Top Issue 1-2024

17 September 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Naisc leis an Diaspora

Ar na gearáin is mó a rinneadh in aghaidh rialtais agus rialtas Bhaile Átha Cliath ó bhunú an stáit bhí an gearán gur threig an stát na hÉireannaigh a chuaigh ar imirce ón tír seo go Sasana, Meiriceá agus áiteanna eile ar fud an domhain. Ag am nach raibh poist ná deiseanna sa tír, díbríodh na mílte mílte Éireannaigh thar sáile ag lorg fostaíochta agus ioncam lena dteaghlaigh a choinneáil le chéile ar ais in Éirinn. D’imigh siad ó gach cearn den tír, thuaidh, theas, thoir agus thiar, Gaeltacht agus iarGhaeltacht araon, agus chaith na mílte acu saol fada oibre i bhfad ó Chríocha Fodhla ach i gcónaí ag cuimhneamh siar ar an áit dúchas.
Is dócha gur beag teaghlach in Éirinn nach bhfuil gaol acu in Albain, i Sasana nó i Meiriceá (nó in áiteanna atá níos fuide ón tír san Astráil, Nua Séalainn agus mar sin de). Agus is iontach an rud é gur choinnigh go leor de na hÉireannaigh seo teagmháil rialta, leanúnach, le hÉirinn agus leis an saol in Éirinn. Bhí naisc áirithe, éagsúla ar an slabhra a choinnigh iad linn:  féilte, nuachtáin áitiúla mar an Mayo News, Donegal Democrat, Kerryman – iad ar fad ag díol níos mó cóipeanna thar lear ná na mar a dhíol na nuachtáin náisiúnta Éireannacha riamh thar lear. Thugtaí agus tugtar go leor béime chomh maith ar ghnéithe cultúrtha mar dhamhsa agus spóirt agus is dócha go raibh amanna ann nuair a bhí níos mó ranganna damhsa, agus coistí Comhaltas Ceoltóirí Éireann gníomhach lasmuigh na tíre seo ná mar a bhí laistigh an 32 chontae.

Tús le brúghrúpa
Tamall de bhlianta ó shin, áfach, cuireadh brúghrúpa le chéile le héilimh na n-éisimirceach a fhorbairt agus rinneadh cúpla cláracha teilifíse a thaispeán cé chomh suarach a’s a bhí saol laethúil na seanÉireannach a bhí fós thall i Sasana ach nach raibh poist acu, ná teaghlach dá cuid féin ná naisc gur fiú trácht orthu leis an tír seo seachas dílseacht agus cuimhní cinn. Ní raibh an tír seo ag déanamh dada dóibh agus bhí glúin  acu ag fáil bháis i mbedsits i Sasana gan an stát ag aisíoc leo as na híobairtí a rinne siad le linn a saolta, ag saothrú thall ach ag cur bia ar thablaí sa bhaile anseo lena liúntais sheachtainiúla.
Bhí sé thart faoin am sin a thosaigh grúpaí in Éirinn ag síneadh amach na láimhe cairdis chuig grúpaí thall, agus ag iarraidh iad a cheangail isteach le fís agus pleananna na ngrúpaí abhus le siúd thall. I measc na ngrúpaí agus eagrais a rinne an ‘síneadh amach’ seo bhí Glór na nGael a bhí díreach i mbun comórtas idirnáisiúnta (Global Gaeilge) a chur ar bun chun freastal ar na grúpaí Gaeilge thar lear a bhí ag cur ranganna ar fáil nó ag iarraidh na Gaeilge a chur chun chinn i measc an phobail Éireannaigh thall. Agus ar feadh ceithre nó cúig bhliana tá an comórtas sin ag dul ar aghaidh, agus daoine ó fhoireann Ghlór na nGael ag taisteal chuig comhdháil/tionól i bhFrankfurt (2007) agus Nua Eabhrac agus Ceanada (2008) le spriocanna a phlé leis an diaspora agus an Ghaeilge a chur chun cinn.

Lá Oiliúna do ghrúpaí sa Bhreatain
An tseachtain seo chuaigh thart tógadh an mhisin seo, (le teaghmháil a choinneáil leis na coistí i Sasana)  go dtí leibhéal eile nuair a d’eagraigh Glór na nGael lá oiliúna agus malartú scileanna  do na coistí i Sasana agus in Albain agus is léir go raibh ráth ar obair an lá. De réir dealramh tá na grúpaí Gaeilge sa Bhreatain chun dul i mbun comhoibriú a dhéanamh ó seo amach le dúshláin chomónta s’acu a shárú. Tá siad ar fad ag feidhmiú faoi na dúshláin airgeadais céanna, ar ndóigh, nó tá an maoiniú a bhí ann le cúig bhliain anuas ón Roinn Gnóthaí Eachtrannaigh ag drithliú – díreach nuair a bhí torthaí le feiceáil ar obair na gcoistí deonacha –  ach dar leis na coistí féin tá níos mó ná dúshláin airgeadais i gceist. Go minic bíonn na coistí seo ag feidhmiú gan aidhm chomónta agus nuair a bhí siad ag lorg maoinithe roimhe seo ó ambasáid na hÉireann i Londain, is ar bhonn aonarach (seachas mar ghrúpa) a deonaíodh airgeadh dóibh.
Ag caint leis tar éis an imeachta, dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann gur ábhar sásamh é do lucht eagraithe an lae oiliúna ‘gur aontaigh na grúpaí sa Bhreatain leanúint leis an idirphlé’.


Plean Coitianta agus chomhchoiste
D’aontaigh na coistí (a raibh ionadaíocht ó go leor áiteanna i láthair ina measc siúd as Londain, Manchain, Learpholl, Coventry agus Glaschú) go mbunófaí coiste sealadach agus é mar rún aige cruinniú eile a ghairm gan mhoill le tosaíochtaí agus clár oibre a aontú ach aithnítear chomh maith na deacrachtaí a bhaineann le plean coitianta a aontú do limistéar atá chomh mór sin a shocrú idir na coistí.
Is fiú dóibh féin a chuimhneamh, áfach, go bhfuil siad ag imirt rólanna tábhachtaí ag an am seo agus go dtiocfadh leo a bheith mar cheannródaithe ag ullmhú daoine don turas ar ais go hÉirinn. Bhí an t-am ann nuair a bhí sé deacair do go leor daoine teacht ar ais – iad‚ pósta, le páistí ar scoileanna, iad ag amharc ar an chostas le ticéad a cheannach, iad ag comhaireamh na ndeiseanna thall in aghaidh na deiseanna sa bhaile. Ach leis an chúlú eacnamaíochta tá cuid mhaith de na buntuiscintí sin athraithe agus tá daoine níos solúbtha anois  chun filleadh abhaile. Nach bhfuil ról ag na grúpaí Gaeilge, mar sin, a bheith ag eagrú ranganna, agus ag ullmhú daoine a bhfuil páistí acu, don turas abhaile, don fhilleadh ar scoil agus Gaeilge ar an churaclam agus don ath-thathú i ngnáth shochaí na tíre.
Ach tá na grúpaí ag cur béime ar níos mó ná ‘filleadh abhaile’. Cuid de na daoine seo, tuigeann siad gur beag seans go mbeidís féin ag athlonnú riamh in Éirinn ach tá siad sásta maireachtáil mar Gael-Éireannaigh i sochaí iolchultúrtha na Breataine. Mar a dúirt mé níos luaithe san alt seo bhí na laethanta ann nach raibh spéis ag rialtas Bháile Átha Cliath sna daoine seo, a cheap go raibh siad ‘treigthe’ ag a rialtas féin. Tá a baol ann anois, le tuairisc Mhic Chárthaigh ag moladh go ngearrfaí siar ar airgead a bhí curtha ar fáil do ghrúpaí Éireannach i Sasana, go dtreigfí arís iad. Níor chóir dúinn ligean do sin a tharlúint: is maith an rud é go bhfuil na grúpaí agus eagrais dá n-ullmhú féin cheana féin.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland