Top Issue 1-2024

8 October 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Aonach na gCapall i mBéal Átha na Slua

Bhí scéal (den genre miotas uirbeach, b’fhéidir) ag cara liom an tseachtain seo faoi dhuine a raibh aithne ag duine eile a bhí ag aonach capall i rith an tsamhraidh. Bhí sé ag díol capaillín agus fad a’s go raibh sé ina sheasamh lena chapall tháinig fear eile chuige agus capaillín leis, á tharraing le rópa gorm. Bhí sé ag teacht ar 3.30, bhí an t-aonach beagnach thart agus ní raibh mórán díol ná ceannach ar siúl cé go raibh daoine ag spaisteoireacht timpeall, ó sheastán go seastán, ó mangaire go mangaire.
“An miste leat do lámh a chur ar an rópa seo domh’, arsa an strainséir, ‘tá mé ag dul go teach an asail agus beidh mé ar ais i gceann cúpla bomaite’. Thóg sé an rópa ina lámh agus d’imigh an fear eile leis i dtreo na leithris. D’amharc cara mo charad ar an nag, capaillín tanaí nach raibh mórán seans á dhíol agus cuma ocrach air. D’amharc sé suas-síos an tsráid, an fear a thug an téad dó caillte sna sluaite. Cúig nóiméad i ndiaidh sin ní raibh aon tuairisc de, agus deich nóiméad i ndiaidh sin ba léir nach mbeadh aon tuairisc de arís. Bhí sé imithe agus bhí an fear eile fágtha le capaillín, capaillín gan pháipéir, gan teastas, gan úinéir, gan bhia.

‘Sé an Geilleagar, a amadáin!
Casadh nua ar sheanchleas atá ann, ar ndóigh, ainmhí tréigthe nó fágtha ag duine soineanta nó chosnódh sé níos mó an capaillín a choinneáil (féar, agus bia don gheimhreadh srl) ná an béithí bocht a thréigeadh gan aon airgead a fháil dó. De réir mo chara tá luach na gcapall i ndiaidh titim go tubaisteach i mbliana go leibhéal nach bhfacthas le blianta. Capaill a bhí ar luach 9,000 gine sé mhí ó shin tá siad ar luach 4,000 gine anois. Ach tá an luach imithe as gach rud anois, ‘sé an geilleagar, a amadáin. Is dócha nach raibh capall na téada goirme riamh sa réimse sin ach fós féin tá sé deacair a chreidiúint go mbeadh duine sásta an capall a chaitheadh suas mar a rinneadh seachas a dhul sa seans agus é a choinneáil ar feadh cúpla seachtain go dtí an chéad aonach eile.
Béal Átha na Slua, mar shampla, aonach capall Deireadh Fómhair atá ar siúl an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn agus nach mbeidh aon radharc ná tuairisc de chúlú eacnamaíochta le feiceáil ann agus na milliúin de euro ag dul ó lámh go lámh gach lá den tseachtain seo.

Meringo – capall Bonaparte
Tá cáil ar an Aonach féin ar fud na domhain agus tá an baile ag súil le 80,000 cuairteoir le linn a seachtaine, cuairteoir a chaithfidh breis agus €8 milliún go háitiúil de réir meastachán dóchasacha. I measc na n-aonach capall in Éirinn tá cáil ar leith ag Béal Átha na Slua nó tá sé cloiste agam ó bhéal an chapaill féin, mura miste leat an cliche, gurb ann, fadó,  a cheannaíodh Meringo, an capall a bhí ag Napoleon ag cath Waterloo (rud a chuireann i gcuimhne domh scéal a chuala mé ó chara sa Fhrainc le déanaí.  Títear go raibh an Fhrancach seo a chuaigh ar shaoire go Londan. Ar fhilleadh dó d’iarr a chairde air cén sórt cathair a bhí ann. ‘Gálanta’ arsa sé (nó magnifique is dócha). ‘Ach bhí rud amháin ana-aisteach faoi’ a dúirt sé: ‘gach áit ar chuaigh mé bhí na sráideanna agus cearnóga is mó ainmnithe i ndiaidh treascairtí catha – Trafalgar, Waterloo...’ Gloine leath-fholamh, gloine leath-lán.
Cibé scéal de réir na staire bhí mangairí capaill ag díol agus ag ceannach capall don dhá thaobh sna cogaí Napoleonaigh san Eoraip ag Aonach Bhéal Átha na Slua, aonach atá beagnach dhá chéad bliain d’aois ó bunaíodh é i 1722.  Tá sé ar na haontaí is mó sa tír, ar na haontaí mar Aonach na Pocaide i gCiarraí; Aonach Lammas i mBaile an Chaistil, Cnoc Uarchoille (nó Spancil Hill) i gContae an Chláir agus araile.  Má’s capall cogaidh nó capall na síochána atá uait, tar go Béal Áth na Slua.

Iarsma RéamhChríostaí
Bhí na haonaigh seo i gcónaí bainte leis an sean-saol agus féilire réamhChríostaíoch, mar shampla titeann an féile Lammas leath-bhealach idir an grianstad samhraidh i Meitheamh agus an cónocht Fómhair i Mí Dheireadh Fómhair, (cosúil, is dócha leis an féile Imbolg atá leathbhealach idir grianstad an gheimhridh agus cónocht an Earraigh, i Mí Feabhra). Agus tá cuid des na haonaigh seo chomh-shean le sochaí na tíre, cé go gcuireann gach gluin againn giota beag leo nó giota beag a bhaint díobh.
Cé go bhfuil cuid de na margaidh áitiúla ar a chosa deirí le hathraithe i nósanna na tíre, agus i gcustaim na ndaoine tá fás ar na haonaigh mhóra – in ainneoin iarrachtaí ó am go ham ‘rialú’ a chur orthú. Tá rud thar a bheith eagraithe, agus ag an am céana ainrialaithe nó ainrialach fiú, faoi aonaigh mhóra. Agus, in aois seo eacnamaíocht an iar-thiogair, mar chuimhneacháin siar ar an slí go raibh muid tráth. Beidh lámha á gcroitheadh, beidh margadh a déanamh, beidh an corr argóint idir náimhde agus idir cairde agus beidh daoine ag iarraidh euro a bhaint den chuairteoir go dleathach nó go mí-dhleathach, go macanta agus go glic agus an rud seo ar fad ag titim amach ar fhaiche Bhéal Átha na Slua i lár an bhaile féin.
Spórt agus craic, agus fáilte roimh cách. 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland