Top Issue 1-2024

24 September 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Bun an Tolaide, 1969

Nuair a bhí mé óg chaithimís, na deartháracha agus mé féin, go leor ama amuigh i dteach mo sheanathar agus sheanmháthar in Ard Mhuire, trí mhíle ó dheas ó Chathair Dhoire. Uaireanta thógfaimis an bus amach, agus lá a chaitheadh ag rothaíocht agus ag siúl sna páirceanna agus ar bhruacha an Fhaughain, uaireanta ag dul ó Ard Mhuire go hArd Choill, go Geosadán, Coill an Lao agus ag casadh ag Droichead Bun an Tolaide don turas abhaile ar Bhóthar Ghleann Seáin agus tríd an tuar agus trasna an Faughan arís. Ní raibh a fhios againn ag an am ach bhí muid ag trasnú níos mó ná an Faughan: bhí muid ag trasnú teorainneacha  ar léarscáil seicteach-pholaitiúla a bhí leagtha síos i bhfad roimh ré agus a phléascfadh go luath arís i bhforéigean fíochmhar stat-fhaomhaithe.
An tseachtain seo caite craoladh Céad Seans le Cíara Ní Nualláin agus Róisín Mulford, duine amháin acu as Tiobraid Árainn agus an duine eile as Cill Mhantáin agus beirt, tá mé cinnte, nach raibh timpeall daichead bliain ó shin nuair a tharla eachtra Bhun an Tolaide, ach mar chéad seans don bheirt macléinn seo tá clár déanta atá spéisiúil, dea-léirithe agus fiú a saothair mar thaifead stairiúil.
Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil daichead bliain imithe ó laethanta an fheachtais um Chearta Sibhialta. Bhí mé 12 nuair a d’ionsaigh an RUC ar an mhórshiúl i Sráid an Diúic i nDoire i Mí Deireadh Fómhair 1968. Sé mhí roimhe sin bhog muid mar theaghlach ón sráid chéanna, Shráid an Diúic go nGabh na Scáile – bhí an tsráid le leagan agus bhí eastát nua tógtha i ndán dúinn ar Bharr an Chnoic. An bhliain chéanna, is dócha, bhí athraithe móra inár saolta mar a bhí athraithe móra ar fud an domhain. I bPáras faoi stiúr Danny Coen, ar champais ollscoileanna agus ar shráideanna Meiriceá bhí guthanna nua, agus modhanna nua um agóid á n-aimsiú: agóid in áit amháin ar son éileamh, agóid in áit eile in aghaidh polasaithe áirithe... agus i nDoire bhí muid páirteach, dar linn féin, sa ghluaiseacht domhanda seo.

Ceannairí agus ceannairí
Mar stocach óg ní raibh aithne agam ar na daoine móra a bhí i gceannas agus ag tabhairt ceannaireachta do ghluaiseacht na gCearta Sibhialta. Mar déagóirí, bhí níos mó bá againn do leithéid Eamonn Mc Cann, Michael Farrell, nó Bernadette Devlin ná do Fitt, John Hume nó Ivan Cooper. Agus bhí ceannairí eile ann, a cheap muid – go deimhin ba cheannaire agus ceannródaí é aon duine a labhair tríd megaphone nó ó chúl lorraí i gCearnóg an Guildhalla, leithéid de Fhionnbarra Ó Dochartaigh a labhair ar an chlár. Ach léirigh an clár go raibh daoine eile ann, réabhlóidí agus gníomhaithe, daoine a bhfuil cuimhní tábhachtacha acu fós ó na laethanta sin ach nár lean gairm an ghníomhaí polaitiúla i ndiaidh na laethanta domhanchritheacha sin idir 1968 agus 1971 nuair a thit réimeas Stormont agus nach raibh guth acu faoinar tharla tráth go dtí anois.
Sna míonna i ndiaidh Sráid an Diúic cuireadh cosc ar mhórshiúlta tríd Cathair Dhoire agus is cuimhin liom seachtain áirithe nuair a bhris grúpa i ndiaidh grúpa an cosc. Thóg na mná ó na monarcana léine tús áit lá amháin, lucht oibre na ndúganna an lá dár gcionn, daltaí scoile tráthnóna eile, micléinn, daoine dífhostaithe... Nuair a ghlaoigh ceannairí an fheachtais moratorium ar mhórshiúlta níor éist an óige leo. Bheartaigh micléinn Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste mórshiúl fáda, ar nós mórshiúl Selma-Montgomery i 1965, nuair a ardaíodh éilimh do chearta sibhialta mhuintir gorma Meiriceá. Bhí teannas idir ceannairí ‘coimeadacha’ an fheachtais lasmuigh an ollscoil leis na mic léinn agus a ngrúpa nua, Peoples Democracy, agus mar a dúradh ar an chlár, d’éirigh leis na Sóisialaigh Óga vóta a bhuachan san ollscoil a chinntigh go rachadh an mhórshiúil ar aghaidh le linn na céad-laethanta d’Eanáir 1969.
Béal Feirste go Doire. An léarscáil seicteach-pholaitiúil céanna arís ach ar scála níos mó le bailte seachas bailte fearainn, le turas tríd ceantair naimhdeacha a chreid a muintir iontu go raibh siad faoi ionsaí agus faoi léigear agus nach raibh sásta orlach a gheillstin do náisiúnaithe, do phoblachtaigh, don Róimh dar leo.

Gliomach san eangach
Ní raibh ach daichead acu ar an mhórshiúl ag an tús, cuid acu ina micléinn, cuid a bhí ag iarraidh iad a chosaint ar an bhóthar. Níl na hainmneacha ar fad luaite na laethanta seo, agus is trua b’fhéidir nach bhfuil leac cuimhneachán ann in Ollscoil na Ríona dóibh. I ndáiríre ní uimhir mhór é daichead – bhí 72 ag Fidel agus Ché nuair a thosaigh said amach in aghaidh Battista, agus bhí 184 san Alamo gan a bheith ag trácht ar an 300 Spartanach i mBearna Thearmopalaí. Má’s beag an uimhir is dócha go raibh an daichead soiléir faoina raibh uathu.  Deirtear go raibh Martin Meehan, nach maireann, ann, agus Frankie Doherty as Doire a chaith blianta i ndiaidh sin ar an agóid phlúide.  Bhí daoine eile ann a labhair ar an chlár: muintir Toman, agus Caoimhín Peatain, agus Tom Mc Gurk. Is ait an áit a gheofá gliomach. D’inis siad a scéal, scéal a bheadh dochreidte ach go raibh taithí beagnach 50 bliain roimhe sin ag daoine ar bhigideachas an RUC agus na Specials, agus taithí dhaichead bliain ó shin den sórt ‘póilíneacht’ a chuir siad in áirithint do phobal náisiúnach sna 6 Chontae. Ach fós féin tá sé deacair a chreidbhéal cé chomh hoscailte a’s a bhí an RUC sa chomcheilg ionsaí i ndiaidh ionsaí a cheadú ar na micléinn nach raibh airm, ná cosaint acu (agus mar gheall ar ghealladh gur mhórshiúl síochánta ó thús go deireadh a bheadh ann), nach raibh toilteanach fiú iad féin a chosaint dá mbeadh foréigean de dhíth le sin a dhéanamh.
Is cuimhin liom na laethanta go raibh an mhórshiúil ag déanamh a bhealach chugainn. Bheadh idir tuairiscí nuachta agus ráflaí ag dul timpeall. Ionsaithe agus frith-agóidí eagraithe ag Paisley agus Bunting, radharc an oirmhinnigh mhóir ina sheasamh, cóta gabardain bán, háta Ruiseach ar a cheann ag spochadh agus ag gríosú na sluaite oraisteacha chun an mhórshiúil a scrios. Agus ainmneacha na mbailte agus sráidbhailte gach ceann ag insint scéal difriúil, ar son nó in aghaidh, Aontroim, Baile Raghnaill, Tuaim mar a phléasc na dílseoirí dealbh Rodai Mac Corlaí tamall i ndiaidh sin; bualadh bos agus tacaíocht sa Ghuala Duibh ach líne oraisteach ag fanacht ag Machaire Rátha; cothú agus cairdeas ó mhuintir an tábhairne, an Ponderosa ar bharr na Gleanna Seáin agus ar aghaidh go Dún Geibhinn agus tuilleadh ciapadh agus constaicí ón RUC. Chodail siad an oíche dheireannach den mhórshiúil i gCloidí, níos lú ná fiche míle ó Dhoire ach bhí an chuid is measa le teacht fós idir na hionsaithe ag Bun an Tolaide féin, ábhar an chláir, agus ionsaithe eile ag Sráid na nÉireannach agus Ros Domhnaigh, agus arís ar Bhóthar Spencer agus fiú ar Shráid Eoin ar thaobh na cathrach.

Pápa, Muire agus Bastaird d’Fhíníní
Ag aois 13, seachtain i ndiaidh mo bhreith-lá d’fhoghlaim mé níos mó ar an lá sin faoin stát oráisteach ná ar aon lá nó laethanta eile. Le m’athair agus mo dhearthair, rinne muid iarracht casadh ar an mhórshiúil taobh amuigh de Dhoire, i ndiaidh Bun an Tolaide (bhí na tuairiscí nuachta ag rith mar lasracha timpeall an cheantair) ach bhí na bóithre dúnta. Thug muid aghaidh ar Bhóthar Dún Geibhinn, sa chathair, agus shiúil muid i dtreo Sráid na nÉireannach, ag baint an luíochán amach ón treo ó thuaidh agus na micléinn, gortaithe, scanraithe, ag cur fola, ag teacht isteach ón taobh ó dheas. Thit na mílte clocha agus buidéal agus diúracháin de gach sórt anuas orthu mar stealladh báistí fuath agus tcím iad go fóill ag rith chugainn, aghaidheanna clúdaithe le fuil, fír óga ag iompar cairde, cailíní leo ina lámha mar pieta ar chosa agus an torann d’aer lán le screadaíl faoin Phápa, faoin Mhaighdeán Mhuire, faoi Bhastaird d’Fhíníní. Fúinne.
Ar ndóigh i ndiaidh sin leanadh leis na hionsaithe ar Bhóthar Spencer, na clocha ag titim ó bharr an tsean-chairéal, an RUC ag comhoibriú leis na hionsaitheoirí, ag cuidiú leo, ag meascadh leo. Agus i ndiaidh an Guildhall a bhaint amach, ionsaithe eile ó na sluaite dílseoirí ar shráid Cé an Loing agus an oíche sin ionruathar ar Thaobh an Bhogaidh. Agus is ábhar staire, mar a deir siad, an chuid eile den scéal.
Luaitear an mhórshiúil Eanáir 1969 agus na hionsaithe uirthi, mar an splanc a las a tine a chuir deireadh leis an stát aontachtóireachta agus b’fhéidir gurb é. Ach tá rud amháin cinnte, gurb é crógacht agus idéalachas na glúine sin de mhicléinn a thóg muid ar fad trasna droichead meafarach nuair a chuaigh siad trasna Droichead Bun an Tolaide, trasna go dtí tuiscint nua nach raibh aon chasadh siar uaidh. Táimid i bhfiach don ghníomh a rinne siad daichead bliain ó shin, as a gcrógacht agus a ndíogras. Is mall ach is fiú agus tuillte an t-aitheantas a thugann an clár seo dóibh.

But Freedom shines before us, lads
We’ll seek it day by day
And if we strive and persevere
She’ll meet us half the way.

Then courage boys, the day will come
To soothe our toil and pain
We’ll lift no hand or weapon
Their anger to inflame.

So join with head, with heart and hand
And drive despair away
Better times are coming friends
We’ll march and win the day.
ó The Burntollet Ambush,
The Men of No Property

Na mic léinn faoi ionsaí ag Bun an Tolaide  

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland