Top Issue 1-2024

26 November 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Bulaíocht ar scaileán na Teilifíse

Caithfidh mé a admháil nach mbím ró eolach faoi chúrsaí ‘celeb’ ná ceiliúráin: ní hé go bhfuil mé ardnósach faoi seo, tuigim go maith an ról atá ag cultúr an phobail seachas cultúr ag leibhéal eile agus aontaím le mana Rosa Luxembourg, ‘Mura bhfuil mé in ann rince, nílim mé ag iarraidh a bheith páirteach i do Réabhlóid’. Tá spás ann inár saolta go léir don chorr rud seafóid, éadrom, folamh ó am go ham. Ach fós féin, bíonn deacracht agam an craic seo ar fad faoi na ceiliúráin a ghlacadh dáiríre. Murach na páistí a bheith ag caint faoi sa bhaile ní bheadh a fhios agam aon rud faoi Jedwards nó Jordans na laethanta seo.  Ní hionadh é, mar sin, nár aithin mé Katie Price ar I’m a Celebrity oíche Domhnaigh agus mé i stát veidíteach os comhair an bhosca, ar iarratas na ngasúr nach bhfaca mé le seachtain. Bhí siad ag iarraidh cuid quality time a chaitheamh liom - ag féachaint ar I’m a Celebrity.
“Sin Katie Price” arsa duine de na páistí, “tá sí i ndiaidh Sé Dhúshlán a dhéanamh.” D’amharc mé arís – ní Katie Price a bhí ann ach Jordan. D’aithin mé í. “Nach raibh sí ann cheana?” a d’fhiafraigh mé.
“Bhí, agus anois tá sí ar ais arís” arsa an bhean chéile, bean, ní mór a rá, a bhfuil go leor foghlamtha aicí faoi na cláracha teilifíse réalaíocha ó thosaigh sí ag obair mar mhúinteoir cúpla mí ó shin. Caithfidh go mbíonn an comhrá i seomraí foirne scoileanna na tíre seo thar a bheith spéisiúil. “Agus ar eagla nár thug tú faoi deara, is ionann í Jordan agus Katie”.
 
Cion do shaol an dufair
Bhí sé sin tugtha faoi deara agam. “Caithfidh go bhfuil cion aici do shaol sa dufair”, arsa mé “má tá sí ar ais don dhara uair?”
Caithfidh go raibh, ach má a bhí, bhí sí imithe ón champa faoin am gur éist mé leis an nuacht an maidin dar gcionn agus mé ag tiomáint trí na tuilte uisce idir Gaillimh agus Contae na Mí. Is léir go raibh rudaí níos tábhachtaí ina saol pearsanta ná an dufair agus an Seachtú Dúshlán sin.
Tá an aeróg briste ar mo ghluaisteán agus ní phiocann an raidió suas aon stáisiún ach an stáisiún áitiúil is cóngaraí don áit ina bhfuil mé. An maidin sin idir Béal Átha na Slua agus Áth Luain bhí imeacht Bean Price as an dufair ar an dara mhír ar an nuacht: ba é an scéal a bhuaigh an chéad spota ná go raibh Jedward, cúpla óg ó Bhaile Átha Cliath imithe ón X Factor. Tháinig na tuilte uisce agus an trá eacnamaíochta i ndiaidh na mbluiríní tábhachtacha sin – bhí a chuid phríorachtaí socraithe don lá, tá a fhios agat, ag eagarthóir nuachta an stáisiúin. Bhí sé ag maireachtáil, ba léir, i saol éagsúil ón chuid eile againn.
Bhí nasc de shaghas idir an dhá phíosa scéal cé nár luaigh aon iriseoir nó craoltóir nuachta é. I mo thuairimse, níorbh fhiú a thuairisciú imeacht Jordan, ná díbirt Jedward ó scaileáin na teilifíse dúinn in aon chor ach b’fhiú, dar liom, dá mbeadh tuairisc agus plé de shaghas éigin faoin ghné eile seo a nascanna an dhá scéal agus ‘sé an nasc atá i gceist agam ná an bhulaíocht.
 
Rialú an tSlua
 Ó thosaigh na cláracha ‘réalachais’ á gcraoladh ar stáisiúin teilifíse domhanda thart faoi 10 mbliain ó shin bíonn ionchur ón lucht féachana lárnach agus riachtanach do ráth na gcláracha. Íocann an lucht féachana as an deis chun iompar agus gníomhaíochtaí na ndaoine at ar an chlár a threorú nó a dhíriú. Is annamh a bhaineann na cinniúintí a dhéanann an lucht féachana le réalachas agus is minic, caithfear a rá, go mbíonn mí-réalachas taobh thiar do na cinniúintí agus vótaí a dhéanann an lucht féachana. Ar phrághas glaoch gutháin is féidir le daoine laoch nó amadán a dhéanamh de rannpháirtí ar seó teilifís (fad a’s go bhfuil a dhótháin daoine ag smaoineamh mar a chéanna leat)
Agus is sa chumhacht sin a luíonn an nasc idir scéal Katie Price agus Jedward. Tairmligtear cumhacht ó léiritheoirí cláracha go dtí duine ar bith a bhfuil euro le spáráil agus tugtar an lámh in uachtar do na mothúcháin is íochtaraí.
Bíonn cead a gcinn tugtha do ‘rialú an tslua’ nó mob rule, do mhaistíní agus bulaithe íospairt a dhéanamh as an duine is laige ar an chlár. Le gach cás de bhulaíocht, le gach sampla den  ‘nasc lag’ ar fhoireann nó ar chlár á chur faoi bhrú ag an lucht féachana, bíonn an scór féachana teilifís ag méadú agus na cuideachtaí teilifíse ag déanamh níos mó brabúis as.
 
Nasc lág, brabús breis
 Ag pointe áirithe, tháinig lucht léiriú na gcláracha ‘réalaíocha’ seo ar an tuiscint gurbh fhiú i gcónaí duine lág, nasc lag, nó duine a mbeadh fócas fuath an phobail a roghnú d’aon ghnó a bheith ar chlár. Mura mbeadh sé sin ag obair i gceart (agus an lucht féachana go léir ag piocadh ar an duine bocht seo, go mbeadh Plean B ann: na moltóirí  a bheith ‘in aghaidh’ duine ar leith ionas go mbeadh an pobal ‘ar son’ an duine céanna agus ag íoc (trí na táillí glaonna gutháin) leis an duine/grúpa a choinneáil ar an chlár.
Bhí samplaí den dhá chur chuige sin le feiceáil ar chláracha na seachtaine seo caite.
Sa chéad chás bhí na leaideanna óga Éireannacha, cúpla, leipreacháin nua aoiseacha ar ardán ag damhsa (go ciotach) agus ag canadh (as port). Seachtain i ndiaidh seachtaine d’fhulaing siad bhulaíocht le huirísliú agus náiriú poiblí as ucht na bhfocal (molta!!) ó dhuine den phainéal moltóireachta.  Agus seachtain i ndiaidh seachtaine bhí a dhótháin daoine ag caitheamh airgid ar ghlaonna gutháin len’ iad a choinneáil ar an chlár ar feadh seachtaine eile, ionas go mbeadh deis eile ag na moltóirí ionsaí poiblí, neamh-throcaireach, pearsanta a dhéanamh orthu. B’ionann agus an bheirt seo a bheith sna stocks agus slua ag caitheadh turnapaí agus glasraí lofa orthu. Ní raibh aon éalú dóibh ach filleadh an tseachtain dar gcion agus dáileog den drochíde chéanna a fháil arís.
Bhí sé níos cosúla le gliairí i gcolasaem ag fanacht ar theacht na leon ná amhránaí i lár seó talainn agus i ndáiríre níor chóir a leithéid a bheith ceadaithe nuair is léir gur cineál bulaíochta atá ann.
 
Bulaíocht Oscailte
Ach má a bhí ‘cineál bulaíochta’ i gceist i gcás Jedward is bulaíocht oscailte, cothaithe a bhí ar siúl i gcás na gceiliúrán sa dufair. Oíche i ndiaidh oíche, de réir tuairiscí, thit an crann ar an bhean céanna le dúshlán scanrach, uafasách, deistíneach eile a dhéanamh fad a’s a bhí an lucht féachana iargúlta ina suí ar an tolg os comhair na tine, go compordach, ordóg ar chnáipí an ghutháin soghluaiste ag baint pleisiúir as fulaingt Katie Price ar an taobh eile den domhan. Ba léir go raibh rialú an tslua i réim; ba léir nár bhain sé le cothromas ná ionannas ach gur bhain sé le boladh fola agus pionós a ghearradh ar dhuine eile.
Sna cláracha seo tá na hinstinní is bunusaí spreagtha agus i mo thuairim is droch rud é sin a mbeidh impleachtaí don tsochaí níos leathna. An rud atá inghlactha, inmholta fiú ar chlár ‘réalaíoch’ beidh sé inghlactha agus inmholta de réir a chéile sa ghnáth shaol/shochaí réalaíoch de réir mar atá an teorann á gheamhú idir an dhá dhomhan. Bíonn tionchar ag na cláracha teilifís ar an ghnáth saol, díreach mar a bhíonn fógraíocht ag imirt cluichí lenár mothúcháin gach lá (agus tá bulaíocht le feiceáil níos minice ná riamh mar chleas fógraíochta) agus ní rud maith é sin. Bliain ó shin chuir iarrthóir ar an chlár American Idol Paula Goodspeed, lámh ina bás féin taobh amuigh de theach duine des na móltóirí, ach bliain ina dhiaidh is léir nach bhfuil aon rud foghlamtha ag lucht eagraithe na gcláracha seo. Tá sé thar a bheith am rialacha dea-chleachtas a chur i bhfeidhm do chlárach den chineál seo sula mbeidh muid ag léamh faoi thubaiste pearsanta eile.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland