Top Issue 1-2024

10 September 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Cuid den slua a chruinnigh ó gach cearn den tír sna Forbacha

Cuid den slua a chruinnigh ó gach cearn den tír sna Forbacha

Freasúra ag fás in aghaidh Mic Cárthaigh

Tráthnóna Dé Chéadaoin seo chuaigh thart chruinnigh na sluaite mná tí in Ostán Chois Fharraige sna Forbacha, Co na Gaillimhe lena míshástacht a léiriú ar cheist na gciorrúchán atá molta i dTuairisc Bhord Snip Mhic Chárthaigh. ‘Slógadh’ a bhí ann le breis agus 500 i láthair agus is fíric í gur chruinnigh siad agus gur thaistil siad ó gach cearn den tír a bheith páirteach san agóid.
Fuil bheatha na Gaeilge is iad na mná tí seo i go leor bealaí, nó is iadsan a chuireann spás ar fáil do na Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí sna coláistí samhraidh éagsúla i rith an tsamhraidh. Eagraíodh an cruinniú ag Concos, (Chomhchoiste na gColáistí Samhraidh) le deis a thabhairt do urlabhraithe na mban tí impleachtaí na tuairisce a mhíniú do thodhchaí na Gaeilge. má a chuirtear deireadh le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Eagraíodh an cruinniú idir Concos agus an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív TD agus i mbealach, chuir sé le floscadh na n-ullmhúchán nuair a d’iarr an tAire an cruinniú a chur siar lá amháin nó bhí lá breis ann a chinntiú go raibh deis ag na mná tí a theacht go Conamara, iad ar fad armtha le póstaeir agus meirgí agus t-léintí agus gansaithe allais le hainmneacha na gcoláistí sofheicthe orthu.
Ó Ghaoth Dobhair go Conamara
Rinne Gráinne Mhic Géidigh an turas le mná tí Ghaoth Dobhair agus Tír Chonaill. Ag tús mí Lúnasa d’eagraigh sí a mhacasamhail de chruinniú i nGaoth Dobhair agus dúirt sí “gur cheist phráinneach í do mhná tí i dTír Chonaill drochthorthaí a thiocfaidh as na ciorrúcháin seo. Tháinig sí le hionadaithe ón cheantar chuig an chruinniú sna Forbacha chun tuairimí an phobail ó thuaidh a léiriú.
Dúirt sí gur imigh busanna Gort a ‘Choirce go luath  ar maidin sin ag a seacht a chlog agus is dócha gurbh amhlaidh an scéal i gceantair eile nó bhí póstaeir ann ón Rinn, ó Ráth Chairn, ó Chorcaigh ó Chiarraí, ó Mhaigh Eo agus gan amhras ó Chontae na Gaillimhe féin.
Bhí taidhleoireacht láidir i láthair ó cheantar Eachléim agus Iorras i Maigh Eo agus dúirt urlabhraí ó Choiste Mná Tí Mhaigh Eo, Máire Ní Neachtain go bhfuil “mná Tí Iorrais agus Contae Mhaigh Eo ar mire toisc go bhfuil moltaí Tuairisc Mhic Charthaigh ag cur todhchaí na Coláistí Gaeilge agus na Gaeltachtaí iad féin, i gcontúirt.”

Ceisteanna Eacnamaíochta
Is ceist eacnamaíochta chomh maith le ceist teanga atá ann nó de réir figiúirí CONCOS caitheann an stát níos lú ná €5M ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge faoi láthair ach go mbíonn gníomhaíochtaí eacnamaíochta de €50 á chothú sna Gaeltachtaí dá bharr an chaiteachais sin. Íoctar deontais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann cóiríocht ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge le linn dóibh bheith ag freastal ar chúrsaí Gaeilge. Cuirtear an cúnamh seo ar fáil chun cabhrú le muintir na Gaeltachta foghlaimeoirí Gaeilge a choimeád ar íostas ina dtithe cónaithe, mar a mbeidh deis acu teacht isteach ar bhlas agus líofacht nádúrtha na Gaeilge.
Caitheann na daltaí féin airgead, caitheann na tuismitheoirí airgead, agus is iomaí acu siúd a chaith laethanta taitneamhacha foghlama sa Ghaeltacht agus iad ina ndéagóirí a fhilleann ar an cheantar agus iad níos sine agus le níos mó airgead sa phóca. Ach de réir Mic Cárthaigh ní fiú, nó ní gá, a leithéid de chúnamh a bheith ann a thuilleadh. Ní aontaíonn na mná tí leis, ar ndóigh.
Díreach roimh shlógadh na mban tí eagraíodh cruinniú eile ag an ghrúpa G-fórsa, grúpa a tháinig le chéile sa Cheathrú Rua don chéad uair mí ó shin le ‘g-spóireacht’ a eagrú faoin damáiste a dhéanfaí dá nglacfaí le moltaí an Bhoird Snip. ‘Sé Trevor Ó Clochartaigh urlabhraí G-Fórsa, fronta leathan de dhaoine ó thuairimí polaitiúla éagsúla, cuid acu bainte le páirtithe, cuid nach bhfuil ach a aontaíonn go gcaithfidh an fód a sheasamh in aghaidh na gciorrúchán.

Feachtas an ghrúpa oibre
Aontaíodh go mbunófaí grúpa oibre ó na páirtithe leasmhara chun na moltaí a tháinig ón dá chruinniú a chur chun cinn. Bhí plé ann faoi thodhchaí na Roinne féin a dhéilíonn le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, agus d’aontaigh an cruinniú nár chóir glacadh le laghdú ar Roinn faoi leith don Ghaeltacht  ná deireadh a chur le hAireacht Sinsearach a bheidh freagrach as cúrsaí Gaeilge & Gaeltachta.
Ach bhí easpa eolais ar dhaoine faoi phleananna an Aire maidir le todhchaí na Gaeilge sa tréimhse romhainn. Níl an straitéis don chéad 20 bliain foilsithe fós cé go bhfuil bliain ann ó chríochnaigh an próiseas um bailiú tuairimí na ndaoine faoi. Aontaíodh le heileamh go bhfoilseofaí an Straitéis láithreach agus go mbeadh próiseas fiúntach comhairliúchán ina leith. Ghlac an cruinniú leis an mholadh gur chóir go mbeadh pé cinntí buiséid a dhéantar ó thaobh na Gaeilge bunaithe ar an straitéis sin.
Rinneadh go leor plé faoi chúrsaí oideachais agus bhí an cruinniú glan in aghaidh moltaí le deireadh a chur le COGG – an Chomhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta. Dearbhaíodh nár chóir ghlacadh le haon mholadh ón mBord Snip Nua a lagódh cúrsaí oideachas Ghaeilge/Gaeltachta agus nach gcuirfear deireadh le COGG.
Cáineadh na moltaí atá i dTuairisc Bhord SNIP le deireadh a chur le ról tionsclaíoch Údarás na Gaeltachta ar an bhonn nach dtuigfeadh, nó nach mbeadh aon bhá ná tuiscint ag an IDA ar riachtanais na Gaeltachta. (Mar chruthúnas simplí ar sin ní gá ach cuairt a thabhairt ar shuíomh an IDA atá ar fáil i mBéarla, Gearmáinis, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis, Sínís, Seapáinis ach focal ar bith Gaeilge ní fheicfidh ann!)

Comhdháil eile i Mí Mheán Fómhair
Tá feachtas G-fórsa ag leanúint ar aghaidh anois le feachtais stocaireacht ar pholaiteoirí, agus gníomhaíocht chomhaontaithe ag na rannpháirtithe leasmhara a thacaigh leis an fheachtas ag an chruinniú. Mar chuid de seo eagrófar Comdháil aon lae roimh deireadh Meán Fómhair ag a bpléifí obair na n-eagras Gaeilge & Gaeltachta agus go gcuirfí an cás i gcoinne moltaí Mhic Chárthaigh os comhair an phobail. Thabharfaí cuireadh do na polaiteoirí chuige seo agus beidh deis ann do na heagrais féin a mhíniú cad iad na himpleachtaí ar a gcuid oibre, agus ar an Ghaeilge, a thiocfadh as feidhmiú Thuairisc Mhic Chárthaigh.

Trevor Ó Clochartaigh le Gráinne Mhic Geidigh ag an slogadh in aghaidh Tuairisc Bord Snip 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland