Top Issue 1-2024

15 May 1997 Edition

Resize: A A A Print

Stráitéas nua do na hoileáin

     San alt seo molann Mike Egan, iarrthóir Shinn Féin in Iarthar na Gaillimhe, stráitéis nua d'oileáin na hEireann.
      Ar Arann, ar Inis Mór, Inis Meán agus Inis Oírr anuraidh, meastar go raibh suas le 200 000 turasóir
Is oidhreacht de shaghas ar leith iad oileáin na tíre seo agus níl aon amhras ná go bhfuil na hoileáin ag tarraing na mílte turasóir chuig an tír seo bliain ina dhiaidh bliana. Ach cé tá ag baint buntáiste as seo? Le blianta beaga anuas tá muintir Arainn ag iarraidh scéim uisce agus dabhach taisce agus cé go bhfuil forbairt déanta ar an cheist achrannach seo b'fhada a d'fhulaing siad gan é. Agus cuimhnímis ar na seachtainí tirime le déanaí. Ar lámh amháin cuirtear fáilte roimh a leithéid d'aimsir ach, taobh istigh de chúpla seachtaine bíonn daoine ag tabhairt amach faoin triomach agus an ganntanas uisce sa tír. Má's olc an fhadhb istíre, is measa fós an fhadhb seo ar na hoileáin agus d'fhulaing muintir Arainn miontriomach cheanna i mbliana.

Ach, murach an dea-aimsir, ní bheadh cuairteoirí. Is gaiste atá ann agus tuigimid go léir cé chomh thabhachtach is atá na cuairteoirí agus na turasóirí... ach mura bhfuil straitéis sóiléir ann do thurasóirí agus iombualadh na turasóireachta, ní tamhnach ach díthreamh a bheas sna hoileáin.

Féach ar Inis Bó Finne, mar shampla. Anúraidh bhí breis agus 20 000 `turas' don oileáin. Ar an mheán, níl ann ach 55 duine in aghaidh an lae ag dul trasna agus ar an mheán ní chuirfeadh sé sin isteach ar an oileán. Ach níl `meán' i gceist. Níl ach cupla céad duine ina a gcónaí ann go lán aimseartha. Nuair a thagann 55 duine, méadú de 25% Is tuile atá ann, nó bíonn fórmhór na gcuairteoirí ag teacht i dtír sna míonna ó Bealtaine go Lúnasa. Agus leo-san, tagann fadhbanna breise. Bíonn bruascar breise ar an oileán (nach bhfuil glantóir Chomhairle an Chontae fostaithe ann fiú), agus bíonn éileamh breise ar uisce an oileáin. In áit `liúntas' a bhronnadh ar daoine a chónaíonn ar oileán mar é, nár fhearr bunseirbhísí agus infheistíocht ar áiseanna a mhaoiniú? Agus nuair a mholaím seo, nílim ag teorannú mo mholtaí don oileán féin, ach don cheangail agus gaoltas atá ann idir an oileán agus an tír mhór. Tá go leor le déanamh fós chun na riachtanaisí a chomhlíonadh dona daoine mar phobal sulma dtosaíonn muid ag labhairt faoi airgead a bhronnadh ar an duine aonar. Cad is fiú bord tuirlingthe ar an oileán anois le haghaidh heilecaptair, mar atá ar Inis Bó Finne, mura bhfuil heileacaptar ar fáil san iarthar? An bhfuil bunáit heileacaptar i gcampa Fionnair i nDún na nGall cóngarach go leor nó nár chóir go mbeadh heileacaptar tarrthála i Muigh Eo ag tabhairt aire don iarthar?

Agus ar Arann, ar Inis Mór, Inis Meán agus Inis Oírr anúraidh, meastar go raibh suas le 200 000 turasóir ag tabhairt cuairte ar na hionad áille sin. 200 000 duine breise ar oileáin a bhfuil daonra de 2 000 de gnáth. Agus mura bhfuil go leor seirbhísí ann don daonra gnáthach an bhfuil caoi ar bith go mbeadh an infrastruchtúir in ann chur suas le ionruathar den saghas seo gan mórfhorbairt phráinneach? Níl. Agus ní hionann airgead sa lámh ná sa phóca agus cúiteamh do mhuintir na n-oileán as an cuir isteach a fhulaingíonn siad don chuid eile den bhliain.

Is ionann na hoileáin agus léacht náisiúnta, rud, is dócha, a n-aithníonn na turasóirí níos mó ná na hÉireannaigh féin. Is eachtrannaigh iad formhór mhór na dturasóirí a thugann aghaidh ar oileáin an iarthar, oileáin an tuiscirt agus na hoileáin eile. Ach go minic, is turasóirí aon lae atá iontu agus cé go gcuirimid fáilte Uí Cheallaigh rompu, caithfear a admháil nach gcuireann turasóirí morán ar ais in eacnamaíocht na n-oileán. Tarlaíonn sé seo ar dhá fhath: sa chéad dul síos níl siad ann ach ar feadh tamaill ghiorra, agus sa dara áit, ní mór a rá, ní bhíonn turasóirí sasta tuilleadh a chaitheadh ar oileán tar éis costas an turais féin. Breathnaíonn go leor acu ar an chostas sin mar saghas `táille isteach'. Ach ní théann an t-airgead sin isteach geilleagar na n-oileán.

Cé reiteach atá ann don fhadhb seo? Creidim gur chóir `fortháille' a ghearradh ar chuile turasóir a théann ar oileán. Costas beag a bheadh i gceist anseo ach táille de chinéal gur féidir a chur ar ais do mhuintir na n-oileán in áit do phocaí lucht gnó. Tá na comhlachtaí bád farantóireachta agus éitleáin ag déanamh go leor airgid as na turasóirí agus ní féidir liom smaoineadh faoi aon mhonaplacht sa tír seo níos eifeachtaí ná turais go hoileán. Ach caithfear tacaíocht a ghearradh dona hoileáin astu siúd a théann go dtí na hoileáin, nó is iad-san a bhaineann an tairbhe is mó as na hoileáin.

Anúraidh 200 000 turasóir siar go hArann. Nuair a déantar meastúcháin ar an damáiste a dhéanfadh sluaite móra mar sin ar fhoinsí uisce agus ar timpeallacht na n-oileán, níl aon amhras ná gur chóir do na turasóirí cuidiú le infrastruchtúir na n-oileán a chaomhnú agus a fhorbairt. Níl aon dabht ach an oiread gur chóir do na comhlachtaí taistil cabhrú le geilleagar na háite ina bhfuil siad ag tabhairt cuairteoirí. Agus, mar gheall ar iargúltacht oileáin, mar gheall ar an srian atá ar bhealach isteach ann, ní bheadh sé do-dhéanta an fortháille seo a chur i bhfeidhm - b'fhéidir mar chuid den táille ticéad báid ná eitleáin.

Seo airgead breise dona hoileáin atá i gceist agam. Agus nílim ag moladh go rachadh an t-airgead isteach sparán an rialtais ná sparán an rialtais áitiúla. Táim ag moladh go mbeadh Choiste Forbartha an Oileáin nó a leithéid de choiste, i mbun dáileadh an airgid ar scéimeanna fóirsteánacha ar an oileán. Sin é, dar linne, an bealach is fearr, an bealach cuí, le beatha agus staid na n-oileánach a fheabhsú agus le meas a chothú i measc turasóirí gurb é oileáin beo agus ní zú daonna ar a bhfuil siad ag tabhairt cuairte.


Baintear an t-ualach impiriúil de Shasana



Is mór an spórt í an pholaitíocht thoghchánaíoch, scaití. Tá mé fós ag ól sláinte mhuintir Enfield Southgate a bhronn Gradam na Bróige ar an seineafóbeach sár-Shasanach úd, Senor Michael Xavier Portillo. (Fear ceart a bhí ina athair siúd, dála an scéil, fear a dhíbir Franco ón Spáinn.) Is fada ó chaith mé oíche chomh pléisiúrtha sin.

Dúirt an scríbhneoir Meiriceánach Franklin P. Adams tráth: ``Elections are won by men and women chiefly because most peole vote aginst somebody rather than for somebody.'' Is í an chomhairle atá agam do Tony Blair an abairt sin a scríobh síos agus a ghreamú dá dheasc. Rabharta mór feirge in aghaidh na dTóraithe a scuab isteach in Downing Street é. Má dhéanann Blair aithris ar pholasaithe na dTórtaithe, faoi bhréagriocht ``stíle'' nua, blasfaidh sé an fhearg chéanna amach anseo.

Ní féiudir go bhfuil polaiteoir ar domhan nach dtosaíonn ag seilú nuar a smaoiníonn sé ar a mhéad agus atá tromlach Blair. Tá deis ag an mBlárach pé cuspóirí atá aige a bhaint amach beag beann ar bhrúghrúpaí. Má thoilíonn sé é is féidir leis Sasana a fhuascailt óna ualach impiriúil agus tír dhaonlathach fhorásach a dhéanamh de.

Cuireann torthaí na dtoghchán i mBéal Feirste Thiar agus Lár Uladh teachtaireacht go Sráid Downing: ``Níl ceist na hEireann bailithe léi, bíodh fhios agat'' (Más ceadmahach dom lagaithris a dhéanamh ar bon mot Uachtarán Shinn Féin). Bhí (nach álainn an aimsir í an aimsir chaite!) meas madra ag na Tóraithe ar mhhintir na hEireann, idir náisiúnaithe agus aontachtaithe. Ní raibh gauleiteren Pháirtí an Lucht Oibre mórán níos fearr. An chuimhin leat Roy Mason?

Ait éigin in Whitehall tá comhad den teideal ``Ireland: disengagement - tentative arrangements.'' B'fhiú don Phríomh-Aire nua fios a chur air.

Tá gné eile den olltoghchán a bhí fíorstairiúil. Den chéad uair riamh níl oiread is feisire amháin ag an bPáirtí Coimeádach in aon tír Cheilteach. Vótáil tromlach mór an phobail in Albain agus sa Bhreatain Bheag ar son páirtithe atá go foirmeáilte ar son féinrialtais de chineál éigin. Tá mionlach láidir in Albain go háirithe a bhfuil neamhspleáchas glan uathu. Sa Bhreatain Bheag is é Plaid Cymru guth an tromlaigh sa Bro Gymraeg (limistéar na Breatnaise) agus is é an tasc is mó atá rompu nasc a bhunú le traidisiún sóisialach dheisceart na tíre sin. Fiú sa Chorn theilg an 1,906 vóta a fuair Mebyon Kernow is airde ó aicme na n-iarrthóirí imeallacha isteach in aicme na ``mionpháirtithe'' iad. Tá fhios agam go bhfuil sé i bhfad faoi bhun an 126,921 vóta a fuair Sinn Féin ach tiocfaidh as an malrach sin.

Rinneadh iarracht náisiúnacht thacair ``Bhriotanach'' a bhrú ar mhuintir na n-oileán seo. Threisigh na meáin thablóideacha leis an gcoinceap san aois seo. Tabhair faoi deara nár ghéill aicme thiarnais Shasana don chur i gcéill seo. ``Sasanach'' seachas ``Briotanach'' a bh´8ionn ina mbéil siúd nó ina gcuid scríbhinní. Is fiú an difríocht téarmaíochta seo a thabhairt faoi deara idir na páipéir thablóideacha agus na nuachtáin ``ardchaighdeáin.''

Lig na Tóraithe an cat as an mála san fheachtas olltoghcháin nuair a bhí siad ag cur na cosa díobh faoin bhaol ina raibh ``oidreacht pharlaiminte 800 bliain.'' Is léir óna gcroineolaíocht gurb é Westminster an pharlaimint Shasanach - seachas Briotanach - ina n-intinn siúd. Fiú Bambi (mar a thugann a chairde ar Tony Blair), rinne sé amadán de féin lena rá ``Sovereignty remains in me as an English MP.'' Níor chuala sé fós, is cosúil, faoin bprionsabal daonlatach seanbhunaithe gur faoi gach náisiún atá sé a chinniúint féin a shocrú. Ach cloisfidh. Ar m'anam, cloisfidh.

Le Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland