4 February 2010 Edition

Resize: A A A Print

Buann An Droichead gradam náisiúnta Glór na nGael

Nóra Welby, Bainisteoir Glór na nGael agus Pól Deeds (An Droichead) ag féachaint an bhfuil spás ar an bhalla do Duais 2009

Nóra Welby, Bainisteoir Glór na nGael agus Pól Deeds (An Droichead) ag féachaint an bhfuil spás ar an bhalla do Duais 2009

Is é An Droichead, Béal Feirste a bhuaigh céad áit i gcomórtas Ghlór na nGael 2009.
Fógraíodh torthaí an chomórtais ar chlár Seán Bán Breathnach ar Raidio na Gaeltachta an tseachtain seo agus ba chúis cheiliúrtha é do Bhéal Feirste nuair a bhuaigh An Droichead €50,000 agus trófaí. ‘Sí Roinn Pobail, Tuaithe agus  Gaeltachta príomh urra na duaise náisiúnta agus Foras na Gaeilge urra an trófaí.
Bhuaigh an Droichead an duais mar aitheantas náisiúnta ar mbain an coiste amach ag cur na Gaeilge chun cinn le linn 2009.
Is é Comharchumann Forbartha Chois Fharraige, Co na Gaillimhe, a bhuaigh an dara áit agus duais de €12,500. Bhuaigh An Clár as Gaeilge an tríú áit agus duais de €7,500.
Ag moladh obair An Droichead, dúirt bainisteoir Ghlór na nGael, Nóra Welby: “Tá an duais seo tuillte go maith ag an Droichead as a bhfuil déanta ar son na Gaeilge in Oirthear Chathair Bhéal Feirste le blianta anuas. Chuaigh an leibhéal pleanála do thodhchaí na Gaeilge sa cheantar seo i bhfeidhm ar na moltóirí neamhspleácha agus tá an-dóchas ann go mmbainfí na pleananna sin amach agus go gcruthófar postanna agus seirbhísí trí Ghaeilge sa cheantar.
“Tá liosta leatha d’imeachtaí agus deiseanna labhartha ar siúl ag an Droichead agus is áis phobail cheart ionad an Droichid féin.Gabhaim comhghairdeas leis an Droichead agus céad áit i gcomórtas Ghlór na nGael á bhuachan acu in éadan iomaíocht ghéar. ‘Seo an duais ag filleadh ar Bhéal Feirste i ndiaidh camchuairt ceithre bhlian timpeall na tíre’. Dúirt sí gurb aitheantas an duais seo ní amháin d’obair na mbuaiteoirí ach do choistí agus grúpaí deonacha ar fud na tíre atá ag cur na Gaeilge chun chinn i rith na bliana.

Comhghairdeas dá chomharsana...
Thug Pól Deeds ón Droichead comhghairdeas leis na buaiteoirí comharsanacha eile sa chathair agus sa cheantar maguaird Béal Feirste, ina measc-siúd tá:
  • Cumann Leath Chathail, Dún Pádraig a bhuaigh Leibhéal 3 san IarGhaeltacht agus duais de €5,000
  • Céad áit Leibhéal 2, agus duais Iontaobhas ULTACH as obair trásteorann, ag dul go Pobal an Chaistil, Co Aontrom, as ucht a gcuid oibre i measc an phobail
  • Duais aitheantas don chumann Ghlór na Móna, as ucht a fheachtas Gabh Gaelach (luach €1,000) i measc an phobail agus gnónna ar Bharr Cluanaí;
  • Duais céad áit Leibhéal 1 don Chumann Gaelach, Croimhghlinne Lann Abhaigh, €2,000;
  • Dara áit Leibhéal 1, Cumann Gaelach Ard Mhic Nasca ar luach €1,000.
Bronnadh aitheantas ar leith, Trófaí na gComhlachtaí ar an West Belfast Taxi Association as ucht na gcomharthaí dhá-theangach, agus na bealaí dhá-theangacha atá le feiceáil go sóiléir ar gach a bhaineann leis an gcumann le bliain anuas.
San iomlán d’fhógair Glór na nGael duaiseanna de luach €150,000 beo ar Raidió na Gaeltachta agus is féidir liosta iomlán na mbuaiteorí a léamh ar www.glornangael.ie
Eagrófar Bronnadh Náisiúnta agus Idirnáisiúnta Duaiseanna Ghlór na nGael i mBéal Feirste ar an 20ú Márta 2010 nuair a chruinneoidh coistí agus aíonna ó fud fud na tíre i Halla na Cathrach ar chuireadh Leas-mhéara Bhéal Feirste Danny Lavery.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland