Top Issue 1-2024

29 October 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

 

 

 

 

 

 

 

 

I dtreo oideachais dálta-lárnaithe

An tseachtain seo caite labhair Caitríona Ruane, Aire Oideachais an Tuaiscirt sa Titanic Pump-House le grúpa ón earnáil oideachas inar phléigh sí ceisteanna oideachas iarbhunscoile, réamhscoile, an Teist Aistrithe agus oideachas trí Ghaeilge. San alt seo déantar achoimre ar na pointí is tábhachtach as óráid a bhí, gan amhras, tábhachtach agus ceannródaíoch do thodhchaí an rochtain do sholáthar an oideachais amach anseo.
“Tá mór athrú tábhachtach ar bun sa chóras oideachais faol láthair. I rith na mblianta fada sin sular cuireadh na hinstitiúidí comhaontaithe polaitíochta ar bun, bhí na hairí ó Londain ag larraidh conspóid a sheachaint agus rinne siad neamhaird den ghá a bhí ann le hathrú bunúsach sa chóras oideachais. Má tá feidhm ar bith le bheith ag na hinstitiúidí nua polaitíochta, caithfimid labhairt laoi na dúshláin mhóra seo; caithfimid athrú a thabhairt isteach i ngach gné den sochaí, go háirithe i dtaca leis an gcóras ársa oideachais de.’
D’admhaigh sí go raibh sé deacair, uaireanta, glacadh le hathrú agus gur thuig sí sin, ach go raibh athraithe de dhíth má bhí clár feabhsaithe ar mhaitheas oideachas daoine óga le bheith éifeachtach.
Bhí an tAire ag caint faoi Together Towards Entitlement – tuairisc na grúpaí pleanála ar bhunaigh sí anuraidh atá le seoladh go luath agus a leagfaidh amach léarscáil bóthair i dtreo córas comhionann iarbhunscoile a fhreastalóidh ar riachtanais cách.

I bhfad ó chaighdeán domhanda
Dúirt Caitríona go raibh daoine ann a mhaígh go raibh an córas oideachais ar ‘chaighdeán domhanda’, rud is léir, nach bhfuil ann. In ainneoin míreanna atá ar fheabhas tá go leor sa chóras a leathnaíonn an bhearna mhórghníomhaithe idir pháistí faoi mhíbhuntáiste agus daltaí saibhir.
‘Ligeann an córas atá againn do 4000 duine óg imeacht ón bhunscolaíocht gach bliain gan na scileanna bunúsacha litearthachta agus uimhearthachta acu atá de dhíth orthu le rochtain a fháil ar an gcuraclam fadréimseach iarbhunscoile. Níl sé seo inghlactha.’ arsa sí. ‘Sa bhliain 2008/09 d’fhág beagnach 11,000 daoine óga scoil (43.7% díobh siúd a d’fhág an scoil ina ndiaidh) gan cúig GCSE maithe, litríocht agus máta san áireamh.’
Dúirt an tAire go raibh an iomarca béim ar riachtanais na n-institiúidí faoi láthair seachas béim ar riachtanais na ndaoine óga agus go raibh athrú de dhíth agus go raibh sí chun cinntiú go raibh an t-athrú chun tarlú.

Uimhríocht agus litríocht do chách
Ag leanúint ar a polasaí “Every School a Good School” luaigh sí go raibh tuairiscí mar Achieving Belfast agus Achieving Derry móide bunú tascfhórsa um oideachas an lucht taistil curtha ar bun aici chun uimhríocht agus litríocht a fhorbairt. Dúirt sí chomh maith go raibh sí ag obair tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas le comhoibriú agus roinnt acmhainní a chinntiú agus chun tabhairt faoi tearcghnóthachtáil.
‘Tá ról tábhachtach ag Boird Gobharnóirí maidir le caighdeáin níos airde a chothú ‘arsa sí. ‘Caithfimid tacaíocht a thabhairt dóibh le cur ar a gcumas an fheidhm ríthábhachtach seo a chomhlíonadh. Tá obair ar an réimse seo faoi lánseol cheana féin agus beidh an tÚdarás um Oideachas agus Scileanna freagrach as dul chun cinn a dhéanamh ar an obair seo.’
Dúirt sí go raibh sé i gceist sa churaclam úr atá i bhfeidhm anois go mbeadh réimse scileanna agus réimse níos leathna cúrsaí agus roghanna ag daltaí. Cé go raibh cuid dul chun cinn déanta chuige seo go raibh brú anois an próiseas a bhrostú chun cinn. Bheadh rannpháirtíocht agus spreagadh daoine óga féin agus soláthar cúrsaí ar mhian leis na daoine óga féin a dhéanamh lárnach sa chóras seo ar bhonn rochtain comhionann.

Infheistiú chomhionann
Chain sí an córas mar a bhí, le hinstitiúidí i gcomórtas lena chéile d’acmhainní ach chan ar mhaitheas na ndaoine óga ag foghlaim iontu. D’fhógair sí go mbeadh infheistíocht de £718 ar scoileanna agus seirbhísí óga idir 2008 - 2011, agus go mbeadh £3.5 billiún d’infheistíocht idir anois agus 2018.
‘Tá sé riachtanach go bhfuil an mórinfheistiú seo san eastát oideachais i gcomhréir leis agus mar thacaíocht ag an gcreat beartais atá á chur i bhfeidhm agam. De réir mar a thagann forbairt ar phleanáil cheantarbhunaithe, beidh na polasaithe seo mar stiúradh ag athstruchtúrú an eastáit agus na pleananna infheistithe a éireoidh as sin. Mar Aire Oideachais. Caithfidh mise a chinntiú go soláthraíonn na hacmhainní substaintiúla atá á n-infheistiú againn faoi láthair, go soláthraíonn siad na torthaí is fearr do na páistí agus an luach is fearr don cháiníocóir.
Mar sin de, tá athbhreithniú ar na tionscadail atá a ndéanamh faoi láthair údaraithe agam lena dheimhniú go bhfuil siad ar fad i gcomhréir leis an gcreat beartais agus dá bhrí sin go mbeidh siad inmharthana san fhadtréimhse.’
Chomh maith leis sin, gur iarr sí ar na Cigirí a chinntiú go gcuimseoidh gach cigireacht a dhéantar as seo amach in iarbhunscoileanna, go gcuimseoidh siad fócas ar an rogha atá ar fáil do dhaltaí ag ceithre bliana déag d’aois agus iad ag ullmhú le dul isteach chuig an séú bliain – le fócas ar leith ar chomhleanúnachas na n-ábhar atá ar fáil agus ar an oideachas agus treoir faoi ghairmeacha atá ar fail le cuidiú leis na daltaí roghanna eolacha a dhéanamh.
Dúirt sí go raibh sé i gceist aici beart a dhéanamh chomh maith faoi oideachas na mblianta luaithe, réamhscoil. ‘Ba mhian liom a chinntiú go ndíreoimid isteach ar riachtanais shóisialta le gníomhú in aghaidh na míbhuntáistí a bíonn ag cuid mhór páistí mar gheall ar an áit a bhfuil cónaí orthu ann agus ba mhian liom a chinntiú go gcloítear leis na dualgais chomhionannais a cuireadh orainn faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus faoi Chomhaontú Chill Rímhinn.’

Ré an 11+ thart
Ag tagairt don Teist Aistrithe nó an 11+, cuimhnigh sí gur le blianta fada anuas, go raibh an Teist Aistrithe ag cur isteach ar an gcuraclam i mbunscoileanna. ‘Ba mhinic a tréigeadh páistí nach raibh an cumas acadúil céanna iontu mar gheall ar an Teist seo. B’ionann na teisteanna aistrithe agus braistint neamhábaltachta, diúltaithe agus teipe mar go raibh múinteoirí ag streachailt le roinnt páistí a ullmhú do chóras aistrithe a bhí go hiomlán lochtach agus éagórach. Bhí an córas sin freagrach as deighiltí agus neamhionannas a chruthú agus a chothú.
D’iarr sí ar na scoileanna gramadaí nach raibh ag leanúint a treora macnamh a dhéanamh arís ar a raibh ar bun acu agus gan a bheith ag cur brú agus tráma ar pháistí óga 10 mbliana d’aois leis a leithéid de scrúdú nuair a ba chóir go mbeadh gach páiste i dteideal don chaighdeán céanna oideachais ar bhonn chomhionann. Agus an nimh sín a bhí sa Teist Aistrithe curtha dínn, is féidir le gach páiste bheith ag dúil le comhionannas maidir leis an mbealach a gcaitear leo agus maidir leis an teagasc. Lena chinntiú gurbh amhlaidh an scéal seo, beidh soláthróirí luathbhlianta agus bunscoileanna níos cuntasaí as úsáid acmhainní agus as na torthaí oideachais a sholáthróidh siad, go háirithe na cinn sin a bhaineann le litearthacht agus uimhearthacht.’
Dúirt sí go raibh í ag súil, agus ag tabhairt an fhreagrachta ar bhoird rialaithe scoile, an caighdeán teagaisc ginearálta a fheabhsú agus go mbeadh tacaíocht ann do scoileanna ach go mbeadh na scoileanna freagrach as a dtorthaí.
Chríochnaigh sí le geallúint go raibh sí ag súil le tuilleadh forbairtí san earnáil gaelscolaíochta. ‘Ba mhian liom go ndéanfar níos mó dul chun cinn ar fhorbairt na Gaelscolaíochta, go háirithe i dtaca le moltaí forbartha ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta de, is ceist tábhachtach chomhionannais í seo do pháistí atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsaid mar chéadteanga.’


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland