Top Issue 1-2024

12 November 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Scríobhann na buaiteoirí an stair, scríobhann na cailliúnaithe an fhírinne

Thíos ar leathinis Uíbh Ráthaigh domh an tseachtain seo chuaigh thart, i gCiarraí Theas agus ag cásadh ar choiste pobail áitiúil mar chuid de mholtóireacht Ghlór na nGael a bhí ar siúl ar fud na tíre le coicís anuas agus atá fós ar siúl le roinnt coistí fós ag ullmhú do chuairt ‘na moltóirí’. Mar a tharlaíonn sé, agus tá mé dá rá seo le sé bliana anuas, is pribhléid ar leith é domh a bheith ábalta dul isteach i gcroí lár na suímh is éifeachtaí, is fuinniúla agus is tiománta don teanga, agus d’obair phobail i ngach cearn den tír. Tá go leor le foghlam uathu, na coistí deonacha atá ag saothrú i rith na bliana le saol níos fearr, níos gaelaí a shocrú dá bpobail áitiúla agus is mór an trua, a deirim liom féin go minic, nach Late Late na Gaeilge atá ionainn agus sinne i mbun moltóireacht nó má a bhí ceann do gach duine sa lucht féachana tuillte riamh, tá sé tuillte ag na coistí seo. Faraor, áfach, is comórtas é agus beidh ar na coistí fanacht go dtí lár Mí Eanáir sula mbeidh na torthaí foilsithe.
Ach ar ais go Ciarraí Theas agus sampla amháin den saghas oibre a bhíonn idir chamáin ag coistí. Bronnadh cóip de leabhar nua-fhoilsithe orm, leabhar a foilsíodh mar chuid de thionscnamh taighde/caomhnú an traidisiúin Amhráin Uí Ráthaigh Iml. 1 le Peter Mullarkey agus Seán Mac an tSíthigh. Bailíodh na hamhráin seo, thart fá’ seasca amhrán, mar chuid de thogra darbh ainm Binneas a bhfuil d’aidhm aige ‘oidhreacht cheoil agus amhránaíocht Uíbh Ráthaigh a bhailiú agus a chaomhnú i gcartlann chuimsitheach a chuirfear ar fáil don bpobal’.  Chuala mé tuairisc go bhfuil timpeall 700 amhrán bailithe acu, agus má tá beidh a thuilleadh imleabhair le teacht.

Insint i mbealach neamheaglach
Is foinse stair iontach tábhachtach atá sa leabhar seo, nó cruthaíonn sé go pointe an sean-mhana gurb ‘iadsan a bhuann cogadh a scríobhann an stair, agus iadsan a chailleann a scríobhann na hamhráin’. Gan amhras, tá amhráin sa díolaim seo a insíonn scéal lucht caillte an chogaidh, agus an chogaidh chathartha ach go háirithe agus má a insíonn, insíonn i mbealach neamheaglach, ag scríobh an stair mar a tharla sé, gan athscríobh ná maolú na leathinsint.
Déanaim tagairt dó sin, nó in áiteanna sa tír seo bíonn drogall ar dhaoine a bheith ag plé – fiú sa lá atá inniu ann – le ceisteanna crua an chogaidh chathartha. Tá’s agam áit amháin, mar shampla, ar fhoilsigh an cumann stair leabhair roinnt blianta ó shin a lean stair an bhaile ó thús ama ach a stop díreach roimh an droch-am agus a thosaigh a insint arís sna 30aidí. Nuair a chuir mé ceist ar dhuine den chumann cad chuige ar tharla sé seo dúirt sé liom go raibh an chuimhne ró-úr fós den tréimhse agus go raibh teannas nach raibh réitithe fós.
Bhuel, i gCiarraí Theas tá an cuma ar an scéal go bhfuil an réiteach ar an fhadhb ná an fhadhb a ainmniú agus dá bhrí sin faightear amhráin cosúil le The Martyred Five, (faoi dhúnmharú cúigear Poblachtach ag lucht an tsaorstáit ag na Beathacha gar do Chathair Saibhín i Mí Mhárta 1923. Is dócha go bhfuil an scéal truamhéalach faoin chúigear seo léite ag daoine cheana i leabhar Dorothy Macardle, Tragedies of Kerry, agus ar ndóigh níl ach trí nó ceithre sheachtaine ó d’ardaigh Martin Ferris ceist  faoin eachtra seo agus eachtraí eile i gCiarraí le linn na laethanta dorcha sin nuair a bhí Arm an tSaorstáit ag dúnmharú príosúnaigh lena gceangail ar mhianaigh agus iad a phléascadh i lár na hoíche. Tá mothúcháin oscailte san amhrán, go háirithe sna línte deireanach:

‘May we our comrades think of them and be as well resigned

As well prepared to meet our God when we leave this world behind

God grant that we may meet again upon that heavenly shore

Where Free State traitors hold no sway and partings are no more’

Aistriú gan uaim ó Dhúbhchrónaigh go Saorstátóirí
Is dócha gurb é an rud is measa faoin eachtra uafásach sin (agus na heachtaí eile ag Baile an tSíoda agus Droichead an Chuntaoise an tseachtain chéanna) ná gurbh é iarchomradaithe a bhí i mbun an dúnmharaithe, díreach i ndiaidh na mblianta d’fhulaingt a chuir siad isteach ag troid in aghaidh na nDubhchrónaigh agus na hAuxies. Ní dhéantar neamhaird ar an tréimhse sin ach oiread: tá amhráin sa leabhar faoi ‘Joseph Taylor from Glencar shot by Black and Tans at his home’.
Amhrán eile atá trom le brón, bród agus cumha ná John’s by the Caol Óg Side, amhrán a chuirfeadh The Boys of Barr na Sráide i gcuimhne domh agus a leanann scéal na hóige tríd laethanta neamhúrchóideacha, tríd cogadh, agus a chríochnaíonn leis an údar ag cuimhneamh siar ar chomradaithe nach bhfuil linne níos mó.
I measc na n-amhrán pholaitiúla eile sa bhailiúchán tá The Ballad of Johnny Golden, sean-fhínín ó Chiarraí a díbríodh go príosún i bhFreemantle san Astráil. Mhair sé go dtí gur saoradh é agus phós sé i ndiaidh sin. Tá sé curtha san Astrail in uaigh  le cloch os a chionn a bhfuil teachtaireacht simplí air: God Save Ireland. Tá amhrán eile ón tréimhse chéanna sa leabhar, The Fenians of Cahirciveen, a ríomhann scéal an éirí amach i gCiarraí, agus i gCill Áirne  sa bhliain 1867 ach tá amhrán eile a phléann an cath céanna, sa Chaol, ach atá scríofa i nGaeilge Tadhg Ó Sé agus na Finíní (scríofa ag Diarmuid Rua na Bolgaí).

Cuireadh chuig comhoibriú agus rannpháirtíocht
Níl an leabhar seo teoranta do na hamhráin pholaitiúla ar ndóigh agus tá idir grinn agus aor agus cumha le fáil sna hamhráin eile chomh maith le cur síos beacht ar ábhar gach amhrán agus pé eolas atá ar fáil faoi údar an amhráin má tá sin ann.
Tá lucht Binneas ag súil cur leis an ábhar sa leabhar le cuidiú an phobail agus úsáid suíomh idirlíne www.binneas.com. Tá an suíomh beo cheana féin agus is féidir le daoine cóipeanna a íoslódáil agus má tá eolas breis ag cuairteoirí don suíomh beidh siad ábalta an t-eolas a uaslódáil chomh maith. Sa dóigh seo a bheidh na húdair in ann portanna a chur leis na focail atá bailithe acu.
Molaim misneach na n-údar agus molaim toradh a dtaighde go nuige seo. Tá mo chóip féin agam anois ach daoibhse a cheannaíonn leabhair, b’fhiú an leabhar seo a cheannach mar fhoinse eolais, mar fhoinse staire agus mar fhoinse saibhir traidisiún scríobh amhráin agus ballaid Chiarraí Theas, i mBéarla agus i nGaeilge. Tá a thuilleadh eolais ar fáil ó [email protected].


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland