5 November 2009 Edition

Resize: A A A Print

Scéal ar bith fós de phlean 2028

Éamon Ó Cuív

Éamon Ó Cuív


LE SÉANNA BREATHNACH

AG léacht de chuid Conradh na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna i mbliana chuir an tAire Éamon Ó Cuív síos ar an Phlean 2028 – plean straitéiseach agus oibre don Ghaeilge a cuireadh le chéile mar thoradh taighde agus éisteachtaí poiblí a reáchtáladh le linn 2008. Bhí Ó Cuív ag caint ar phainéal a raibh Uachtarán an Chonartha, Pádraig Mac Fhearghusa agus úrlabhraí an ghrúpa nua Guth na Gaeltachta, Éamonn Mac Niallais ann, chomh maith.
Thug Mac Fhearghusa caint inar leag sé amach ról agus gnó an Chonartha ó thaobh oideachas lánGhaeilge agus cearta teanga. Labhair Éamonn Mac Niallais faoin fheachtas Guth na Gaeltachta, a bhfuil tuairisc faoi thíos.
Shoiléirigh an tAire Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfeicfidh muid an plean roimh dheireadh na bliana  – dúradh le linn na seachtaine seo caite go mbeadh fógra suntasach ag teacht chun tosaigh Dé Sathairn, ráfla a láidríodh nuair a dúirt an Tánaiste, Máire Ní Chochláin go mbeadh dea-scéal ón áire roimh dheireadh na seachtaine..
Ach i gcomhthéacs an cháinaisnéis atá á ullmhú don mhí seo chugainn – Cáinaisnéis na gCiorruithe mar a thugtar air  – níor bhain sé le ciall go dtiocfadh ráiteas tábhachtach amach ag deireadh na seachtaine. Má tá aon ‘dea-scéal ag Ó Cuív do phobal na Gaeilge is cinnte go dtiocfaidh sé i ndiaidh agus mar mhaolú ar ciorraithe sa cháinaisnéis.

SPRIOC DE 250,000 CAINTEOIR
‘Sin uilig ráite, bhí cúpla smaoineamh suimiúil a tháinig chun tosaigh i Leitir Ceanainn. Dúirt Éamon Ó Cuív, mar shampla, nach leor an 83,000 duine a úsáideann an Ghaeilge mar theanga an bhaile in aghaidh an lae. Caithfear cur leis sin agus caithfear aistriú teanga ó ghlúin go glúin bheith ina bhonn lárnach don phróiseas sin, le cuidiú ón rialtas. Creideann sé gur féidir, fós féin, an sprioc a bhí aige féin (250,000 cainteoir Gaeilge) a  bhaint amach.
Labhair sé fosta faoi na hathruithe sa tsochaí agus a thuairim dá bhfuil i gceist nuair a deirtear “pobal na Gaeilge” Thagair sé don daonra Spáinnis i gcathracha sna Stáit Aontaithe agus fiú pobal na Polainnise in Éirinn. Is ‘pobal’ iad beirt, nach maireann béal dorais dá chéile ach a choinníonn caidreamh agus cumarsáid lena chéile agus a chinntíonn go mbíonn seirbhísí cuí ar fáil le freastal ar a gcuid riachtanais mar phobal ar leith.
I gcomhthéacs pobal na Gaeilge bhí sé ag labhairt ar lonnú naíscoil is bunscoil, meánscoil agus ollscoil, cumann iarscoile, cumann na n-óg, ionad cultúrtha agus iad uilig ar fáil don ‘phobal’, go háirithe i gceantair uirbeacha ar fud an 32 chontae.
Cuireadh roinnt ceist, i ndiaidh a léachta, ar cheist Phlean 2028 agus cad chuige go raibh sé le bheith teoranta don deisceart amháin. Dúirt sé nach bhfuil dualgas dlisteanach ar an Rialtas i mBaile Átha Cliath don Ghaeilge sa tuaisceart, rud nach bhfuil fíor níos mó i gcomhthéacs Comhaontú Aoine an Chéasta agus Comhaontú Chill Rímhinn ar ndóigh.
Rinne sé tagairt fosta don Aireacht Cultúr, Ealaíona agus Foillíochta sa tuaisceart agus an díomá a bhí air nár ghlac muid féin i Sinn Féin ná an SDLP cúram ar an Roinn CEF /DCAL. Thuig na héisteoirí áfach nach bhfuil rud ar bith chomh simplí leis sin. Ní féidir reachtaíocht ar bith a thabhairt fríd an Tionól gan tacaíocht ó na haontachtaithe sa Tionól. Ar an drochuair sin mar atá rudaí faoi láthair. Ní athróidh sin sa ghearr tréimhse...

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland