Top Issue 1-2024

17 December 2009 Edition

Resize: A A A Print

Eoghan Mac Cormaic's Bilingual Christmas Crossword

Crosfhocal dátheangach na Nollag

Crosfhocal Nodanna

Trasna
(Má tá ‘G’ ann is focal Gaeilge, má tá ‘B’ ann, is focal Béarla atá ann)
(8) Príosún i gContae Ros Comáin (9) B
(10) ‘Sé José Ramos-Horta atá ina Uachtarán ar an tír seo, _____Thoir (5) B
(11) Ainm na tuairisce a scríobhadh sna hochtóidí faoi chéasadh agus drochíde na bpríosúnach i gCaisleán Riabhach (7) B
(13) An séipéal ina mbíonn easpag ag páidireacht de ghnáth (3,7),  G
(16) Saghas iompair polaitiúil nuair atá duine/páirtí ag iarraidh aird an phobail a tharraing orthu féin  (nó áit mhaith chun cluiche a fheiceáil) (10) B
(18) Teachta Dála, i mBéarla (6) B
(20) Cáirt-stáisiún ceoil na n-óg, as Gaeilge, ar fáil ar www.rrr.ie  (4) G
(22) Acrainm d’ordú in aghaidh duine atá i mbun droch-iompar frith-shóisialta (4) B
(23) In amhrán Bobby Sands, ‘Back Home in Derry’  is chuig an áit seo a raibh an diabhal ag tabhairt na n-anamacha le titim na hoíche (5) B
(25) Coinníonn siad an buille in am i mbanna ceoil máirseála (5) B
(26) ‘Grá thú mo chroí, long may it lie between England and me...(3) B
(27) Céad ainm ár n-ionadaí ar Údarás na Gaeltachta (7) G
(28) Ní bhíonn an duine seo gan a locht, de réir an tseanfhocail (4) G
(30)Feachtas sna Sé Chontae le cearta teanga a chinntiú do phobal na Gaeilge (4) G
(32) Cástar ar veterans ó am go ham, achan bhfuil poblachtanaigh claisiceacha chomh shean leis seo? Tom Hartley mar shampla? (7) B
(33) Milseán na Nollag – nó aontachtóir ó pháirtí Peter Robinson ‘droim ar ais’ b’fhéidir (3) B
(34) Sloinne ár n-Aire Oideachais (5) B
(36) Ainm an ghrúpa a cheol an t-amhrán ag tús an damhsa Riverdance sa chomórtas Eurovision i 1994 (5) B
(37) Sa tsraidbhaile seo, Abbey ...., a mháraigh na gardaí John Carthy sa bhliain 2000 (4) B
(38) Siombail na hÉireann, cruit (4) B
(41) Suaitheantas a léiríonn cumas, agus coimitmint, don Ghaeilge labhartha (6) G
(42) Sloinne Martin, an Leas-Phríomh Aire (10) B
(45) Bhí am ann nuair a gheofá sé mhí as seo! (10) B
(48) Tine cnámh, lasta mar chomóradh, go háirithe ag dílseoirí ar an 11ú Iúil (7) B
(51) An leaba spoinse a bhí ag cimí le linn agóid na plúide (5) B
(52) Suíomh gréasán idirnáisiúnta  de thuairiscí nuachta neamhspleácha (9) B

Síos
(1) Teanga na nGael ((7) G
(2) An raibh Bertie agus a chairde ag cocaireacht iad seo? (8) B
(3) Suíomh gréasáin ina mbíonn ábhar stárúil, cáipéisí polaitiúil srl, ar fáil faoin tréimhse 1968- ó thuaidh (4) B
(4) Banna ceoil reggae Gaelach (5) G
(5) Dúirt Thatcher, tráth, go raibh an ceann deireannach díobh seo imeartha ag an IRA! (4) B
(6) Tá sé i lár Dublin,  as Gaeilge ar ndóigh (4) G
 (7) Mana Seachtain na Gaeilge (4, 2, 6) G
(9) Feachtas cogaidh athnuaite na hathbhliana i Vietnam sa bhliain 1968 (3) B
(12) Leasainm an ‘baile’ ina raibh na cimí sa Curragh, Cill Dara, sna daicheadaí ... Town (3) B
(14) Pléascach, an semtex factor, b’fhéidir? (9) B
(15) Ceannlíne uafásach jingoistic a d’úsáid an Sun nuair a mharaigh arm na Breataine na céadta saighdiúirí Airgintíneacha ar an long General Belgrano le linn cogaidh na Malvinas (6) B
(17) Fonóid nó magadh a bhaint as duine tríd dráma, nó scigaithris a dhéanamh de (4) G
(19) An píosa páipéar tábhachtach a ligeann cuairteoir isteach sa phríosún ar chuairt (4) B
(21) Foilseachán ócáideach ó Ghluaiseacht na Poblachta a mbíonn an-tóir air (4) G
(24) ‘Sé an Taoiseach – faoi láthair – lena theideal ina dhiaidh (5, 5, 2) B
(25) Tá na línte áirithe seo na línte is measa do cholúnaithe An Phoblacht... tráthnóna Dé Máirt, glaoch ón eagarthóir, cá bhfuil d’alt??? (9) B
(29) Sean téarma eile do phríosúin (4) B
(31) Ainm peata Bhainisteoir Foireann sacair an 26 chontae? (4) B
(33) Siúlóid, mórshiúl an phobail, ceiliúrtha, cultúrtha ach uaireanta bagartha agus buach (6) B
(35) Acrainm an lae inniu den Óllscoil in Éirinn a bhronn céim ar Ronnie Reagan i 1984, agus a spreag Peadar O’ Donnell a chéim féin a thabhairt ar ais mar agóid (4) G
(39) Ag cur le fios go bhfuil rud a dhéanamh agat, cuir i gceill, mar stráitéis na nAontachtóirí (8) B
(40) Díreach an rud a ligfeá amach as áit nach raibh tú ag iarraidh a bheith ann (7) G
(43) Roinn an stáit a théann i dtóir ar airgead a gnothaíodh go mí dhleathach - ach amháin má’s ball den chiorcal órga, ar ndóigh! (3) B
(44) Uirlis mhaith i gcomhair tochailt tú féin as poll? Glaoigh é mar atá! (5) B
(46) Ócáid mhór atá arna eagrú do Sheachtain na Gaeilge 2010, nuair a bheidh na Gaeil ar a gcosa ar feadh 1600 ciliméadair ar son na Gaeilge (4) G
(47) Cé hé an t-agóidí sa phictiúir thíos a bhí ina Stát-rúnaí sna 6 chontae tráth: (4) B
(49) Acrainm Gaeilge den IRA (3) G
(50) An saghas cleachtadh polaitiúil agus fostaíochta a mbeadh saoránaigh i dteideal dó i sochaí normálta. Cothrom. (4) B

Crosfhocal Freagraí

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland