4 February 2010 Edition

Resize: A A A Print

SEACHT

SEACHT: Fiáin agus corraitheach

SEACHT: Fiáin agus corraitheach

SEACHT
Is nós é anois ar an teilifís go mbíonn ‘sraitheanna’ ag críochnú ag pointe ana-drámatúil (an cliffhanger) ar nós Lost, Sopranos agus araile agus ‘seo cad chuige, mar sin, nach mbeadh sraith teilifíse Ghaeilge mar an cheanna. Thosaigh an tríú sraith de Seacht le craoladh arís ar BBC 2 Thuaisceart Éireann agus ar TG4 ó lár mí Eanáir, le haird an lucht féachána a fháil láithreach le filleadh Pádraig (Marcas) ón uaigh.
Sraith úr dorcha is é Seacht 3, a leanann an sraith a bhain amach duaiseanna de fíor fiúntas anuraidh. Tá sé maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileáin Thuaisceart Éireann, TG4 agus BBC 2 TÉ agus léirithe ag Stirling Film and Television Productions. Tugann an tsraith drámaíochta seo léargas ar ghrúpa daoine óga ag maireachtáil lena chéile agus iad ag freastal ar Acadamh na dtaibh-ealaíon.
Fiáin agus corraitheach, le foshruith teann, cruthaíonn an tsraith seo scoilt idir na carachtar is ansa linn le tuilleadh rúin agus bréaga.
Chomh maith leis na carachtar ón tsraith deireanach tugadh dhá aghaidh úr i láthair: Grace, cailín álainn a dtugann ceacht sa ghrá do Bhrian; agus Ciarán, dochtúir sóisearach dóighiúil a bhfuil dúil ag Caroline ann.
Le saol Decko i mbaol agus Linda scanraithe roimh an fhir a d’ionsaigh í, Steve, tá tuilleadh casadh sa tríú sraith seo sula shroicheann muid an finale spleodrach.
Léirithe ag foireann óg, bríomhair agus neamhspleach, is cruthúnas é gur féidir drámaíocht i nGaeilge a bheith cróga, dána agus ábalta dul san iomaíocht le cláracha eile agus tá a lucht leanúna ag fás i gcónaí.
Thig leat Seacht a fheiceáil ar TG4 nó BBC2 gach Luain ag 10.00 i.n.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland