá agus oíche ar an bhóthar (agus ar mhuileann coise) ag taistil 1600 cileamadair ar fad.
Beidh an Rith ag tosú i mBéal Feirste ar an 9ú Márta agus sna laethanta idir sin agus Lá le Pádraig cois Choiribe rachaidh sé tríd 15 chontae agus 250 baile, ag iompar teachtaireacht laistigh de baton dárach ón Uachtarán, Máire Mac Giolla Íosa.
Is féidir le daoine aonaracha, nó grúpaí, scoileanna srl cileamadair a cheannach ar an bhealach mar urraíocht don Ghaeilge. Tá an Rith 2010 bunaithe ar rás cosúil leis a rithtear gach ré bhliain i dTír na mBascach, an Korrika, atá 30 bliain d’aois anois.
An tseachtain seo chaite seoladh an Rith go hoifigiúil le cúnamh tríúr réalta spóirt Ollie Cahill (Shamrock Rovers), Anthony Moyles (An Mhí), agus Luke Fitzgerald ó fhoireann Rugbaí na hÉireann, le cuidiú ón Ghael aitheanta teilifíse, Bláthnaid Ní Chofaigh.
Deir Seoighe go bhfuil go leor déanta anois go mbeidh daoine in ann eolas (pacaistí do ghrúpaí, pacaistí scoile srl) a íoslódáil ón suíomh www.rith.ie

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland