Top Issue 1-2024

19 November 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Korrika na hÉireann ag teacht

 Tá go leor leor naisc idir Éire agus Tír na mBascach, nascanna polaitiúil ar dóigh, nascanna chomhsheasmhacht agus nascanna cultúrtha. I mí an Márta an bliain seo chugainn, le linn Seachtain na Gaeilge mar a tharlaíonn sé, cruthófar nasc eile nuair a chuirtear tús le Rith 2010 – an leagan Éireannach/Gaelach den Korrika, rith mór Bascach atá anois ar an saol le breis agus 30 bliain. I dtír na mBascach ritear an Korrika gach ré bliain agus gach bliain bíonn téama ar leith ag baint leis.
Is imeacht mór é an Korrika, déantar iarracht cuid mhaith de thír na mBascach a thabhairt san áireamh nuair atá cúrsa nó bealach na reatha á phleanáil agus i gcás an Rith 2010 tá na heagraithe ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh. Beidh 1600 ciliméadar de bhóithre na hÉireann san áireamh sa Rith, ach ní bheidh gach Gaeltacht ná gach contae páirteach sa phríomh rith.
Mar sin, cad atá sé agus cén fáth gur chóir do dhaoine a bheith páirteach? Bhuel de réir an coiste eagraithe ní ‘rás’ atá ann. Is rith urraithe agus téann aon bhrabús ná fuíollach as an airgead a bhailítear i dtreo na Gaeilge nuair atá na costais eagraithe díolta agus cad chuige nach mbeadh costais ann. Beidh Rith 2010 ag tosú i mBéal Feirste agus ní stopfaidh sí go dtí go bhfuil an ceannscríbe i nGaillimh bainte amach, agus 1600 ciliméadar clúdaithe.

1600 ciliméadar thar 7 lá
‘Sé an prionsabal atá leis an Korrika ná go leanann foireann ritheadóirí agus rannpháirtithe ar aghaidh, maidin, tráthnóna agus istoíche gan stop gan sos ar feadh cúig lá ach má tá 1600 ciliméadar sa turas is ar bhonn aon chiliméadar amháin a dhíoltar urraíocht. Le cabhair ó Google tá an bealach ar fad roinnte go díongbháilte agus is féidir le daoine ciliméadar áirithe a ‘cheannach’. De ghnáth bíonn costas níos airde ann do cheantair éagsúla, mar shampla má tá Gaelscoil i mbail beidh costas níos mó ar chiliméadar in aice leis, nó tríd an bhaile sin ná do cheantar nach bhfuil aon bhaint ar leith leis an Ghaeilge ann.
Tá cuma ar an scéal seo nach iad na Bascaigh amháin a dhéanann imeacht mór, pobal-pháirteach mar seo, ná go bhfuil Gaeil na tíre seo ar an chéad dream leis an sampla a leanúint. Sa Bhriotáin thosaigh gníomhaithe teanga ‘ar Redadeg’ sa bhliain 2008 agus clúdaíonn na ritheadóirí 600 ciliméadar thar trí lá. Roinn blianta ó shin mar chuid d’iarracht an spriorad agus croí Briotánach a bhris, thóg Rialtas na Fraince an cúige Loire Atlantique, ina bhfuil an chathair Naoned (Nantes) as an Bhriotáin agus dhearbhaigh gur cúige nó region den Fhrainc a bheadh ann feasta.  Tá feachtas ar bhun ó shin leis an chinneadh sin a chealú agus aitheantas cuí a thabhairt don réigiún mar réigiún Briotánach.

Sampla na Briotáine
Ní aithníonn lucht eagraithe ar Redadeg teorainn mar sin, ar ndóigh, agus chuir siad tús leis an rith i Naoned agus chríochnaigh sé i Karhaez (Carhaix) i lár na Briotáine. Bailítear airgead tríd an rith do scoileanna Diwan, (muscail) atá an-chosúil le Gaelscoileanna. Díoltar an phribhléid  an cipín nó an brat a iompar ar feadh ciliméadar (ar chostas €100 nó níos mó). Déanfar an rud céanna in Éirinn agus tá glaoch ginearálta seolta ó lucht an eagraithe go mbeidh níos mó daoine ag gabhail pháirte mar lucht féachana nó mar rannpháirtithe. Nuair a cheannaítear an ciliméadar (nó roinnt chiliméadar) ag duine nó grúpa gnóthaíonn siad an ceart chun an cipín (a bhéas teachtaireacht dea-ghuí don Rith laistigh ann ón Uachtarán, Máire Mhic Ghiolla Íosa). Beidh an duine nó na daoine ar leo-san an ciliméadar os comhair an tslua a bhfuil lucht an eagraithe ag súil go mbeidh ann, ag rith ‘leis’ Rith 2010 agus ag cur leis an atmaisféar. I ndiaidh sin beidh meirge an reatha, á iompar ag lucht tacaíochta an imeachta agus i ndiaidh sin an slua. I dTír na mBascach, mar shampla, tógann idir 500,000 agus 600,000 páirt sa Korrika agus eagraítear cóisir, féilte, fáiltí agus rannpháirtíocht scoileanna agus clubanna agus pobail áitiúla ar fud an turais. Tarlóidh an rud céanna cheana féin agus tá an Rith ag leanúint cúrsa, dar leis an heagraithe, a thógfaidh isteach cuid mhaith Gaelscoileanna agus is dócha go mbeidh na scoileanna sin, agus tuismitheoirí na ndaltaí, ag eagrú a n-imeachtaí bailiúcháin airgid féin timpeall an mhór-imeacht.
Nuair a d’eagraigh lucht DIWAN ‘ar Redadeg’ dhá bhliain ó shin rinne siad iarracht na ritheadóirí a thabhairt tríd an chúig ‘départments’ de Bhriotáin agus i dTír na mBascach déantar iarracht an chuid is mó den tír a chlúdach (agus an cúrsa ag athrú gach dara bhliain). In Éirinn tá an rud céanna fíor ach aithníonn lucht an eagraithe nach bhfuil an tír ar fad, nó na ceantair ina bhfuil pobail Ghaeilge beo agus gníomhach, clúdaithe sa chéad Rith seo.

Imeachtaí tacaíochta
Rachaidh an Rith ó Bhéal Feirste go hArd Mhacha, tríd Dún Dealgan, Gaeltacht na Mí, Baile Átha Cliath, an Deisceart, agus ar aghaidh tríd Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, an Clár, Gaillimh, Maigh Eo agus ag críochnú arís i nGaillimh seachtain i ndiaidh sin, ach cuirtear an cheist cad chuige nach raibh contaetha in Iarthuaisceart na hÉireann, Sligeach, Liatrom, Tír Eoghan, Doire agus gan amhras Dún na nGall san áireamh nuair a eagraíodh bealach na reatha? Is dócha go luíonn freagra na ceiste sin sna ‘logistics’ mar a dheirtear. Leanfaidh Rith 2010 gan stop ó chuirfear tús leis, maidin agus oíche, tríd áiteanna ina mbeidh daonra, agus slua ag ceiliúradh agus ag eagrú imeachtaí poiblíochta ach chomh maith leis sin beidh daoine ag rith le linn na hoíche, in áiteanna dorcha, uaigneacha gan mórán daonra ionas go mbeidh an Rith ag teacht isteach go bailte, scoileanna nó ceantair ina mbeidh lucht tacaíochta ag fanacht ar an Rith agus caithfidh an t-amchlár sin a bheith réalaíoch, agus tairbheach, agus an toradh poiblíochta/airgeadúla is mó a bhaint as. Creideann lucht an eagraithe go mbeidh blianta eile a shásóidh na pobail ar fhágadh amach iad an uair seo agus molann siad do phobail, scoileanna agus araile nach bhfuil ar an route imeachtaí tacaíochta dá gcuid féin a eagrú – díreach mar a tharlaíonn nuair at an Korrika féin ar siúl.
Mar thoradh ar Rith, tá ciste speisialta á bhunú. Úsáidfear an ciste seo le tacaíocht a thabhairt do thograí ar fud na tíre, a chothaíonn agus a spreagann úsáid na Gaeilge mar theanga phobail. Beidh an ciste cuntasach seo á bhainistiú ag Coiste Bainistíochta Ciste, le hionadaithe ó eagraíochtaí agus grúpaí tacaíochta éagsúla na Gaeilge, sna ceantair Ghaeltachta agus lasmuigh díobh. Leanfaidh bainistíocht an chiste seo dea-chleachtas idirnáisiúnta d’eagraíochtaí carthanacha. ‘Siad baill an choiste ná Helen Ó Murchú , Lorcán Mac Gabhann, Feargal Ó Cuilinn, Daithí de Faoite, Ciara Ní Mhaonaile, Diarmuid Ó Bruadair agus  Peadar Mac Fhlannchadha, daoine ar fad iad atá aitheanta le saol na Gaeilge agus spriocanna forbairt pobail na Gaeilge le fada.
Is féidir go leor eolais eile a fháil faoin Rith ar www.rith.ie, ciliméadair a chur in airithint, foirmeacha clárúcháin agus araile agus ós rud go mbeidh an colúnaí seo ag gabhail pháirte ann (téann sé thar mo dhoras, níl aon éalú as) coinneoidh mé ar an eolas sibh faoin scéal ó am go ham idir anois agus Mí an Márta seo chugainn.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland