Top Issue 1-2024

29 May 1997 Edition

Resize: A A A Print

Meabhraítear Bríd Mhic Chóil dóibh

Ceann de an míreanna raidió ba thruamhéalaí dar chuala mé riamh ba ea agallamh raidió a rinne Bríd Mhic Chóil ar Raidió na Gaeltachta tamall gairid sula bhfuair sí bás. ``Tá mo shaol thart,'' a dúirt sí. Bhí a saol thart toisc gur galraíodh í le heipitíteas C de dheasca fhaillí choiriúil fheidhmeannaigh an Stáit.

Ní hamháin gur truaillíodh soláthairtí an Bhanc Fola ach rinneadh neamhsuim ar nós cuma liom den scéal nuair a tháinig an t-eolas sin chun solais taobh istigh den Bhord Náisiúnta Fuilaistriúcháin. Dá bharr sin daoradh saoránaigh, mná a bhfurmhór, chun péine agus chun báis.

Ní raibh aon dul as ag Bríd Mhic Chóil ach caingean dlí a thionscanamh in aghaidh an Stáit le cothrom na Féinne a bhaint amach. Nuair a rinne sí é sin chuaigh inneallra an Stáit i mbun oibre lena leasa féin a chosaint agus Bríd Mhic Chóil a bhriseadh.

Ní fhéadfadh ach daoine cruachroíocha maistíneacht a imirt uirthi agus í ar leaba an bháis mar a rinne giollaí an Aire Sláinte Michael Noonan. Léirigh an Nuanánach nimh bhuile nuair a labhair sé i dTeach Laighean agus é ag ionsai comhairleoirí dlí Bhríd Mhic Chóil. Chuir a ghangaid an lá sin olc ar bhaill a pháirtí féin fiú.

Deirtear le daltaí scoile i ranganna saorántachta gurb ionann an stát agus na daoine. Creid é sin agus creidfidh tú rud ar bith! Gléas smachta é an stát atá bag beann ar an gcóras (neas) daonlatach. Chuala mé iar-Aire Rialtais de chuid Fhianna Fáil ag rá gur thug sé an nod P.T.F.O. faoi deara ag bun a chuid cáipéisí mionteagaisc - ``Pass the fucker on.'' An Bunrialtas abú! L'état c'est nous!

Ba chuma le comhairleoirí dlí an Rialtais, le hardfheidhgmeannaigh na Roinne Sláinte nó, sa deireadh thiar thall, le Michael Noonan faoi chearta an tsaoránaigh Bríd Mhic Chóil. Ba é an gnó a bhí acusan uile leasa an Stáit a chosaint. Chonaiceamar cheanna an meon céanna i mbun cosaint a raibh dochosanta maidir leosan a ciontaíodh go héagórach faoin robáil traenach sna Solláin. Arís agus arís eile maidir le héagóracha móra agus beaga leantar an prionsabal impiriúil: ``The King (an Choróin/an Stát) can do no wrong.''

Chomh déanach le coicís ó shin bhí an Roinn Sláinte fós i mbun scirmise le Positive Action. Ní raibh an fhéile intinne iontu géilleadh go grástúil agus chuir siad stró agus crá breise ar na híobartaigh mhí-ádhmharacha ag gach céim den phróisias. Ní raibh de dhíth ach an méid ba lú de thrócaire, de chroíbhrú agus de chúiteamh. Ní raibh sé iontu an méid ba lú sin a thabhairt.

Nuair a foilsíodh tuarascáil an bhinse fiosraithe sa scéal ní raibh ag cur as do Michael Noonan ach a chinntiú gur thuig na meáin go raibh seisean saor ó locht i scaipeadh an ghalair. Ba cheart go mbeadh sé ar a ghlúine ag lorg maithiúnais, go háirithe ó mhuintir Bhríd Mhic Chóil.

Smaoinigh uirthisean nuair a thagann na Léinte Gorma agus a gcomhghuaillithe chuig do dhoras ag lorg do vótasa.

Le Colm de Faoite


Guth don Ghaeilge san Olltoghchán



``Ní mór don Rialtas nua polasaithe cinnte a fheidhmiú chun a gcearta teanga a thabhairt do phobal na Gaeiglae agus freastal go gníomhach ar bhá an phobail i leith na Gaeilge,'' arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Gearóid O Cairealláin, Dé Céadaoin, 28 Bealtaine.

Bhí Gearóid O Cairealláin ag labhairt an Preas-Ocáid a reachtáil Conradh na Gaeilge in Ostán Buswells, Baile Atha Cliath. Reachtálach an Preas-Ocáid chun aird a dhíriú ar thábhacht na Gaeilge agus ar an héilimh don Ghaeilge atá á gcur chun cinn ag Conradh na Gaeilge le linn an Olltoghcáin.

Thug Conradh na Gaeilge cuireadh do gach páirtí polaitiúil atá ag cur iarthtóirí ar aghaidh san Olltoghchán ionadaí a chur chuig an bPreas-Ocáid chun achoimre ghairid a thahbhairt ar pholasaí an pháirtí i leith na Gaeilge.

Polasaí leathan a dhíth


Is iad na réimsí polasaí atá roghnaithe ag Conradh na Gaeilge le díriú orthu ná - Stádas na Gaeilge, Ceata phobal na Gaeilge, Oideahcas, An Ghaeltacht, Na Meáin Chumarsáide.

Tá 4 nó 5 mholadh praiticiúil gearthréimhseach á gcur chun cinn ag Conradh na Gaeilge sa chúig réimse sin.

Dúirt Uachtarán an Chonartha, Gearóid O Cairealláin, go rabhthas ag spreagadh pobal uile na Gaeilge chun ceist na Gaeilge a ardú le gach polaiteoir agus le lucht conbhasála a dtagann ina dtreo. Tá cóipeanna den bhileog d'éilimh Chonradh na Gaeilge scaipthe go forleathan. Tá cóip den bhileog á scaipeadh, freisin, leis an dá nuachtán seachtainiúil, Foinse agus Lá.

Gnéithe ar leith


Is iad seo a leanas na héilimh is tábhachtaí atá á gcur chun cinn ag Conradh nas Gaeilge:

Cearta


Go rithfí Bilel um Cheata don Ghaeilge a chinnteodh go mbeadh dualgas reachtúil ar gach Aire Rialtais Féachaint chuige go mbíonn seirbhís éifeachtach trí Ghaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge óna Roinn féin agus ó gach cuid den státchóras a bhaineann lena Roinn.
Go gceapfaí Coimisinéir nó Ombudsman na Gaeilge leis na cumhacthaí agus leis na hachmhainní cuí chun gearáin phobal na Gaeilge a fhiosrú agus a gcearta a bhaint amach dóibh.
Go mbeadh poalsaí gníomhach turasóireachta cultúir agus teanga i bhfeidhm ag údaráis chuí an Stáit.
Oideachas


Go bhféachfaí chuige go mbeidh an Ghaeilge á múineadh go héifieachtach mar theanga tharraingteach nua-aimseartha ag gach leibhéal den chóras oideahais.
Go bhfreastalófaí i gceart ar spéis an phobail in oideachas lánGhaeilge trí rialacha cothroma a bheith ann maidir le haitheantas a thabhairt do scoileanna lánGhaeilge nua ag an gcéad agus ag an dara leibhéal.
Go mbunófaí Bord Oideachais ar leith chun freastal i gceart ar scolaíocht lánGhaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
Go mbunófaí institiúid lánGhaeilge tríú leibhéal.
An Ghaeltacht

Go gcuirfí achaminní breise ar fáil d'fhonn cur le forbairt infrastructúr na Gaeltachta.
Go bhféachaí chuige gur trí Ghaeilge a bheidh Ranna Rialtais agus an Earnáil Phobilí ag freastal ar phobal na Gaeltachta.
Go gcuirfí leis an tacaíocht Stáit atá ar fáil do chruthú postanna sa Ghaeltacht.
Na Meáin Chumarsáide

Go bhfeeachtaí chuige go mbeidh Teilifís na Gaeilge (TnaG) ar fáil gan dua do phobal uile an hEireann agus go mbeidh smacht iomlán ag Bord REachtúil TnaG ar an gcaineál ar a gcraoltar an stáisiún.
Go bhféachfaí chuige, trí chóras cuótaí, go mbíonn réimsí cuí de chláracha Gaeilge á chraoladh ar gach stáisiún raidió agus teilifíse.
Go mbunófaí stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge chun frestal ar dhaoine óga.
Go dtabharfaí aitheantas oifigiúil don Ghaeilge i dTuiscerat Eireann.
Go mbainfí stádas amach don Ghaeilge mar theangta oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach.
Go seasfaí le stádas bunreachtúil na Gaeilge.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland